In Focus
Apr 16, 2024

Pádraig Mac Bhrádaigh: “Ní Chóir go gCaithfí dul Tríd an mBéarla chun Teacht ar an nGaeilge”

Déanann Abi Ní Mhuircheartaigh plé le Pádraig Mac Brádaigh faoi chúrsaí Gaeilge na Tríonóide agus a fhís don teanga sa choláiste.

Abi Ní MhuircheartaighÉagarthóir Gaeilge
blank
Photo by Bridget McBruiser for The University Times

Ní haon strainséir é Pádraig Mac Brádaigh le saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Cé gur rugadh agus tógadh é i Nua Eabhrac, tá Mac Brádaigh i measc na ndaoine is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge an choláiste a bhfeictear riamh. Smaoinigh ar aon áit sa choláiste le Gaeilge agus tá Mac Brádaigh ann. Óna bheith ag déanamh staidéar ar Luath agus Nua-Ghaeilge, a bheith ar an Scéim Cónaithe faoi dhó, a bheith ar choiste an Chumainn Ghaelaigh le trí bliana anuas, agus a bheith ina Oifigeach na Gaeilge reatha d’Aontas na Mac Léinn, ní fhéadfaí a shéanadh nach gcuir Mac Brádaigh é féin in iúl go láidir i bpobal an choláiste. Agus gan dabht beidh a láithreacht, agus láithreacht na Gaeilge, le brath go láidir an bhliain seo chugainn. D’éirigh lena bhfeachtas YesGaeilge an Fheabhra seo chaite. An aidhm a bhí ag an bhfeachtas seo ná chun Oifigeach na Gaeilge lánaimseartha a bheith againn in Aontas na Mac Léinn, seachas ach Oifigeach páirtaimseartha a bheith againn, mar a bhítear ann go dtí seo. Dá bhrí sin, is cinnte go mbeidh go leor á dhéanamh ag Pádraig Mac Brádaigh mar an gcéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gColáiste na Tríonóide. 

Fuair mé deis labhairt le Pádraig faoina bhua stairiúil agus a phlean do thodhchaí na teanga. Faoi láthair, tá dul chun cinn mór déanta aige do stádas na Gaeilge agus é mar Oifigeach na Gaeilge páirtaimseartha. Is cinnte go raibh tionchar mór ag Mac Brádaigh ar íomhá an Aontais ó thaobh na Gaeilge de. D’éirigh leis, i bpáirt leis an Oifigeach Cumarsáide Aiesha Wong, lógó nua dátheangach a chur i bhfeidhm. Ar an lógó seo, feictear AMCLT, acrainm ar Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, chomh maith leis an acrainm TCDSU, an leagan Béarla. Léiríonn an lógó nua seo go bhfuil spás ann don Ghaeilge san Aontas. “Táimid i ré nua anois agus tá lógó nua ag Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide”, a dúirt sé faoin bhforás sin. Ar bharr é seo, d’éirigh le Mac Brádaigh ainm Gaeilge oifigiúil a dheimhniú don Aontas. 

“Bhí sé giota beag doiléir cén t-ainm Gaeilge a bhí ar an Aontas.” Ar deireadh socraíodh ar Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, an leagan gramadúil, cruinn, agus ceart. Chomh maith leis an dul chun cinn sin, faoi bhrú Mhic Bhrádaigh, anois seoltar dhá ríomhphost gach seachtain, as Gaeilge agus as Béarla. Roimhe sin, bhí ort cliceáil ar nasc sa ríomhphost Béarla chun an ríomhphost Gaeilge a léamh. “Ní chóir go gcaithfimid mar chainteoirí Gaeilge dul tríd an ríomhphost Béarla chun teacht ar an ríomhphost Gaeilge, níl sé sin ceart nó cothrom”, arsa Mac Brádaigh go muiníneach. Cuireann an t-athrú seo in iúl do phobal an choláiste go soiléir go bhfuil Mac Brádaigh agus an t-aontas ag cruthú spáis don Ghaeilge. 

ADVERTISEMENT

Ina theannta sin, d’éirigh le Mac Brádaigh tionchar a bheith aige ar bhunreacht an aontais. Baineann sceidil a trí i mbunreacht aontais na mac léinn le toghcháin agus le reifrinn. “Mhol mé dóibh rialacháin a chur ann a bhain le cuóta a bheith ann ó thaobh earraí feachtas a chur amach trí mheán na Gaeilge.” Mar gheall ar seo, is gá le gach aon iarrthóir i ngach aon rás ar a laghad 10% dá gcuid postálacha a dhéanamh as Gaeilge, agus caithfidh gach forógra a bheith dhátheangach anois. Mar sin bhí níos mó Gaeilge le feiceáil le linn ama an toghcháin. Tugann seo an deis do Ghaeilgeoirí ionadaíocht na teanga a bhraith. Cuireann an ionadaíocht seo misneach ar an bpobal Gaelach. “Is céim chun chinn í sin, mar ní chóir dúinn dul tríd an mBéarla chun teacht ar an nGaeilge, agus ba chóir go mbeadh an rogha sin againn i gcónaí – Gaeilge a léamh, Gaeilge a chloisteáil, Gaeilge a labhairt.” 

Pointe lárnach ag fís Mhic Bhrádaigh ná an ceart maireachtáil trí Ghaeilge a bheith againn i gColáiste na Tríonóide. Ar ábhar na cumarsáide, tá seasamh daingean ag Mac Brádaigh. “Níl mise chun Béarla a labhairt, agus más gá, ní bheidh mé sásta, agus ceapaim gur chóir do phobal na Gaeilge a bheith mar sin fosta. Muna bhfuil muid cróga agus muna seasaimid an fód, ní bheidh na rudaí seo againn. Caithfimid a bheith cróga, caithfimid a bheith dána, agus tá súil agam gur thaispeáin an reifreann seo gur féidir linn a bheith cróga, gur féidir linn a bheith dána, agus gur féidir an bua a bheith againn. Sin a tharla i mbliana, bhí bua ollmhór againn toisc gur sheasamar an fód ar ár son féin agus tá súil agam go leanfaidh pobal Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar aghaidh.” Tugann seo léargas suimiúil ar intinn Mhic Bhrádaigh agus a aisling do stádas na Gaeilge sa bhliain ag teacht.

Nuair a chuir mé ceist ar Mhac Brádaigh faoina aidhmeanna don bhliain seo chugainn, d’aithin sé go bhfuil bealach fada ann agus nach bhfuil rudaí chun athrú thar oíche. Thuig sé gur iarracht fhadtéarmach a bheidh ann chun comhstádas a bheith ag an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide. “Is cinnte go bhfuil a lán téipe deirge os mo chomhair ó thaobh riaracháin na hollscoile de agus chun an fhírinne a rá, níl a fhios agam cad go díreach is féidir liom déanamh in aon bhliain amháin toisc gur ról úr nua é seo. Is féidir liom a gheallúint go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall chun na rudaí a bhí i m’fhorógra  a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir liom. Táim ag díriú ar thús láidir a chruthú don ról seo, agus ba mhaith liom tionscadail agus feachtais a thosú ar féidir leis na daoine a dtagann i mo dhiaidh leanúint orthu.” É sin ráite, tá plean aige ionas go mbeidh an méid is mó Gaeilge le brath sa choláiste. 

Ó thaobh an oideachais de, ba mhaith leis gealltanas a fháil ón ollscoil go dtosóidh siad ag obair ar chúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge, cúrsaí nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar acu. “Ní chóir go gcaithfí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge fhéin chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge. Ní bheidh todhchaí proifisiúnta ag an nGaeilge i sochaí na hÉireann i gcoitinne muna bhfuil muid in ann gnó agus innealtóireacht agus dlí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tuigim agus glacaim leis go hiomlán gur phróiseas fadtearmach a bheidh i gceist chun é seo ar fad a bhaint amach agus nach mbeidh sé éasca, agus go mbeidh a lán dúshlán romhainn ach caithfimid tosú ar an obair seo anois. Níl faic déanta ag riarachán Choláiste na Tríonóide roimhe seo. Tá spriocanna ag an rialtas go mbeidh 20% d’earcaigh nua de chuid na stát seirbhíse cumasach sa Ghaeilge faoin mbliain 2030, agus i ndáiríre ní dóigh liom go bhfuil sé sin chun tarlú mar níl faic déanta ag na hollscoileanna chun na cúrsaí seo a chur ar fáil trí Ghaeilge. Muna bhfuil céimeanna cumasacha ar fáil, ní bheidh na seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Caithfidh Coláiste na Tríonóide a chuid féin a dhéanamh chun an sprioc seo a bhaint amach. Ba mhaith liom brú a chur ar riarachán na hollscoile chun a chuid féin a dhéanamh i dtreo na sprice seo.”

Ar bharr a sprioceanna oideachais, tá níos mó aidhmeanna ag Mac Brádaigh ó thaobh na siamsaíochta de. “Ba mhaith liom comhoibriú leis an oifigeach siamsaíochta in aontas na mac léinn chun imeachtaí dátheangacha a chur ar siúl. Imeachtaí fíor-dhátheangacha, mar nuair a deirtear go mbeidh rud éigin dátheangach ar siúl, den chuid is mó ní bhíonn, Béarla a labhraítear ann den chuid is mó”, arsa seisean. Aithníonn Mac Brádaigh na deacrachtaí a dtagann le heagrúchán imeachtaí dátheangaigh. “Mar oifigeach na Gaeilge lánaimseartha is gá freastail ar réimse an-leathan de leibhéal chumais –  tá Gaeilge líofa ag cuid againn, níl ach cúpla focal ag cuid eile agus tá leibhéal eatarthu siúd ag níos mó, agus is gá freastal ar ghach leibhéal. Cé nach bhfuil Gaeilge líofa ag daoine eile, níor chóir go gcuireann sé sin bac orainn Gaeilge a labhairt. Mar i ndáiríre, ní leis an ngnáth Gaeilgeoir an fhadhb nach bhfuil Gaeilge ag daoine eile. Is liomsa an fhadhb sin, mar is mise a bheidh ag plé leis an ollscoil fúithi.” Léiríonn an dearcadh seo díograis Mhic Bhrádaigh agus is cinnte go ndéanfaidh sé a seacht ndícheall chun an dúshlán seo a shárú. 

“An t-aon rud a déarfainn anois le pobal na Gaeilge ná nach é seo deireadh an scéil. Is cóir dúinn a bheith sásta agus is cóir dúinn é seo ar fad a chéiliúradh, cinnte, ach ní hé seo deireadh an scéil. Ní thig linn a bheith ​​boigéiseach, ní chóir dúinn a bheith ró-shásta linn féin, mar tá rudaí eile i gcónaí ann is féidir linn baint amach. Caithfimid a bheith suas chun dáta le seo ar fad agus gur chóir dúinn i gcónaí a bheith ag breathnú ar an gcéad céim eile, ar ár son féin. Mar níl Béarlóirí ag troid ar ár son, caithfidh muidne troid ar ár son féin. Creidim go láidir i bpobal na Gaeilge. Caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil le pobal na Gaeilge sa choláiste mar ní bheinn in ann aon chuid de seo a dhéanamh gan an tacaíocht iontach a bhfuair mé ó mo chairde sa Chumann Gaelach, ar an Scéim Cónaithe, i mo chúrsa, agus i Roinn na Gaeilge. Is pobal iontach muid agus cé gur chóir dúinn i gcónaí a bheith ag amharc ar an gcéad céim eile, ba mhaith liom a rá gur chóir dúinn ár bpobal a chothú i gcónaí, mar is rud speisialta atá againn anseo i gColáiste na Tríonóide.” 

Is cinnte go bhfuil todhchaí mhaith i ndán don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide faoi stiúir Mhic Bhrádaigh. I mbliana, leag sé amach an bhunchloch d’athruithe móra sa choláiste. Leis an méid mór atá déanta ag Pádraig Mac Brádaigh cheana féin agus é ina oifigeach páirtaimseartha, níl aon amhras ann ach go mbeidh ról i bhfad níos lárnaí ag an nGaeilge sa choláiste sa todhchaí. Is cinnte go bhfuil pobal Gaeilge an choláiste ag tnúth go mór le ré an cheannródaí seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.