De ghnáth nuair a foilsítear tuairisc a thugann léargas ar a mhinice is a tharlaíonn foréigean gnéasach in Éirinn, cuireann sé iontas agus uafás ar an phobal i gcoitinne agus déantar plé air ar feadh cúpla lá go dtí go ndéantar dearmad air.
Ach tháinig na torthaí is déanaí ar cé chomh forleathan is atá ciapadh agus foréigean gnéasach in ollscoileanna na hÉireann i ndiaidh gur básaíodh bean óg i ngealán an lae agus i ndiaidh an uafáis a lean ón phobal i gcoitinne maidir leis an easpa sábháilteachta a mbíonn mná ag fulaingt leis go rialta.
Arís eile, níl dhéanann an tuairisc nua seo ach an méid atá ar eolas ag cuid mhór mac léinn agus ball foirne cheana féin a dhaingniú: tá líon na n-eachtraí ina tharlaíonn chiapadh gnéasach agus foréigean gnéasach sna coláistí diabhalta ard. Is ábhar imní ar leith í an deighilt inscne maidir le taithí na mac léinn san ollscoil. Mar shampla, ní raibh fir chomh sásta briseadh isteach i coinne jóc ar éigniú mná is a bhí na mná féin. Dúirt fear amháin as cúigear gur aontaigh siad leis an frása déistineach “bhí sí á iarraidh”.
Is aduain an rud é mar sin go raibh sé níos coitinne do na fir a bheith den bharúil go raibh tuiscint mhaith acu ar cad is toiliú ann.
Ghlacadh go maith leis na ranganna toilithe, cosúil leis na cinn sin a chuireadh ar siúl i Hallaí na Tríonóide, mar dhóigh chun comhráite ríthábhachtacha maidir leis an gnéas sa choláiste a thosú. Tá argóintí in éadan ceardlanna éigeantacha a thabhairt isteach- cinnte ba cheart cead a thabhairt do daoine a rinneadh éigniú orthu gan freastal ar na ceardlanna muna bhfuil siad ag iarraidh suigh isteach ar chainteanna a chuirfidh isteach go mór orthu.
Ach déanann na ranganna toilithe sa tríú leibhéal cúiteamh ar an oideachas ab ceart a bheith múinte cheana féin ar scoil. Ní amháin gur cheart do choláistí athsmaoineamh a dhéanamh anois ar an dóigh a bhíonn siad ag teagasc oideachas toilithe, ach ní mór dóibh fosta stocaireacht a dhéanamh ar son bearta coisctheacha, cosúil le hoideachais toilithe bunaithe ar taighde.
Ní ga a rá nach réiteach foirfe iad na ranganna toilithe chun deireadh a chur le foréigean gnéasach sna coláistí. Ach ní na leor ceardlanna thoilithe sna hallaí, nó iad siúd a eagraíonn na cumainn iad féin. Is éigean do oideachas toilithe a bheith mar chuid lárnach de chúrsaí ollscoile. Ní mór a cheistiú má tá sé fóirsteanach an rogha a thabhairt do dhaoine gan a bheith páirteach.
Tá oideachas ar an toiliú sna hollscoile ró-scaipthe óna chéile: tá cuid den obair déanta ag na aontais, bhíonn oifigigh ann le gearrán foirmeálta a láimhseáil, agus ceapann ceannairí na gcoláistí go bhfuil gach rud i gceart – go dtí go dtagann a leithéid seo de staitisticí amach. Is gá anois do mhic léinn, do bhaill foirne, agus don rialtas teacht le chéile chun freagra ceart a fháil ar fhírinne throm an foréigean gnéasaigh i measc lucht léinn.