A chairde gael, tá breis is bliain imithe tharainn ó bhíomar i dteannta a chéile sa phub. Bhí sé de nós againne, na gaeil i mBaile Átha Cliath, seilbh a ghlacadh ar thithe tabhairne ar an Déardaoin deireanach gach mí. Níor lorgaíomar cead, agus cén fáth go lorgódh? Mealladh le chéile sinn, in áit amháin, cé nach raibh aon imeacht faoi leith ar siúl. Ní raibh dualgas orainn bheith ann nó fanacht ró-fhada. Níor sheas éinne le buíochas a ghabháil leis an tslua. Níor ghá buíochas a ghabháil le héinne ach meitheal oibre an bheáir. Níor chuir bean nó fear an tí éinne ina dtost. Ní raibh tús ná deireadh leis an oíche ná struchtúr ama ar bith. Bhí idir óg agus aosta ann, dubh, bán agus riabhach, gaeil uilig. Mar sin féin bhí cruth nádúrtha ar an gcomhluadar, murab ionann agus cíor thuathail. Bhíodh meithil, teaghlaigh, páirtithe, cairde, lánúin, leannáin, buíonta, foirne agus fiú naimhde ar fad ag scaipeadh, ag nascadh agus ag meascadh ar feadh na hoíche.
Thugamar faoi deara, ag staid éigin gach oíche, go rabhamar ann, muis. Ó gach clúid agus cúinne, d’aithneofá an monabhar.
Go hiondúil bhíomar i dtithe tábhairne nach raibh cur amach againn orthu. Uaireannta d’ólamar ag beáranna a raibh sean-taithí acu orainn. Nua-chríocha agus tearmainn. Ba chompord dúinn comhluadar a chéile, ní raibh orainn ach bheith i dteannta a chéile le bheith sona, fiú mustrach. Labhraíomar go hard agus bhíomar le clos. Don chuid is mó, thugamar seans dá chéile labhairt, cé nach raibh aon dualgas ar éinne éisteacht.
Den chuid is mó, thuigeamar a chéile.
An bhfuil sé indéanta againn an rud céanna a dhéanamh i bhfóram ar líne, anois gan mórán rogha eile againn? An féidir spás fíorúil a chruthú a éascódh nádúrthacht pobail? Fóram inar féidir le daoine bheith i gcomhluadar a chéile mar thaca ach gan a bheith bodhraithe ag a chéile, nó a bheith buartha maidir le cén chaoi rud a rá nó fiú ar cheart é a rá ar chor ar bith. Conas a fhreastlaíonn tú ar imeacht ar líne gan amchlár? Cén chaoi a d’fhéadfaí monabhar an phobail a úsáid mar shólás ar líne, le daoine a chur ar a gcompord seachas iad a chur ar na bacáin?
Dar linn féin, ní féidir a leithéid d’idirghníomhú a chruthú go héasca nó ar chor ar bith ar ardán digiteach faoi leith. Tá an mealladh a bhaineann le Pop Up Gaeltacht bunaithe ar an gcompord agus ar an bhfonn pobail a ghintear ar an oíche. Is léiriú fisiciúil í Pop Up ar phobal scaipthe. Ní féidir aithris chruinn a dhéanamh uirthi ar líne gan an comhábhar is tábhachtaí a fhágáil ar leath-taobh.
Bhuel, níl sé sin ró-shásúil, bhfuil? Níl sé sásúil mar fhreagra orthu siúd a d’fhreastal ar an bPop Up chun casadh lena a gcairde. Níl sé sásúil, ná baol air, dóibh siúd a d’úsáid iad chun cur lena muinín cainte. Níl sé sásúil mar fhreagra dóibh siúd ar mian leo brandáil na Pop Uipe, saor ó chóipcheart a chur ar aon bhailiúchán Gael ar líne. Agus is trua ach is fíor.
Tá ceist níos tábhachtaí le plé, agus baineann sí sin le nádúr na Pop Uipe féin. Mar atá thuasráite, ní himeacht í a chruthaíonn pobal, ach imeacht a léiríonn pobal. Le go bhfaighimis ar fad an steall sin atá á lorg againn; cairdeas, comhrá nó cleachtadh, tá gá leis an bpobal agus beidh go deo. Caithfear, i rith na paindéime agus in a diaidh, cur leis an bpobal cibé cén áit, meán nó ardán in a bhfuil teacht air. Caithfear bheith feiceálach nó ar a laghad inchloiste. Caithfear an pobal a lorg agus a threisiú nuair a aimsítear é, pé áit a aimsítear é. Caithfear tacú le gach iarracht an pobal dúchasach a chaomhnú agus a fhás, mar ní fhásfaidh faic i ngort lom. Tá dúshlán le tabhairt don stáit, d’eagraíochtaí pobal, don earnaíl phríobháideach, dúinn féin. Táimid ar fad lán-ábalta, beag beann ar ár gcumas urlabhraíochta, tacú leis an bpobal seo. Níl gach deis tacaíochta chomh-héasca le dul go dtí an teach tábharine corr oíche le do mhéit. An mbeithfeá sásta freastal ar chlub CLG lán-ghaelach ar nós Na Gaeil Óga? An mbeithfeá sásta gach plé a dhéanamh leis an stát i dteanga an phobail céanna? Amach anseo, an mbeithfeá sásta do pháistí a thógáil le teanga an phobail céanna ina mbéil?
Léireoidh tinreamh na Pop Uipe sa nua-aois, iar-phaindéimeach, an dúil atá ag daoine i gcomhluadar réchúiseach an phobail teanga. Ach ní pobal aon-oíche é an pobal teanga, taobh seo tíre nó sa Ghaeltacht ach an oiread. Léireoidh ár gcur chuige maidir leis na dúshláin níos déine agus is géire an dúil atá againn an pobal seo a chaomhnú agus a fhás. Gan pobal, ní gá teanga pobail.