Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2021

Masla do na Cumainn Spóirt atá i dTaispeántas an Leabhar Cheanannais

Tá seans go gcuirfeadh an taispeántas bac ar ghníomhachtaí spóirt ar Pháirc an Choláiste má leanann sé ar aghaidh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí feachtas Linda Doyle don phost is mó sa Choláiste bunaithe air athroinnt na cumhachta agus ar ghuth a thabhairt do ghach duine sa phobal. Nach bhfuil lucht spóirt na Tríonóide mar chuid den phobal seo?

Má leanann an Coláiste ar aghaidh leis na pleananna chun puball sealadach dhá stór a chuir in airde ar Pháirc an Choláiste do Thaispeántas an Leabhar Cheanannais, is féidir le lucht spóirt teachtaireacht soiléir a bhaint as: tá an Tríonóid ar do thaobh, go dtí go bhfuil an spórt mar chonstaic i mbealach an Leabhar Cheanannais.

Tá an Leabhar Cheanannais i ndáiríre ina chonstaic sa bhealach. Dúirt Doyle go mbeidh na cumainn spóirt ábalta leanúint ar aghaidh “gan mórán ag cur isteach [orthu]”, ach is beag seans go mbeidh cead ag cruicéadaithe an choláiste séanna a bhualadh agus turasóirí, a bheas ag siúl isteach sa taispeántas galánta nua, sa líne lámhaigh.

ADVERTISEMENT

Thug an Propast cuireadh do ionadaithe ó na cumainn spórt an moladh a phlé, ach sa ríomhphost a tuairiscíodh sa nuachtán seo, thug sí le fios go soiléir go bhfuil gá leis an taispeántas seo má tá an athchóiriú ar an Sean-Leabharlann – a bhfuil mar tionscadal suaitheanta anseo – le tarlú.

An deis chomhréitigh a bhí ann?

Ní hea. Ghlac an Choláiste cinneadh a bheas tionchar diúltach aige ar mhic léinn agus ansin rinne siad iarracht dul i gcomhairle leo, go cúlghabhálach, chun fhrithfhreagairt a sheachaint.

Ní mór do mhic léinn seasamh ina aghaidh seo. Go dtí seo, leis an cheart a dhéanamh, tá Aontas na nIarchéimithe – a tharraing goimh an Bhoird Eagarthóireachta seo go minic air féin – mar cheannródaí sa troid in aghaidh an taispeántais.

Ach cá bhfuil Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (AML)? An dtroidfidh Cumann Lúthchleasa Lárnach Ollscoil Bhaile Átha Cliath (DUCAC) ina éadan, i ndiaidh dá chathaoirleach an ríomhphost thuasluaite a shíniú? Beidh éifeachtaí follasach ag an taispeántas seo ar shláinte mhic léinn, ach go dtí seo níl mórán le rá ag ionadaithe mac léinn. Is é seo an cineál sárú ar cheart dóibh a bheith ag cáineadh go hard.

Cé go mbíonn an Choláiste ag iarraidh a chuid scríbhneoirí, eolaithe, agus fiontraithe a chuir chun cinn, is annamh a thugtar an aird chéanna ar an spórt sa Choláiste. Tá a lán staire ag an spóirt sa Choláiste agus tá ról lárnach aige i saol líon mór mhic léinn.

Is masla é an taispeántas seo agus an easpa comhairliúcháin do ghach uile lúthchleasaí sa Choláiste. Tá sé in am do ionadaithe mac léinn gaisce a dhéanamh.