Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 3, 2021

Cá bhfuil an Freagra ó Choláistí ar an Tuairisc Leatroim ón HEA?

Fuair tuairisc amach go raibh baill foirne ó chúlraí mionlaigh ag fáil pá níos ísle i gcomparáid lena comrádaithe Éireannacha geala.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is beag nach bhfuil neamhaird iomlán déanta ag ollscoileanna na hÉireann maidir le tuairisc a tháinig amach as an Údarás um Ard-Oideachas faoin neamhionannas atá ann idir baill foirne Éireannacha geala agus baill foirne ó chúlraí mionlaigh.

Is cúis mhór bhuartha é go bhfaigheann baill foirne ag ollscoileanna nach Éireannacha geala iad pá níos ísle ná mar a fhaigheann a gcomrádaithe, agus go bhfuil seans níos lú acu conradh buan a fháil – ach dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste, níl sé suntasach. Ó mhiocrachasáin coitianta go bagairtí bháis, tá baic mhóra orthu agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina bpost, gan trácht ar mothú compordach agus slán ina n-áit oibre fiú.

Fuair an tuairisc amach “nach bhfuil cur i bhfeidhm dáiríre ann”, ná athrú infheicthe, ag ollscoileanna fiú má tá polasaithe acu in aghaidh leatroim. Móide sin, dúirt sé nach bhfuil éifeacht mhór ag cúrsaí traenála faoi chlaontachtaí gan aithne ná ag tionscadail chun éagsúlacht a chur chun cinn.

ADVERTISEMENT

Ní ceart d’ollscoileanna neamhaird a thabhairt air seo. Anois agus a lán institiúidí ard-oideachais timpeall an domhain ag dul i ngleic lena gceangail staire leis an sclábhaíocht agus le himpiriúlachas – an Tríonóid ina measc – tá ar a mbaill foirne i n-intinn féin a dhíchoilíniú. Tá sé tábhachtach an iomarca béime ar an Iarthair a bhaint as a gcuraclaim, chomh maith le athsmaoineamh a dhéanamh ar oidhreacht leithéid Cecil Rhodes agus George Berkeley. Ach thairis sin, ní mór dóibh a áit oibre a dhéanamh níos ionchuimsithí agus níos fáiltí do mhionlaigh eitnigh. Is spásanna ar leith iad na hollscoileanna, ach níor cheart dóibh beith ina bpobal aon-chultúir, agus thairis sin níor cheart dóibh duine ar bith nach as an móramh é ar chur ar leataobh.

Seo anois bliain go leith ó thosaigh dúnmharú George Floyd agóidí ar fud an domhain ar son cúis ró-shimplí: go bhfuil fiúntas i mbeatha na ndaoine dubha. Idir na mílte comhráite a thosaigh an ghluaisteacht sin iad, is ceart díriú ar chiníochas agus ar leatrom ar campas na gcoláistí. Ach tar éis an bhliain go leith seo caite, níl mórán athruithe le feiceáil.