News
Sep 16, 2024

Treoir na gCumann do Lucht na bhFreisear

Cuireann Abi Ní Mhuircheartaigh roinnt cumann an choláiste in aithne.

Abí Ní MhuircheartaighEagarthóir Gaeilge

Mathsoc/ An Cumann Matamaitice 

Cuireann an Cumann Matamaitice spás ar fáil do mhic léinn teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar ghach rud ag baint le matamaitic. Bíonn idir imeachtaí sóisialta, ranganna teagasc, agus cainteanna eolasacha á eagrú ag an gcumann seo le linn na mbliana. Tá na himeachtaí ar fáil do chách, is cuma cén caighdeán mata. Ina dteannta, eagraítear limistéar dúnta dá mball na mban agus do na baill aiteacha, limistéar ina féideir leo teacht le chéile i dtimpeallacht fáilteach agus séimh. Tá seomra an chumainn suite ar bhunurlár an Hamilton.

Tá an Cumann Matamataice ar fáil ar Instagram @tcdmathsoc.

ADVERTISEMENT

 

An Cumann Gaelach

Cuireann an Cumann Gaelach imeachtaí ar siúl trí Ghaeilge. An aidhm atá ag an gcumann seo ná an Ghaeilge agus an cultúr gaelach a chur chun cinn sa choláiste. Tá an cumann seo ar oscailt do Ghaeilgeoirí de ghach chaighdéan. Le himeachtaí ar nós díospóireachtaí, péinteáil agus prosecco, agus lón saor in aisce gach Dé Céadaoin, tá an Cumann Gaelach ag bailiú nirt le gach aon bhliain. Tar chuig Seomra na Gaeilge, suite os cionn Bialann an Bhutrach i mBotany Bay, chun a bheith páirteach i saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Lean ar an gCumann Gaelach ar Instagram @cumanngaelachtcd.

 

The Phil/ An Cumann Fealsúnachta

Bunaithe sa bhliain 1683, is é an Cumann Fealsúnachta an cumann mic léinn is sine ar domhan agus an cumann is mó i gColáiste na Tríonóide. Tá ballraíocht ceithre bliana ag an gcumann seo, agus mar sin faigheann tú teacht ar imeachtaí sóisialta, díospóireachtaí ar bhonn seachtaine, agus óráidí eisiacha ó aoichainteoirí mór le rá le linn do chéim ar fad. Leagann an Cumann Fealsúnachta béim ar chaint phoiblí agus díospóireacht. Bíonn traenáil díospóireachta agus ceardlanna ar siúl chun misneach a thabhairt do dhaoine de ghach cumas páirt a ghlacadh. Chomh maith, tá ceithre fhochoiste ag an gcumann. Tugann an Udoma glór do mhionlaigh cine agus eitnigh. Seasann an Eliz do mhná agus do mhionlaigh inscne. Cothaíonn an club Bram Stoker dioscúrsa trí scríobhneoireacht agus léitheoireacht páipéar. Is í an aidhm ag an gcoiste baill neamhghnách ná nasc a chothú le halumnais an chumainn. Cruthaíonn na fochoistí agus an gnáthchoiste cumann le himeachtaí ar fáil do ghach duine. Tá an Cumann Fealsúnachta lonnaithe sa GMB. Tá siad ar fáil ar Instagram @tcdphil.

 

Envirosoc/ An Cumann Timpeallachta 

Is í an aidhm ag Cumann Timpeallachta Coláiste na Tríonóide ná inbhuanaitheacht a chur chun cinn sa choláiste. Le gníomhaíochtaí ó cheardlanna inbhuanaithneachta agus turais na siopaí cathanachtaí go cainteanna oideachasúla, tá imeacht do ghach duine ag an gCumann Timpeallachta. Tá leabharlann, dar ndóigh de théama na timpeallachta acu, suite ina mbunáit i seomra tríocha trí i dteach a sé. Chomh maith bíonn margadh á eagrú acu, lena mbrabúis go léir ag dul chuig Gaza. Coinnigh súil ghéar ar a n-Instagram @environmental_soc_tcd chun a bheith ar an eolas faoina n-imeachtaí.

 

Fashion soc/ An Cumann Faisin

Cruthaíonn Cumann Faisin na Tríonóide limistéar ilghnéitheach chun misneach a thabhairt do dhaoine a stíl phearsanta a thaiscéal, sa fíorshaol agus ar líne. Cothaíonn an Cumann cruthaitheacht agus pearasantacht lena n-imeachtaí i rith na mbliana. Bíonn malartuithe éadaí agus ócáidí shóisialta á eagrú ar bhonn rialta ag an gCumann Faisin. Cuirtear achoimre ar na feistis is fearr le feiceáil ar champus gach seachtain ar a n-Instagram @fashionsoctcd.

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.