Lasmuigh den Bhíobla féin, ní dócha do bhfuil doiciméad ar bith chomh mionscrúdaithe le bunreacht.
Bíonn bunreachtanna scríofa chun fanacht le fada – ba cheart go bhfanfaidh siad níos faide ná údaráis aonaracha ná mionfhadhbanna an lae atá inniu ann.
Agus údair ag bailiú le chéile chun bunreacht a scríobh, ba cheart dóibh a gcuid ama a thógáil mar sin – agus tuiscint maith a bheith acu ar cad go ndéanann siad.
Chríochnaigh lucht athbhreithnithe bhunreacht Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóid (TCDSU) an dréacht deireanach den bhunreacht nua i seisiúin seacht n-uaire an Aoine seo caite, agus theip orthu tuairisc iomlán a chur isteach le Fóram an Aontais.
In ainneoin deiridh fhoirmeálta leis an ngrúpa tar éis an spriocdháta, tá baill de fós ag scríobh codanna de a bhí fágtha ar lár.
Ní raibh éinne ó thaobh amuigh ag obair leis an ngrúpa, athrú mór ón ngrúpa athbhreithnithe seo caite ina raibh saineolaithe le taithí na mblianta anuas mar bhaill ann.
Cén fáth a bhí deifir orthu doiciméad chomh tábhachtach leis an mbunreacht a scríobh? Ní raibh orthu bunreacht a scríobh ach amháin “má cheaptar go bhfuil gá ann.” Ní raibh ach tuairisc ar an gceann reatha á éileamh ón Aontas.
Ach roghnaigh an grúpa bunreacht nua a scríobh agus a mholadh d’Fhóram an Aontais, bunreacht a bhí athraithe go mór ón gceann reatha. Tá siad tar éis bunreachta a bhfuil easpa saineolais agus easpa ama scríofa air a chur mar ualach ar an Aontas.
Ina theannta sin, tá líon mór daoine óna ngrúpa athbhreithnithe éirithe as an gColáiste anois, agus líon mór acu freisin nach raibh tofa riamh i dtoghchán sabóideach agus nach bhfuil taithí acu ar dhoiciméad dlí a scríobh.
Teastaíonn bunreacht scríofa go cúramach ag saineolaithe dlí agus ag iar-oifigigh an aontais ó TCDSU, seachas ceann a rinneadh faoi dheifir. Níl tuairisc scríofa go tapa is faoi dheifir mar thús maith do bunreacht nua.