News
Feb 13, 2022

Scéim Chónaithe le Bunú in Ollscoil na Banríona Béal Feirste

Ciallaíonn sé seo go mbeidh lóistín lán-Ghaeilge ag an ollscoil.

Róise HannanLeas-Eagarthóir na Gaeilge

D’fhógair Ollscoil na Banríona, Béal Feirste go bhfuil rún acu bearta nua a thabhairt isteach chun Scéim Chónaithe Gaeilge a bhunú do Ghaeilgeoirí na hollscoile.

Má thugann seanad Ollscoil na Banríona cead don mholadh, meastar go mbeadh an scéim ag feidhmiú ó Mhí Mheán Fómhair 2022, mar a tuairiscíodh san Irish News inné.

Tabharfaidh an scéim chónaithe deis do mhic léinn le Gaeilge a bheith ina gcónaí le chéile in áras cónaithe lán-Gaeilge. Tá a leithéid de scéim ann in ollscoileanna ar fud na tíre, Coláiste na Tríonóide, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus OÉ Gaillimh ina measc.

ADVERTISEMENT

I ráiteas, dúirt Ollscoil na Banríona go mbeadh an scéim ar fáil do mhic léinn Ollscoil na Banríona atá ag déanamh staidéir ar chúrsa teanga nó ar chúrsa de chuid na hollscoile a bhfuil gné theanga ag baint leis. Tá an scéim chónaithe i gColáiste na Tríonóide oscailte do gach mac léinn fochéimí i mblianta 1-4.

D’eascair cinneadh na hollscoile ó fheachtas a bhí ar bun ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona le scéim chónaithe a bhunú sa choláiste. Bhí tacaíocht faighte ag an fheachtas ó Shinn Féin, ón SLDP, agus ón Alliance Party.

Chuir Cumann Gaelach na hollscoile ráiteas amach inniu ag cuir fáilte roimh an chinneadh seo:

“Bua suntasach i ndiaidh brú mór ar an Ollscoil ón Cumann Gaelach. Dúshlán go fóill romhainn, áfach, agus tá muid dúil le bualadh le QUB amach anseo chun an scéim a chuir i bhfeidhm. Sampla eile de chumhacht na hagóide Leanfaidh muid leis an bhrú poiblí go dtí go mbeidh #CeartaTeanga ar champas.”

Tá Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona go fóill i mbun feachtasaíochta chun comharthaí dátheangacha a fháil ar champas Ollscoil na Banríona.

I gColáiste na Tríonóide, cuireann Oifig na Gaeilge 18 spás ar fáil ar an scéim chónaithe – ar champas agus i Halla na Tríonóide – do mhic léinn a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Choláiste

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.