Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 3, 2021

Braitheann Láidreacht an Leas-Uachtarán um Ghníomhaíochas Aeráide ar an bPropast

D’fhógair an Propast Linda Doyle inniu ceapadh Leas-Uachtarán um Bhithéagsúlacht agus um Ghníomhaíochas Aeráide, a bheas ina cheannaire ar chúrsaí chomhshaoil ag an Tríonóid.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An molfaí ceannaire as ucht ginearál a cheapadh le linn cogaidh?

An tseachtain seo caite, d’fhógair an Propast Linda Doyle tús le ról an Leas-Uachtarán um Bhithéagsúlacht agus um Ghníomhaíochas Aeráide agus oifig dá chuid. Ag an am, gheall sí nach beart siombalach a bheadh ann, ach go mbeadh tionchar mór aige ar pholasaí an Choláiste.

Seo í an chéad uair i stair na Tríonóide a chruthaíodh a leithéid de phost, agus mar sin féin tá sé éasca é a fheiceáil mar bhua ar son freagracht chomhshaoil saCholáiste.

ADVERTISEMENT

Ach is le linn ceann de na haoiseanna díothaithe is tapúla riamh ar an Domhan a mhairimid. Is d’aon ghuth a deir eolaí aeráide gurb é an t-athrú aeráide an fhadhb is mó dá raibh riamh againn mar speiceas agus mar phláinéad. Is ag cogadh in aghaidh géarchéim dár dteipeanna féin atáimid.

Is cinnte go dteastaíonn post mar seo ón gColáiste má tá sé chun gníomhú go láidir ar son an chomhshaoil,. Ach go dtí go bhfeicimid go bhfuil sé réidh le gníomhartha móra láidre a chur i bhfeidhm chun an Tríonóid a chur ina coláiste inbhuanaithe, ní ceart dúinn ainm an bhua a thabhairt dó.

B’fhearr go deo leas-uachtarán um ghníomhaíochas aeráide a bheith ann ná a bheith gann, agus léiríonn an rath a bhí ag an gcomhionannas inscne de bharr post cosúil leis – an leas-uachtarán um chomhionannas, um éagsúlacht, agus um chuimsiú – gur féidir le post mar seo fíorathruithe a chur i bhfeidhm.

Is deacair an rud é a fheiceáil, áfach, ar tháinig na dul chun cinn sin mar gheall ar an bpost nó mar gheall ar an mbrú ar an gColáiste chun post mar sin a chur i bhfearas – gníomhaíochas de chuid na mac léinn, mar shampla.

Má tá an Coláiste chun bheith ina cheannaire ar ghníomhaíochas aeráide, ní mór don leas-uachtarán nua seo dul i mbun oibre láithreach – agus níos tábhachtaí ná sin, ní foláir don phropast bheith dáiríre faoin bpost féin. Bíodh spriocanna agus sainorduithe ag an leas-uachtarán, agus bíodh an propast ag cur cuntasacht i bhfeidhm orthu mar is ceart.

Bhí an t-athrú aeráide i croílár toghcháin an phropaist, ach uaireanta bhí cuma lag ar na freagraí dó. Ní chuireann é sin mórán suntais orainn toisc nach bhfuil cáil ar chuile fhreagra (stop a chur le taistil na n-ollamh mar shampla oiriúnach).

Beidh líon mór daoine ag moladh Doyle as ucht an phoist seo, ach go dtí go gcruthaíonn an té atá ceaptha go bhfuil siad iomlán réidh dul i ngleic leis an bhfadhb – an Coláiste a chur ina cheannródaí sa chogadh in aghaidh na géirchéimeis mó a raibh againn riamh – ní fiú í a mholadh go hard.