Tá conspóid de chuid an GSU buailte linn arís eile.
Thit Uachtarán an GSU, Gisèle Scanlon, agus Cathaoirleach Bhord an GSU, John Walsh, amach an tseachtain seo i tar éis do Scanlon insint don Bhord – a dhéanann maoirseacht ar an GSU – go raibh deireadh le téarma a mball bainte amach acu.
Ba é seo an Bord ceannann céanna a thuairiscigh don Lárchoiste Caipitíochta gur theip ar Scanlon agus ar cheannaireacht an GSU ar fad comhoibriú le fiosrúchán ar chonspóid eile: an EGM i Mí Aibreán a bhfuil droch-cháil anois air toisc go raibh iomad leasuithe bunreachta curtha i bhfeidhm trí bhealach amhrasach.
Dá bharr sin, dhiúltaigh an coiste maoiniú don aontas chun é a bhrú rudaí a chur i gceart agus gearráin maidir leis an EGM a fhreagairt.
Is gnáthchuma a chur Scanlon ar dhífhostú an Bhoird, ag rá go raibh a téarma “críochnaithe, ar an drochuair.” Is greannmhar cé chomh neamhchúiseach is a bhí sí.
Ach bhí deargfhearg ar Walsh de bharr an fhógra, ag rá leis an nuachtán seo go “dtagann ceisteanna tábhachtacha maidir le ceannaireacht an GSU as, toisc gurb ionsaí léir ar an mBord láithreach – tar éis dó easpa comhoibrithe agus pléite ar thaobh an GSU de a thuairisciú – atá ann.
An mbeidh tionchar mór ag ráiteas cáinteach de chuid cathaoirligh an Boird ar an GSU? Ní bheidh, is dócha. Tá ceannaireacht reatha an GSU tar éis fáil réidh go mór lena sheanchaighdeán daonlathach.
An bunreacht a mhalartú ar iomlán in EGM láimhseáilte go dona, agus ina raibh calaois toghcháin léir ann? Cinnte sin. Diúltú vóta riachtanach táinsithe in aghaidh an Uachtaráin a chur i bhfeidhm? Gan amhras. Troid poiblí a chur ar siúl leis an mBord? Cén dochar?
Tá an GSU ina ula magaidh, agus níl le déanamh anois ach triail a bhaint as bheith cinnte nach bhfuil an t-iompar seo mar chaighdeán nua dó. Caithfidh na mic léinn gach sárú a thabhairt chun solais agus fanacht ar dea-athrú.
Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin mar a deirtear. Ach cé dó a shéideann an drochscéal seo?