Dúirt iar-thaidhleoir agus iarrthóir don chorrthoghchán an Seanaid go bhfuil bronnadh an lánstádas ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh (AE) ina “ghníomh gan chiall” agus go mbeidh “dearcadh soiniciúil ag formhór de mhuintir na hÉireann” air.
De réir na reachtaíochta tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre san AE. Ciallaíonn sé seo go n-aistreofar doiciméid uilig an AE go Gaeilge.
Ag labhairt leis an Daily Express ón mBreatain, dúirt Bassett gur chreid sé go gciallódh an reachtaíocht seo go “gcaithfear uaireanta gan áireamh ag obair ar aistriúchán do théacsanna liodánacha” agus go “léifidh na haistritheoirí amháin iad. Go bunúsach is gníomh gan chiall agus costasach é”.
Dúirt Bassett go bhfuil sé líofa i nGaeilge agus go bhfuil sé tacúil le scéimeanna chun na teanga a chur chun cinn, ach dar leis tá an t-airgead á chur amú anseo agus d’fhéadfadh sé a bheith in úsáid áit éigin eile.
“Bheadh an t-airgead níos fearr as leis an teanga a chur chun cinn i gceart, cosúil le soláthar níos mó scoileanna Gaeilge. Tá fás in éileamh d’oideachas trí Ghaeilge. D’fhéadfaí é a úsáid i nGaeltachtaí d’fhorbairt eacnamaíoch nó sóisialta.”
Ag cur leis sin dúirt sé: “Mar ghlandheontóir don bhuiséad AE, ní mór d’Éireann a bheith ag ionsaí na tionscnaimh chaifeacha cosúil leis seo, agus gan tacaíocht a thabhairt dóibh.”
“Is sampla costasach eile é d’amaidí an AE agus breathnóidh formhór de mhuintir na hÉireann go soiniciúil air”.
Bhí an Ghaeilge mar theanga chonartha nuair a ghlac Éire ballraíocht san AE in 1973, rud a chiallaigh nach raibh ach na conarthaí aistrithe go Gaeilge. Anois, aistreofar gach doiciméad AE, ní hamháin na conarthaí, go Gaeilge.
In 2005, d’iarr rialtas na hÉireann go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre agus glacadh leis an iarratas in 2007.
Ach, mar gheall ar easpa baill foirne aistriúcháin cuireadh socrú maolaithe i bhfeidhm. Anois go bhfuil a dóthain baill foirne aistriúcháin, tá deireadh tagtha leis an socrú seo.
D’easaontaigh roinnt iarrthóirí eile sa chorrthoghchán le tuairim Bassett ar stádas na Gaeilge san AE. I ráiteas ríomhphoist le The University Times, dúirt Ryan Alberto Ó Giobúin: “Tríd cur in iúl go bhfuil aistriúcháin doiciméid oifigiúla go Gaeilge mar chur amú airgid, léirítear dearcadh drochmheasúil i dtreo na teanga agus iad siúd a labhraíonn í. Mar chuid de mhuintir Ghaeltacht Conamara, is léir dom go bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil do neart daoine. Is ceart mar shaoránaigh an AE, go mbeidh doiciméid AE ar fáil dóibh ina gcéad teanga.”
“Tríd an teanga a chur ar chomhchéim le teangacha eile agus aird a thabhairt uirthi, léirítear gur teanga bheo bheathach í”, dar le Ó Giobúin. “Má bhreathnaítear air i dtéarmaí airgeadais amháin, is sampla é seo a bheith ar an eolas faoin gcostas ar gach rud agus luach faic.”
“Cabhraíonn fostú cainteoirí Gaeilge dúchais i nGaeltachtaí go han-mhaith le hinfheistíocht sa tírdhreach eacnamaíoch agus sóisialta sna pobail Gaeltachta seo.”
Ag labhairt leis an nuachtán seo, dúirt Tom Clonan: “Rinne an AE cinneadh agus sílim go bhfuil sé mar an gcinneadh ceart. Sílim gur rud maith é d’Éirinn, tá sé go maith don teanga, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Táimid ar leith agus difriúil agus ba chóir dúinn é sin a cheiliúradh. Má tá sé costasach, bíodh amhlaidh.”
Dúirt Eoin Barry le The University Times: “Go bhfáilteoidh Aontas Eorpach nua-aimseartha teangacha agus cultúir mhionlaigh . Tá tuiscint ar an nádúir agus éagsúlacht faoi leith dár nAontas ríthábhachtach le go mbeadh an tAontas Eorpach freagrúil dá shaoránaigh sa 21ú aois.
I ráiteas le The University Times, dúirt Ursula Ní Choill: “Cuirim féin an-fháilte roimh stádas nua na Gaeilge san AE. Agus mé ar scoil, shiúl mé i mo chéad agóid riamh leis na céadta eile ó phobal na Gaeilge ar an 24 Aibreán 2004 san fheachtas a lorg stádas oifigiúil don teanga. Bhí mé an-bhródúil nuair a tugadh an stádas sin don teanga ach is trua gur thóg sé an oiread blianta stádas iomlán a bhaint amach.”
“Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge anois i measc na 24 teanga oifigiúil san AE. Léiríonn an chéim seo ilteangachas an Aontais agus gur teanga ag croílár na hEorpa í an Ghaeilge.”
Dúirt Sadhbh O’Neill leis an nuachtán seo: “Tá lucht spéise do nuacht trí ghaeilge agus meáin agus gliúin nua de chainteoirí líofa Gaeilge atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh leis an Stát agus fiú institiúdí AE trí Ghaeilge. Tugann an tslí go gcaitear leis an teanga mar theanga oifigiúil AE deis don teanga spreagadh atá de dhíth go mór, agus a thacaíonn go praiticiúil le pobail Ghaeltachtaí le stair laghdú daonra agus rátaí dífhostaíochta níos airde.”
“Mar aon leis sin tá na mílte daoine óga le hoideachas go hiomlán trí Ghaeilge acu”, arsa O’Neill, “agus beidh an sonrú nua AE mar mhór an leas dóibh freisin”.
“Tá formhór téacsanna AE leadránach, le bheith fíreannach, agus ní léifidh ach cúpla duine iad ar aon nós. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil siad ansin, ar fáil d’éinne atá ag iarriadh breathnú orthu más mian leo, agus i dteangacha oifigiúla eile an AE… Dá mba rud é go raibh airgead an t-aon rud le smaoineamh air, bheadh muid uilig ag déanamh ár ngnóthaí Eorpacha trí Ghearmáinis agus Franicis. Toisc gur fhág an Ríocht Aontaithe an AE, seans nach mbeidh an Béarla mar chuid de a thuilleadh.”
Dúirt Gisèle Scanlon: “Chonaic mé conas go bhfuil brú ar an [nGaeilge] le fás agus í i gcúlra reatha… Tá sé mar chuid d’fhorbairt na teanga toisc má tá an teanga ag athrú le páirt a ghlacadh i dtírdhreach nua na hEorpa. Fásfaidh agus athróidh an teanga chun deileáil le dúshláin nua.”
Chur Scanlon leis sin ag rá: “Tá an todhchaí ilteangach agus tá na daoine atá ag rá go bhfuil an Béarla mar theanga níos úsáidí ag cailliúnt amach ar an saibhreas agus traidisiúin laistigh de theangacha eile – tá an todhchaí i ndán dóibh siúd le dhá nó trí theanga agus nuair a fhoghlaimíonn tú níos mó, éiríonn sé níos éasca iad a fhoghlaim.
I ráiteas, chur an tUachtarán Michael D Higgins fáilte roimh stádas nua na teanga san AE, ag rá: “Cuireann sé ár dteanga ar chomhchéim leo siúd ata mar bhaill bhunaidh an Aontais, agus do na Baill Stáit a ghlac ballraíocht sna blianta ó shin. Is éacht suntasach é, agus beidh sé sásúil do mhórchuid daoine le bheith ar an eolas, go laethúil, go mbeidh an Ghaeilge in úsáid san Aontas Eorpach”.
“Impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú le athnuachan a dhéanamh lena gcaidreamh leis an nGaeilge”, a dúirt Higgins, “atá mar chuid lárnach dár n-oidhreacht”.
“Ní ghlacaim go héadrom leis an iliomad cúis nach bhfuil gaol láidir ag daoine leis an teanga, ach go háirithe leis na taithí éagsúla leis an gcóras oideachais le blianta anuas. Anois an t-am áfach, le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga.”
Tá Bassett ina iarrthóir do chorrthoghchán na Tríonóide, atá le tarlú san Earrach. Má thoghfar é, díreoidh sé ar polasaí eachtrannach neamhspleách, ag feabhsú gaoil leis an mBreatain agus ag cosaint saorchaint.
Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus bhain sé céim PhD amach sa Tríonóid sa bhithcheimic. Ó shin, d’fhreastail sé mar ambasadóir na hÉireann i gCeanada, san Iamáice agus sna Bahámaí. Bhí sé mar chuid de thoscaireacht rialtas na hÉireann d’idirbheartaíocht Aoine an Chéasta agus chabhraigh sé le Ciste Tacaíochta Imircigh do dhiaspóra na hÉireann.
Is Breatimeachtóir neamhbhalbh é agus d’éiligh sé go leanfadh Éire an Ríocht Aontaithe agus iad ag fágáil an AE.
Chabhraigh Mairead Maguire, Emer Moreau agus Jennifer Ní Chiara le tuairisciú don phíosa seo