Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 24, 2024

Ní mór don Cholásite Ainm Nua a Bhronnadh ar Shean-Leabharlann Berkeley go Pras

Le níos mó ná bliain go leith caite ón gcinnneadh an t-ainm Berkley a bhaint ón leabharlann, tá cuma ar an scéal nach bhfuil an coláiste in ann teacht ar ainm nua dó.

Leis an mBord Eagarthóireachta

In Aibreán na bliana 2023, tar éis cinneadh de chuid Bord na hOllscoile, chinn an Coláiste  ar ainm Berkeley a bhaint ón leabharlann. Bhí an t-ainm “an Leabharlann” le bronnadh go dtí go raibh ainm nua roghnaithe ní ba dhéanaí na bliana acadúla sin. Ach, bliain go leith ina dhiaidh sin, níl ainm nua go fóill ag an Leabharlann.

 

Téann an chonspóid maidir le hainm na leabharlainne siar go 2020, tráth inar dhúirt an Coláiste nach raibh plean acu ainm nua a bhronnadh ar an leabharlann, cé go raibh comhráite ar siúl maidir leis an ainm céanna. Ach tar éis ainm Erwin Schrödinger a bheith bainte go sciobtha ó léachtlann ag Scoil na Fisice, i ndiaidh teacht chun solais an chiaptha gnéis a rinne sé ar chailíní óga, léirigh cuid mhór daoine mearbhall agus fearg nach raibh ainm Berkeley bainte chomh sciobtha céanna. Is úinéir sclábhaí agus gníomhaí ar son sclábhaíochta a bhí ann i ndeireadh na dála – agus níorbh aon rud nua an t-eolas sin.

ADVERTISEMENT

 

Tar éis líomhaintí go raibh an Coláiste ag cur moill ar cheist ainm na leabharlainne, tosaíodh achainí i bhFeabhra 2022. Fuair an t-achainí níos mó ná 300 síntiúis, rud a bhrúigh ar AMLCT vótáil chun brú a chur ar an gColáiste ainm nua a bhronnadh ar an leabharlann. Mar sin, i mí Lúnasa na bliana céanna, tosaigh AMLCT ag glaoch “an Leabharlann X” uirthi. D’fhógair an tAontas go n-úsáidfeadh sé an t-ainm sin feasta go dtí go n-eiseoidh an Coláiste plean cuimsitheach maidir le hath-ainmmiú an fhoirgnimh.

 

Mar fheagra air sin, thosaigh an Legacies Review Working Group sa Tríonóid – a raibh mic léinn, lucht foirne acadúla agus proifisiúnta, agus daoine ó thaobh amuigh mar bhaill air – athbhreithniú géar ar na ceisteanna a bhain le hath-ainmniú na leabharlainne. Faoi thús Eanáir 2023, bhí 93 aighneacht curtha isteach maidir leis an Easpag George Berkeley ó réimse leathan daoine – alumni agus saineolaithe idirnáisiúnta ar Bherkeley san áireamh. Ina measc siúd, níor mhol ach 16 aighneacht ainm Berkeley a choinneáil ar an leabharlann.

 

Ní mór ceist amháin a chur i ndiaidh sin is uile: cén fáth, tar éis blianta feachtasaíochta ag AMLCT, aighneachtaí ón bpobal, agus gealltanas ón gColáiste freagra a fháil ar an gceist seo, nach bhfuiltear ag teacht chun réitigh?

 

Idir an dá linn, tá go leor leor ainmneacha molta ag mic léinn, ag lucht foirne, agus ag daoine eile: Theobald Wolfe-Tone, Oscar Wilde agus Mary McAleese ina measc. Thairis sin, mar chuid d’iarracht díospóireacht phoiblí ar ainm na Leabharlainne a chur chun cinn, d’eagraigh an Hist díospóireacht deichniúir an Feabhra seo caite. Cúigear mac léinn agus cúigear aoi-chainteoir, ina n-áirítear Micheline Sheehy Skeffington, an tOllamh James Smyth, Mary McAuliffe, Brian Lennon, agus an tUrramach Gordon Linney, a labhair ann maidir le cén ainm ar cheart a chur ar an Leabharlann. Ach fiú leis an suim nua seo nochta ag na mic léinn, ní dheimhnigh an Coláiste go raibh cainteanna ar siúl, agus dhiúltaigh an Tríonóid amchlár poiblí a roinnt maidir leis an bpróiseas ath-ainmniúcháin.

 

Cé go bhfuil go leor éiginnteacht maidir le todhchaí na Leabharlainne X faoi láthair, tá rud amháin soiléir: ní mór teacht ar réiteach go pras. Níl aon easpa suime ann i measc mac léinn, alumni, lucht foirne a bhí nó atá ag an gColáiste, ná ó dhaoine ón sochaí i gcoitinne. Ní mór freagra a fháil ar an gceist le go mbeadh an Tríonóid in ann bogadh ar aghaidh.