Ag meán oíche 1ú Eanáir 2022, fuair an Ghaeilge lánstádas mar theanga oifigiúil oibre an Aontais Eorpaigh (AE). Is cúis ceiliúrtha dóibh siúd le Gaeilge agus do na grúpaí atá tar éis troid le blianta anuas le go n-aithneofar an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas.
Agus cén chúis nach gceiliúrfaí é seo? Fostófar níos mó daoine le Gaeilge acu agus cuirfear le dul chun cinn na teanga sa todhchaí. Ní féidir leis a bheith ach mar bhuntáiste don teanga.
Is tír Eorpach í Éirinn. Cinnte, tá fadhbanna leis an AE agus nílim á shéanadh sin. Ach ceann de na buntáistí is mó a bhaineann lenár mballraíocht san AE ná go bhfuil deis againn ár bhféiniúlacht a chur chun cinn agus an ilchultúrachas a cheiliúradh. Is cuid dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus ní féidir é sin a shéanadh. Cinnte, do chuid mhór de mhuintir na hÉireann tá an Béarla tábhachtach. Go pearsanta, is aoibhinn linn é. Ach tugann an lánstádas seo an deis don Ghaeilge a bheith ar chomhchéim leis an mBéarla. Agus níl sé dodéanta. Ach ní tharlaíonn sé thar oíche ach an oiread.
Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann lenár mballraíocht san AE ná go bhfuil deis againn ár bhféiniúlacht a chur chun cinn agus an ilchultúrachas a cheiliúradh
Nuair a bhreathnaíonn tú ar an bpictiúr iomlán, feictear nach bhfuil sé fiú róchostasach sa chomhthéacs seo an seirbhís seo a chur ar fáil. Is é costas iomlán d’aistriúcháin na dteangacha oifigiúla ná €349 milliún sa bhliain. Sin 0.2 faoin gcéad de bhuiséad iomlán an AE. Íocann Éireannaigh timpeall €2 sa bhliain do sheirbhísí aistriúcháin uilig, ní hamháin don Ghaeilge. Níl sé mar chur amú acmhainní. Cabhróidh sé le poist a chur ar fáil thar aon rud eile.
Is minic a luaitear costas seirbhísí aistriúcháin mar argóint in éadan Acht na Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart. Deirtear gur gur amú airgid é mar is beag duine a léifidh leagan Gaeilge na reachtaíochta agus is dócha go roinnt fírinne ag baint leis sin. Ach nach cosúil go mbraithfidh an méid úsáid a bhainfear as na haistriúcháin Gaeilge ar an méid Gaeilge a úsáidfear san AE i gcoitinne?
Ní aistriúchán amháin a bheas i gceist leis an stádas nua seo don Ghaeilge, áfach. Tugann an stádas oifigiúil cead do Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FEP) úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus iad ag labhairt os chomhair na Parlaiminte. Is cinnte go gcuideoidh a leithéid le hathbheochan na teanga sa bhaile má bhaineann FPE na hÉireann úsáid as an Ghaeilge go rialta. Ach ar ndóigh, braitheann labhairt na Gaeilge san Aontas Eorpach ar toil agus ar ábaltacht na bhfeisirí, agus más aon chomhartha é an easpa Gaeilge san Oireachtas, ní dócha gur amhlaidh a bheas an scéal.
Ó dhearcadh na mac léinn ollscoile, is léir go gcuirfí poist nua ar fáil mar gheall ar anstádas nua. Tá an AE ag súil go mbeidh 200 oibrí ag obair in aistriúcháin na Gaeilge faoi dheireadh na bliana. Ceann de na mórfhadhbanna ó 2007 ná nach raibh a dhóthain daoine cáilithe le Gaeilge d’ardchaighdeán acu leis na poist seo a líonadh. Anois tá an taoide ag casadh.
Ní aistriúchán amháin a bheas i gceist leis an stádas nua seo don Ghaeilge
Mar sin, is léir go mbeidh ar rialtas na hÉireann níos mó cúrsaí tríú-leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil chun na poist seo a líonadh. Leis an mBille Teanga a ritheadh agus a ghlacadh roimh an Nollaig, de réir an dlí beidh ar 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa státseirbhís a bheith ina gcainteoirí Gaeilge agus, thairis sin, beidh ar an rialtas seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil fud fad na tíre, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta. Gan phlean uaillmhianach chun líon na gcúrsaí le hábhair trí Ghaeilge a mhéadú, beidh sé deacair na poist seo a líonadh ní hamháin in Éirinn, ach anuas ar sin san AE freisin.
Ach, seachas a bheith imníoch faoi na dúshláin seo, ní mór dúinn a bheith dearfach. Léiríonn na céimeanna seo go bhfuilimid ag druidim i dtreo stad le maolú na Gaeilge, go bhfuil sí ag dul faoi athbheochan agus go bhfuil níos mó measa á thabhairt di ar deireadh.
B’fhéidir nach léifidh cáinteoirí an stádais nua na cáipéisí trí Ghaeilge, ach is cinnte go bhfuil an ceart acu siúd le Gaeilge an deis a bheith acu na cáipéisí a léamh ina dteanga dúchais más mian leo. Úsáidtear an teanga go laethúil in Éirinn sa saol pearsanta agus sa saol oibre, ach cuireann an easpa ábhar Gaeile bac ar seo. Nár cheart cur leis na deiseanna an teanga a úsáid sa saol oibre agus polaitíochta?
Ní féidir a shéanadh go bhfuil lánstádas san AE mar chéim dearfach don teanga. Is ar bhuíochas dua agus díograis lucht na Gaeilge gur bronnadh an stádas seo ar an teanga ar an gcéad dul síos. Ní deireadh an troda atá ann ach cinnte is céim shuntasach chun tosaigh í.