blank
Magazine
Sep 21, 2024

Conas a bheith gnóthach ag déanamh faic?

Ceacht tábhachtach ar a bheith díomhaoin sa choláiste.

Fachtna Mac ConghailEagarthóir Gaeilge

Tá géarchéam buailte linn le tamall sa domhan déistineach seo – Tá gach éinne ró-ghnóthach. Tá féith na spaisteoireachta, na crochadh timpeall, agus féith faic a dhéanamh caillte ag formhór againn. Sa choláiste fiú, idir aistí, scrúdáithe agus an saol dialmhar sóisialta, ní minic go mbíonn am againn chun buntáiste a bhaint as an leadrán. Mar sin, tá dhá bhliain anois caite agam I gColáiste na Tríonóide, fé leithscéal mo bhunchéim, ag déanamh dian-staidear agus machnamh ar conas mo shaol a mhoilliú síos. Tá cúpla ceacht anois leagaithe síos agam ó mo chuid saothar gur mhaith liom a roinnt.

 

An bhfuil mé chun rith ó Halla Goldsmith go Bloc na hEalaíona go léacht leamh, leadránach? Gan amhras, níl! Tá an-iomarca machnamh le déanamh agam ar an tslí sall, agus seans, fiú, gur gá dom suí síos chun an dian-mhacnamh seo a dhéanamh, taobh leis an bpáirc cruicéad, sa Zón Ma Léinn nó lasmuigh den ‘Perch’. Is cuma más smaointí fé m’obair, mo thrioblóidí ná m’fhilíocht atá ann, mar is cinnte go bhfuil siad níos tábhachtachtaí ná rang polaitíochta gur féidir liom a chur ar leath-cheal. Pé scéal é, is cinnte freisin go mbeadh mo léachtóir sásta a chloisint go bhfuil machnamh fós ag tarlú i measc an t-aos óg, rud atá annamh sa lá inniu ann.

ADVERTISEMENT

 

Tá an t-ádh linn i gColáiste na Tríonóide go bhfuil fuíollach radharcanna áille againn ar campas agus fuíollach eile binsí le cur leis na racharcanna seo. Is ceist ana-chasta é, áfach, an láthair ná radharc ceart a aimsiú duit fhéin agus, corruair, ní bhíonn fiú an rogha tugtha duitse in aon chor! Is minic, ambaiste, gur a mhalairt a tharlaíonn agus gur an bínse, stól ná cúinne dorcha sa leabharlann a roghnaíonn tusa!  “A chroí, suigh anseo liom…”, a chuala mise go ciúin, agus mé ag breathnú ar bhinse folamh lasmuigh de Bhloc na hEalaíona. Anois, b’fhéidir gur mise amháin a gcloiseann an guth seo agus, mar sin, mholfainn freisin do chuid plé a dhéanamh leis an ‘Trinity Bench Society’ chun an suíochán ceart a fháil dod’ mhacnamh.

 

Anois, ní mhairfá ró-fhada ag suí i d’aonar, ar an ndrochuair, sara dtabharfá fé n-aire go bhfuil tú a labhairt leat fhéin, nó, níos measa fós, go bhfuil daoine ag breathnú ort ag labhairt leat fhéin. Caithfidh tú, mar sin, compánach a lorg le bheith i do theannta i  ndian-chuimneamh ná caint. Bhí an t-ádh liomsa cladhaire breá d’fhear a fháil mar mo chomhluadar, ach tá daoine eile feicthe agam le cait, le faoileáin ná le francaigh (na cinn l’eireabaill) – Tá do rogha fhéin agat! Bí cúramach, áfach, go bhfuil do chara chomh cumasach leat fhéin ó thaobh leisce de – Is iomaí compánach agamsa ar thréig ár gcomhrá chun dul go léacht, agus chun mise a fhágáint ar lagmhisneach i m’aonar! Ochón ó!

 

Ceart go leor, mar sin, tá tú ag suí le cibé liúdramán atá roghnaithe agat mar chomhluadar, ach níl críoch le do cheacht fós! Cad a ndéanfaidh tú le do ghéaga? Ní féidir bheith ansin suite go rian agus an dá lámh ag luí ar an dhá ghlúin agat cosúil le robot éigin! An ceacht is tabhachtaí atá agam duit ná chun cineál ríogacht a bheith fút fhéin agus tú ar do sháimhín só. Mholfainn do chosa a thrasnú ar a chéile agus uillinn amháin a shíneadh ar chúl an bhinse chun tacú led’ mheáchan. Tá do dharna lámh ansin rí-thábhachtach – Caithfidh tú rud éigin a bheith agat sa lámh sin chun tú a choiméad gnóthach. Tá trí rogha agat anseo, i ndáiríre, idir toitín, caifé nó piúnt, agus tá búntáistí agus mí-bhuntáistí ag baint leo go léir. Mar shampla, níl na toitíní thar a bheith sláintiúl, ach tá said cool ar fad. Freisin, tá piúnt ana-bhlasta, cinnte, ach bheadh droch-cuma ort suite ag ól don lá, fiú dá bhfanfá ciallmhar an t-am ar fad. Mar sin, tá mé fhéin socruithe ar caifé a ól agus mé ag crochadh thart, ag déanamh faic, ach ní fhéadfainn droch-fhocal a rá fé toitín ná piúnt ach an oiread!

 

Samhlaigh pictiúr anois duit fhéin ag suí ar do sháimhín só ag caint an lá ar fad – quell vie nach ea? Fiú amháin más uair sa tseachtain a scaoileann tú leat fhéin do shaol a mhoilliú síos agus roinnt crochadh thart agus caint a dhéanamh idir, nó in ionad, léachtaí, bí cinnte an deis sin a thógaint dod’ mhaitheas fhéin. Ní hamháin gur roinnt leisce riachtanach a gheobhaidh tú ón am seo, ach, muise, beidh cuma anachliste ar fad ort agus tú ag spaisteoireacht, ag bheith díomhaoin, agus ag déanamh faic. Theip ormsa sa chéad bhliain dá bharr, ach, a chara, bhí an taithí sin ag teastáil uaim agus mé ag iarraidh mo chuid taighde ar leisce a leagan amach, agus leanfaidh sé ar aghaidh amach anseo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.