Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 27, 2021

Beidh Coinneáil Siar Airgid ón GSU mar Bhrú air Ath-dhaonlathú a Dhéanamh

Chuir an Lárchoiste Caipitíochta maoiniú an GSU ar fionraí go dtí go mbeidh gearáin óna EGM i mí Aibreáin freagartha aige.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá roinnt cheisteanna deacra ardaithe anois gur roghnaigh an Lárchoiste Caipitíochta maoiniú a coinneáil siar ó Aontas na Mac Léinn Iarchéime (an GSU) go dtí go mbeidh gearáin óna EGM i mí Aibreáin freagartha aige.

Tagann an scéal seo i ndiaidh cur ó mhaith imscrúdaithe Bord an aontais de bharr easpa cumarsáide ó thaobh Uachtaráin Gisèle Scanlon agus Leas-Uachtaráin Abhisweta Bhattacharjee de – rud a léiríonn drochmheas suntasach ar chóras freagrachta tábhachtach istigh sa GSU.

Ach bhí Scanlon agus a leas-uachtarán Abhisweta Bhattacharjee atofa dá gcuid post le tacaíocht ó fhormhór na n-iarchéimithe. An ea, mar sin, gur cuma lena lucht leanúna a n-iompar iomlán neamhdhaonlathach?

ADVERTISEMENT

Ar thaobh eile – ach chomh dona leis sin – tá an vóta táinsithe in aghaidh Scanlon fós ar fionraí, agus ise fós á sheachaint. Agus ise ag freagairt ceisteanna le linn a toghcháin, thug sí leithscéil an imscrúdaithe mar chúis di an vóta a sheachaint. Ach níor leor ansin é, agus ní leor anois é ach an oiread.

Móide sin, an bhfuil an vóta sin anois ar neamhní go hiomlán, toisc gur ina téarma seo caite a bhí na sínithe bailithe?

Ní ceart go ligfeadh toghthóirí do Scanlon agus do Bhattacharjee leanúint ar aghaidh ag seachaint freagrachta. Is drochbhealach baolach é don aontas an fhreagracht sin a cur as an áireamh. Ach tá líon mór roghanna conspóideacha déanta ag Scanlon agus ag Bhattacharjee i mbliana, agus tá an pionós maoinithe seo mar thoradh leo. Mura dtagann an maoiniú ar ais go luath, conas a bheadh an t-aontas in ann leanúint ar aghaidh ar chor ar bith?

Tá dochar déanta do noirm daonlathais an aontais – go buan, seans. Arna fhágáil i ndíth maoinithe, beidh brú ar a cheannaireacht an t-aontas a dheisiú sula bhfuil sé ró-dhéanach.