Is maith linn mar Éireannaigh a bheith ag gearán faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, is cuma má bhí eispéaras dearfach nó diúltach againn ar scoil. Sna meáin Ghaeilge agus sna meáin Bhéarla araon, bíonn go leor díospóireachtaí faoi chaighdeán na ndaltaí tar éis dóibh an scoil a fhágáil, an easpa béime ar an teanga labhartha, arbh fhearr an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar nó é a dhéanamh roghnach ar fad. An t-aon rud gur féidir linn uilig aontú air, ná nach bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair ag obair mar is ceart.
I 2019 tháinig eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais le chéile le hiarradh ar an Roinn Oideachais athchóiriú i a dhéanamh ar an nGaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal mar chuid den feachtas #Gaeilge4All. Mar thoradh ar an bhfeachtas seo, bailíodh 12,000 síniú ó dhaltaí scoile, mic léinn tríú-leibhéal, múinteoirí, tuismitheoirí, gníomhaithe teanga agus an gnáthphobal ag iarraidh go mbeadh deis ag gach duine sa tír, teanga dúchais an oileáin seo a fhoghlaim i gceart. Ní raibh Polasaí Cuimsitheach don Ghaeilge sa Chóras Oideachas i bhfeidhm riamh ó bunaíodh an Stát, agus tá sé sin le feiceáil go soiléir nuair a fheictear ar na cinntí atá á ndéanamh ag an Roinn Oideachais, agus ag comhlachtaí oideachais an Stáit le blianta anuas.
An fhadhb is mó atá ag baint leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair ná go bhfuil cúraimí éagsúla ag comhlachtaí oideachais an Stáit, agus mar thoradh níl aon leanúnachas sa chóras. Mar shampla, tháinig an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (an CNCM) amach le dréachtsonraíochtaí don Ghaeilge san Ardteist a dhéanann an cúrsa níos deacra do dhaltaí T1 (an Ghaeilge mar phríomhtheanga scoile acu) gan aon spreagadh a thabhairt dóibh tabhairt faoi. Ní hamháin é sin, ach tagann na dréachtsonraíochtaí salach ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá ag an Rialtas féin agus níl athbhreithniú ceart déanta ar churaclaim an Teastais Shóisearaigh le féachaint conas atá ag éirí leis go dtí seo. Sin an fáth anois, go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge ag iarradh go gcuirfear an comhairliúcháin ar na dréachtsonraíochtaí seo siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar an Sraith Sóiséarach agus go mbeidh an phaindéim thart le deis a thabhairt do na múinteoirí páirt a ghlacadh ann chomh maith.
I mí an Mhárta i mbliana foilsíodh Tuairisc ar Mhúineadh na Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn 2021, le léargas a thabhairt ar thuairimí na mac léinn maidir le múineadh na Gaeilge, le béim ar leith ar an Ardteist agus ar chóras na Gaelscolaíochta. Tháinig roinnt staitisticí suimiúla amach ón taighde a bailíodh i 2018-2019. Shíl 67 faoin gcéad de na rannpháirtithe gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chroí-ábhar an bealach ar fad tríd an chóras oideachais. Maidir le Gaelscoileanna, dúirt 77 faoin gcéad de na rannpháirtithe uilig go gcuirfidís a gcuid páistí chuig Gaelscoil dá mbeadh clann acu sa todhchaí agus as na rannpháirtithe a d’fhreastail ar Ghaelscoil iad féin, dúirt 98 faoin gcéad dóibh go gcuirfidís a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge.
Léiríonn an taighde go bhfuil meon dearfach ag an gcuid is mó de mhic léinn ar an nGaeilge, ach go bhfuil ag teipe ar an gcóras deis a thabhairt dóibh an teanga a fhoghlaim i gceart. Tá go leor daoine sa tír seo ag iarraidh oideachais lán-Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí ach tá moill (nó drogall?) uafásach ar an Rialtas freastal ar an éileamh seo. Fiú agus na daltaí ó Ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag súil le dul isteach sa chóras tríú-leibhéal, is beag rogha atá acu tabhairt faoi chúrsa sa choláiste, nó printíseacht ina dteanga dúchais. Má táimid ag súil go mbainfear sprioc 20 faoin gcéad de dhaoine nua a earcaítear sa stáitseirbhís a bheith líofa sa Ghaeilge, tá orainn deis a thabhairt do dhaoine staidéar a dhéanamh ar ábhair eile trí Ghaeilge lasmuigh den teanga féin nó an mhúinteoireacht.
Ansin nuair a labhraímid faoi na hábhair oide agus an Ghaeilge, is faoin tréimhse foghlama sa Ghaeltacht nó na táillí Gaeltachta a bhíonn idir lámha againn de ghnáth. Ach déantar dearmad gurb iad múinteoirí bunscoile na daoine a labhraíonn Gaeilge linn don chéad uair sa saol, murar cainteoir dúchais thú, agus mura bhfuil siadsan cumasach agus muiníneach as a gcuid Gaeilge, is beag seans go mbeidh na buanna seo ag na daltaí de réir mar a théann siad tríd an córas oideachais. Teastaíonn níos mó deiseanna ó na hábhair oide an Ghaeilge a úsáid, lasmuigh de na ranganna Gaeilge agus lasmuigh de tréimhse coicíse sa Ghaeltacht (atá ar líne anois). Ba cheart go mbeadh ábhair á múineadh trí Ghaeilge do na hábhair oide go mbeadh normalú á dhéanamh ar an teanga agus go mbeidh feabhas ar na scileanna cumarsáide i measc na n-ábhar oide agus i measc na bpáistí iad féin.
D’fhéadfainn labhairt faoi na lochtanna atá sa chóras oideachas ó thaobh múineadh na Gaeilge de go deo na ndeor, agus níl fiú trácht déanta agam ar an taithí dearfach a bhíonn ag daoine leis an nGaeilge ar scoil, le scéimeanna ar nós Gaelbhratach agus Seó Bóthair Chonradh na Gaeilge, samhradh á chaitheamh sa Ghaeltacht le do chairde ag baint suilt as an teanga. An bhunfhadhb atá againn ná go bhfuil an iomarca fadhbanna le gnéithe áirithe den chóras, agus seachas iarracht a dhéanamh iad a réiteach diaidh ar ndiaidh is gá athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an nGaeilge sa chóras oideachais, do pháistí sna naíonraí, páistí scoile, mic léinn agus na hábhair oide go mbeidh an Ghaeilge slán agus go mbeidh sí mar chuid lárnach den saol ar an oileán seo ar fad, mar atá sí do chuid againn cheana féin.
Tá Clíodhna Ní Dhufaigh mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI).