Tá an tAire Ardoideachais Simon Harris tar éis rá go bhfanfaidh tagairt don Ghaeilge isteach in Acht an Údaráis um Ardoideachas.
Thug sé an gealltanas sin ag cruinniú le Conradh na Gaeilge le déanaí ina phléadh todhchaí agus áit na Gaeilge san ardoideachas ann. Ina dhiaidh sin, dúirt sé os comhair na Dála go raibh sé chun an Ghaeilge a choinneáil san Acht nua le tagairt díreach di.
Maidir leis an gcruinniú, dúirt urlabhraí Conradh na Gaeilge go raibh torthaí “an-dearfach” aige.
Níl ráite ag Harris go fóill cén saghas tagairt a bheidh san Acht nua, ach amháin go mbeidh tagairt díreach don teanga ann.
Bhí an tAire Harris faoi ionsaí ag Conradh na Gaeilge agus ag Teachta Dála de chuid Sinn Féin Aengus Ó Snodaigh, mar gheall ar a shean-leagan den Acht nach raibh tagairt don Ghaeilge ar bith ann.
Sa leagan sin, moladh cosaint “cultúrtha” ginearálta a chur isteach in ionad cosaint don Ghaeilge go sonrach.
“Cuirfidh an tÚdarás na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna – (b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus thimpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht,” a dúirt a sean-leagan.
Mar fhreagra ar sin, dúirt Ó Snodaigh gurb “ionsaí naimhdeach” a bhí ann, agus thug sé rabhadh go raibh Harris “ag fáil réidh leis an gcúram i leith na Gaeilge.”
Léiríonn Acht an Údaráis um Ardoideachas straitéis an rialtais san ardoideachas. Sa leagan reatha, tá cosaint díreach tugtha don teanga Gaeilge.
Mar atá, tá dualgas ar an rialtas “an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú” san ardoideachas.