Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 3, 2021

Chur an Coláiste Sluasaid faoi Chac Gé maidir le Dúnadh An tÁiléar Eolaíochta

D’athraigh an Propast Linda Doyle an scéal ó dhúnadh an tÁiléar go iarracht a dhéanamh as é a choinneáil ar oscail i lá amháin gan chruinniú le Bord an Choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Baineadh siar as gach daoine a léigh an scéal go raibh seans ann go mbeadh An tÁiléar Eolaíochta le dúnadh i gceann bliana – ní hamháin de dheasca gurb tionscadal cheannródaíoch – inar tháinig a mhacasamhail de ar fud an domhain – le druidim, ach mar gheall nach fógra oifigiúil a bhí an ach fógra a tháinig ón Business Post.

Níl duine ar bith ag séanadh gur bhuail an phaindéim an Coláiste go crua. Ba cheart don Choláiste, áfach, cúis níos fearr a thabhairt do bhaill foirne agus do mhic léinn – agus go deimhin don phobal i gcoitinne – ná foinse éigin ag insint don Business Post faoin fhéidearthacht go mbeidh an Gailearaí le dúnadh toisc nach mbeadh sé d’acmhainn aige é a choinneáil ar oscailt. Ach mar spás gan táillí aige le dul isteach, ní raibh sé riamh ann ar son brabúis. An bhfuil a chuid costais reatha tar éis éirí go mór? Ar theip ar iarrachtaí chun urraitheoir fadtéarmach a fháil?

Léirigh an tÁiléar Eolaíochta an nasc idir Coláiste na Tríonóide agus an pobal. Is minic a thugann lucht cáinte na Tríonóide aird ar an easpa ceangail atá ann. Má mian leis an bPropast Linda Doyle deireadh a chur leis an íomhá eisiaiche agus rúnda atá ag an Choláiste, céim siar a bheadh ann an tAiléar a dúnadh.

ADVERTISEMENT

An lá ina dhiaidh a fograíodh go mbeadh an tÁiléar le dúnadh, d’fhógair Doyle go ndéanfadh sí todhchaí an tAiléar a phléigh le páirtithe leasmhara, chun iarracht a dhéanamh ar é a choinneáil beo de réir dealraimh. Níor tháinig an cheist os comhair Boird an Choláiste go fóill, agus mar sin níl rud ar bith socraithe go dtí go dtarlaíonn sé sin – ach níor chuir an Choláiste sin in iúl d’éinne.

Gheall Doyle go gcuirfeadh sí tús le ré nua na trédhearcachta, ach go dtí seo, tá an dóigh ina bhfuil a húdarás ag láimhseáil dúnadh An tÁiléar Eolaíochta níos cosúil le cur chuige an seandream. Níl an cinneadh chun an gailearaí a dúnadh socraithe go fóill, ach níor cheart don Choláiste a phobal féin agus an pobal mór a choinneáil sa dorchadas maidir le comhráite an tseachtain seo.