Comment & Analysis
Jan 7, 2022

Ag Obair leis an Teanga: Ag Fás an Ghrá don Ghaeilge sa bhFíorshaol

Is minic nach mbíonn daoine spreagtha leis an nGaeilge sa scoil, ach is mór an bród atá ann ar bheith in ann cur le rath agus le todhchaí an teanga sa saol oibre, dar le Emma Ruth Daly.

Emma Ruth DalyScríbhneoir Cúnta
blank
Eavan McLoughlin for The University Times

Nuair a bhí mé ar scoil, ní raibh sa Ghaeilge ach ábhar eile. Ní raibh mé den tuairim go raibh aon chuspóir aici taobh amuigh de churaclam na scoile agus is cinnte nár cheap mé go raibh aon todhchaí don teanga. Is cuimhin liom gur iarr mé dul go dtí an rang gnáthleibhéil chun mo chuid fuinnimh a dhiriú ar ábhar eile. Ní raibh an t-am agam don Ghaeilge, ní raibh inti ach bealach chun deiridh. Theastaigh uaim staidéar a dhéanamh ar Ríomheolaíocht san ollscoil, agus cén úsáid a bheadh sa Ghaeilge ann?

Ach deireadh an lae, rinne mé ardleibhéal agus chaith mé mo nótaí Gaeilge sa tine tar éis an scrúdaithe. Bhí mé críochnaithe leis an teanga, nó ar laghad cheap mé go raibh mé críochnaithe.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tar éis teip ar an dara bhliain de ríomheolaíocht i gColáiste na Tríonóide, rinne mé cinneadh mo chúrsa a athrú. Ba é an t-aon rogha a bhí agam athrú go ríomheolaíocht, teangeolaíocht agus Gaeilge, rud a chiallaigh athrú ó fhoghlaim ar an gcaoi a n-oibríonn ríomhairí, go foghlaim conas mar a phróiseálann ríomhairí teanga, go háirithe an Ghaeilge. Bhí rogha agam, bogadh go dtí an cúrsa nua, nó éirigh as an gcoláiste go hiomlán. Rinne mé aon iarracht amháin eile agus thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge arís.

ADVERTISEMENT

Thug Gaeilge seans eile dom ach bhí sí an-deacair le foghlaim, go háirithe leis an bpaindéim ann. Bhí mo chuid nótaí ón scoil imithe, ní raibh ach fíorbheagán acmhainní ar líne, agus bhí mo chuid ranganna go léir ar líne. Ach tar éis go leor cabhrach ó chairde, ó mhuintir agus ó mhúinteoirí, d’éirigh liom agus den chéad uair i mo shaol, bhí mé ag baint taitnimh as an nGaeilge.

Bhí mé críochnaithe leis an teanga, nó ar laghad cheap mé go raibh mé críochnaithe

Is mise an t-aon duine i mo bhliain atá ag déanamh an cúrsa seo le Gaeilge agus is aoibhinn liom é. Roghnaigh an chuid is mó de na mic léinn eile Francis nó Gearmáinis, toisc gur teangacha iad sin a úsáidtear go forleathan agus a bhfuil teicneolaíocht go leor cruthaithe dóibh cheana féin. Níl mórán coláistí eile ann a chuireann ríomheolaíocht agus Gaeilge ar fáil le cheile– ní bhíonn mórán daoine ann a bhfuil scileanna acu sa dá ábhar.

I Mí Iúil, fuair mé intéirneacht ag Ionad ADAPT Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) ag obair ar an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta. Tá an t-ardán seo in úsáid ag taighdeoirí na Gaeilge chun sonraí a uaslódáil chuig suíomh láraithe le haghaidh inneall oiliúna meaisín-aistriúcháin.

Bailímid sonraí Gaeilge ó riaracháin phoiblí le haghaidh taighde aistriúcháin uathoibríoch i DCU. De ghnáth is nualitreacha, téacs suíomh ghrésáin agus preaseisiúintí iad na sonraí seo. Ansin déanamid na sonraí seo a bhailíochtú agus úsáidimid na “haonaid aistriúcháin” chun an mheasín-aistriúcháin a oiliúnt. Sa lá atá inniu ann, tá córais aistriúcháin uathoibríocha ag brath ar shonraí comhthreomhara ardcháilíochta – an abairt bhunaidh agus an t-aistriúchán – chun aistriúcháin ardchaighdeán a chinntiú.

Is breá liom ag obair ar an tionscadal seo mar a thugann sé cuspóir dom tar éis mo chéim a bhaint amach agus léiríonn sé dom cé mhéad deiseanna atá ann don teicneolaíocht le Gaeilge. Tugann sé léargas dom ar “úsáidí fíorshaoil” modúl i mo chúrsa, agus próiseáil teanga nádúrtha, ríomhclárú agus comhréir ina measc sin freisin.

Is mise an t-aon duine i mo bhliain atá ag déanamh an cúrsa seo le Gaeilge agus is aoibhinn liom é

Sheolamar le deánaí ár bhfeachtas eTranslation a bhfuil oiliúnt air ó na hacmhainní teanga a bhailímid. Is uirlis aistriúchan uathoibrithe é eTranslation, atá ar fáil saor in aisce ag gach duine atá ag obair san earnáil phoiblí agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an Aontais Eorpach. Tacaíonn an teicneolaíocht aistriúcháin seo le gach ceann de 24 theanga oifigúla an Aontais Eorpaigh, an Ghaeilge san áireamh.

Níor thuig mé an oiread acmhainneachta atá ag an nGaeilge go dtí gur thosaigh mé ag obair ag an Iontad Taighde ADAPT. Tá an Ghaeilge ar cheann de na 60 teanga mhionlaigh oifigiúla atá aitheanta ag an Aontas Eorpach, agus tá sí aicmithe mar theanga “atá i mbaol” ag UNESCO. Tuigim anois go bhfuil go leor deiseanna ann acmhainní digiteacha a fhorbairt don Ghaeilge, agus leis na huirlisí cearta, gur féidir linn ár dteanga a shábháil. Le cabhair ó na huirlisí teicneolaíochta nua seo is féidir linn a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge inúsáidte ar fud an domhain.

Le deireadh anois le socrú maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus a stádas nua mar theanga oibre oifigiúil, is céim mhór í seo i dtreo todhchaí na Gaeilge sa saol oibre.

Le déanaí, fuair an tionscadal seo agus tionscadal eile Gaeltech a fhorbraíonn tuisicint na Gaeilge sna meáin shóisialta, níos mó ná €350,000 i maoiniú ón Rialtas chun cabhrú le díothú digiteach na Gaeilge a chosc. Cuirfidh an maoiniú breise sin ar chumas ADAPT DCU na tioscadail seo a óstáil go dtí deireadh 2022 chun tacú le forbairt na teicneolaíochta aistriúchán ag leibhéal náisiúnta. Is radharc fáilte é an maoiniú seo, mar léiríonn sé go bhfuil suim ag Rialtas na hÉireann todhchaí na Gaeilge a chosaint.

Cé nach bhfuilim ach mar intérineach ar an tionscadal seo, braitheann sé go maith ag déanamh difear do thodhchaí na Gaeilge. Is maith liom taithí a fhail ó bheith ag obair le daoine eile a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge agus sa teicneolaíocht. Tá bród orm as an obair a dhéanaim leis an Ionad ADAPT agus tá mé bródúil as an bhfoireann a oibrím leo ansin freisin. Is léir go bhfuil neart deiseanna an Ghaeilge a úsáid sa saol oibre i mbealaí nach mbeifí ag súil leis.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.