Bhí atmaisféar lag ann ag an Léachtlann Phoiblí an Déardaoin seo caite nuair nach raibh Tom Clonan i láthair le foghlaim gurb é a bhí tofa don Seanad ar Phainéal Ollscoil Átha Cliath.
Is léir nach dtaitníonn an Seanad ná Painéal na Tríonóide le Clonan. Dúirt sé gur mar agóid a bhí sé ag rith, agus níor fhan timpeall fiú le toradh an toghcháin a fheiceáil. Ach, toisc gurb é seo a tríú uair ag rith i gcomhair an Seanaid, is léir go bhfeiceann sé fiúntas éigin ann.
Tá an ceaart aige, cinnte, agus é ag rá gur éilíteachas atá i bpainéil na n-ollscoileanna – níor cheart in aon chor béim níos láidre a chur ar dhaoine de bharr na scoile ina raibh siad. Ach níl leasuithe móra le teacht go luath – tá smaoineamh gránna, neamh-labhartha, i roinnt grúpaí go bhfuil céimithe na gColáistí níos fearr mar vótálaithe na éinne eile, agus go mbeidh roghanna níos fearr acu dá bharr sin. Ní réitigh ar an bhfadhb bunúsach iad na leasuithe atá á bplé anois: tá sé fós míchothrom do dhaoine nach bhfuil céim Coláiste acu an vóta a thabhairt do gach duine a bhí i gColáiste ar bith.
Ní mór do Clonan a chumas a úsáid anois chun leasuithe ar chur ar an gclár. Ba cheart go mbeadh an teach uachtarach ar leibhéal níos airde na polaitíocht an lae agus a bheith ina áit do ghrúpaí nach mbíonn mórán ionadaíochta acu. Seo é an rud atá in ainm is a bheith sa phainéal talmhaíochta de chuid an Seanaid, mar shampla, ach cé chomh éifeachtach is atá siad agus ionadaithe eile á roghnú seachas na daoine?
Is iarrthóir foirfe é Clonan chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo –tá sé neamhspleách ar thaobh na polaitíochta de. Bíonn sé ag díriú isteach ar fhadhbanna – cosúil le cearta na ndaoine faoi mhíchumas – nach mbíonn aird go leor acu riamh. Tá vótálaithe ag seasamh ar son iarrthóra a bhí ag iarraidh a shuíochán féin a scriosadh – agus dá bharr sin tá gach seans nach mbeidh móran tacaíochta aige sa Seanad. Má tá Clonan i ndáiríre ag iarraidh an Seanad a bheith níos cothroime, ní mór dó bheith sásta a phost féin a chailleadh.