Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 22, 2021

Ní Mór don Tríonóide í féin a Shainiú i nDiaidh na Paindéime

Idir an EGM conspóideach agus dhífhostú Bhord an GSU, tá sé deacair a thuiscint cé chaoi a bheas an GSU in ann é féin a dheisiú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an foighne sa Choláiste ar tí briseadh. Agus tús curtha le leachtaí arís, is mó an difear idir an bhliain a raibh muid ag súil leis agus an saol mar atá. Cé go raibh cur chuige céimithe ag an Phropast Linda Doyle le soiléireacht agus, go deimhin, le dóchas a thabhairt, theip air an sprioc seo a bhaint amach.

Go bunúsach, is cosúil nach bhfuil a fhios ag aon duine a thuilleadh cén chuma ar cheart a bheith ar an Choláiste. Cé gur thig mic léinn agus baill foirne an méid a bhí i gceist le freastal ar an Choláiste lá den saol, anois níl sé soiléir cad é atá i gceist leis.

Tugadh gealltanas do mhic léinn go mbeadh iarracht ar leith ann leachtaí beaga aghaidh ar aghaidh a chur ar fáil. Bíonn difríocht mhór ann, áfach, idir an méid foghlaim ar líne a bhíonn ag gach mac léinn de réir na scoileanna éagsúla. Tá go leor mic léinn ag tuairisciú go bhfuil fíorbheagán uaireanta teagmhála acu, nó nach bhfuil uaireanta teagmhála aghaidh ar aghaidh acu ar chor ar bith.

ADVERTISEMENT

Tá léachtóirí ag glacadh le cur chuige nua maidir leis an teagasc, le roinnt scoileanna ag baint úsáid as leachtaí thaifeadta ó bhliain acadúil seo chaite. Bíodh is gur acmhainní luachmhara iad agus go bhfuil “níos mó brú ná riamh” ar acadóirí, ardaíonn sé seo an cheist: An é seo mar a bheas cúrsaí amach anseo? Cén cineál oideachas atá an Coláiste ag iarraidh a thabhairt do mhic léinn?

Cuidíonn le leachtaí ar líne le rochtain , ach léiríonn achainí an tseachtain seo maidir le teagasc pearsanta a mhéadú, chomh maith le cruinniú an Choláiste inár léirigh mic léinn fearg agus díomá faoina gcás, go bhfuil mic léinn dubh dóite leis an méid atá leagtha amach dóibh.

Níl aithne mhaith ag cuid mhór de phobal an choláiste ar a chéile mar gheall ar an phaindéim agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil scoilt i bpobal a bhí an-dlúth le chéile lá den saol. Níl a fhios ag éinne seachas ag mic léinn an ceathrú bliana, ag baill foirne, agus ag roinnt iarchéimithe cé mar a bhí an Tríonóid roimh an phaindéim. Is beag gur chonaic mic léinn an tríú bliana cuid ar bith de, fiú.

Mothaíonn mic léinn go ndearnadh feall orthu maidir le heispéireas tipiciúil na hollscoile agus a gcúis sin acu. Ní mór don Tríonóide a aimsiú cad dó a sheasann sí, a cuid tosaíochtaí a chur in ord, agus an treo ina bhfuil sí ag iarraidh dul i ndiaidh na paindéime a léiriú. Ciallaíonn sé seo soiléireacht do mhic léinn maidir leis an méid teagasc aghaidh le haghaidh a bheas ar fáil acu, soiléireacht faoin seasamh a bheas ag leachtaí móra agus beaga agus faoi athbheochan foghlama ar líne.

Tá tuirse ar gach duine. Ag an bhomaite, ní hionann saol an choláiste mar atá agus an méid a bhfuil daoine ag súil leis. Tá idirbheartaíocht agus féinmhachnamh ag baint leis sin agus, gan é sin a dhéanamh i gceart, ní bheidh fearg na mac léinn ach ag éirí.