Radius
Dec 4, 2020

Comhrá le Cathal: Léirmheas ar Úrscéalta á Reáchtáil ag IMRAM ar Líne

Beidh an láithreoir Cathal Póirtéir i gcomhrá le Tristan Rosenstock, Anna Heussaff agus Aonghus Ó hAlmhain.

Yu Hua ChaomhánachContributing Writer
blank

Mar is eol do chách, tá athruithe tagtha ar chúrsaí an lae inniu. Ní haon eisceacht í Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath agus IMRAM Féile Litríochta na Gaeilge a reáchtáilfear ar líne den chéad uair. I measc na n-ócáidí i mbliana, beidh “Comhrá le Cathal: Novels Reviewed” ar siúl ar 6ú Nollaig ag 1 i.n. ar feadh uaire. Meallfaidh an t-imeacht seo daoine le spéis sa Ghaeilge agus sa litríocht chomh maith.

Beidh Cathal Póirtéir mar láithreoir an imeachta, ag labhairt le painéal d’aíonna – Tristan Rosenstock, Anna Heussaff agus Aonghus Ó hAlmhain. Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir, a scríobhann trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla freisin. Is láithreoir raidió agus teilifíse é Tristan Rosenstock, scríbhneoir Gaeilge í Anna Heussaff agus innealtóir bogearraí agus tráchtaire é Aonghua Ó hAlmhain, i measc rudaí eile.

Dar leis an Dublin Book Festival, beidh atmaisféar an imeachta “siamsúil, cairdiúil agus so-aimsithe”, rud a léiríonn “cruthaitheacht agus pearsantacht na n-údar”. Is é misean IMRAM ná “scríbhneoirí agus léitheoirí– ach go háirithe léitheoirí nuachta– a thógáil le chéile”. Beidh feachtas #AskAnAuthor i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh idirghníomhaíocht ann idir an lucht féachana agus na húdair. Tabharfar an deis do dhaoine ceisteanna a chur isteach. Anuas air sin, beidh réimse údar ar a gcuid meáin shóisialta mar chuid den fheachtas. Tuigeann Dublin Book Festival na deacrachtaí a thagann le rudaí a reáchtáil ar líne agus tá cabhair ar fáil ar an suíomh idirlín do dhaoine atá cabhair uathu maidir le clárú agus sruthú.

ADVERTISEMENT

Bhí imeacht IMRAM eile ar siúl cheana féin, ar fáil anois mar athsheinn ar shuíomh idirlín Dublin Book Festival– Comhrá le Cathal: Poetry Reading and Chat. Ag labhairt leis an University Times, dúirt Dublin Book Festival “go raibh ionadh orthu leis an méid idirghníomhaíochta lena lucht féachana go dtí seo” fiú leis na hathruithe a chuireadar i bhfeidhm. Tá suas le “3000 duine ag freastal ar na hócáidí go dtí seo” ó áiteanna difriúla timpeall na cruinne.

Níl aon chostas ann chun freastal ar an imeacht. Is féidir clárú don imeacht ar an suíomh idirlín dublinbookfestival.com agus is féidir ceisteanna a chur isteach trí ríomhphost ag [email protected], trí Instagram nó Twitter ag @dublinbookfest nó trí Facebook ag @Dublin Book Festival. Leanfaidh an Dublin Book Festival ag cuidiú le foilseoireacht Éireannach go dtí 6ú Nollaig. Tá clár iomláin de na hócáidí ar fáil ar shuíomh idirlín Dublin Book Festival.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.