Tá athbheochan cultúrtha faoi lán seoil ar fud na tíre. Is léir go bhfuil borradh nua faoin nGaeilge mar theanga a bhfeictear trí rath an ghrúpa rap Kneecap agus an scannán Gaeilge, an Cáilín Ciúin. Mar chuid de seo, tá daoine ag déanamh iarrachta an stiogma a bhaineann leis an nGaeilge a bhriseadh. Deirtear, “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste” chun daoine a spreagadh í a úsáid. Ach, bíonn conspóid ann: le nua-Ghaeilge ag fás i measc na ngaelscoileanna, an pobal ar líne, cainteoirí neamhdhúcasacha, agus an meon laissez-faire ag baint leis an tseanfhocal, tá amhras ann, go dbhféadfadh an saghas Gaeilge seo a bheith mar chontúirteach do fhéiniúlacht agus do chaighdeán na teanga.
Tá ceangal idir Gaeilge thraidisiúnta agus cultúr. Sampla maith de seo ná RTÉ Radió na Gaeltachta. D’éisigh siad cláraithe a thug tosaíocht do cainteoirí tradisiúnta. Is léir go raibh bearna idir na cainteoirí dúcasacha agus neamhdhúchasacha dá bharr.
Anois sna ceantair uirbeacha, go háirithe i mBaile Átha Cliath, tá réim nua de Ghaeilgeoirí tar éis teacht chun chinn. Glaotar new speakers (nua-cainteoirí) orthu. Ní tógadh iad le linn a n-óige leis an nGaeilge mar theanga phríomh-soisialiú agus ní labhraítí Gaeilge ansin san am atá thart ach tá iarracht ann í a labhairt. Tá tionchar galldaithe ann nuair a labhraítear í mar is le Béarla a thógadh na nua-cainteoirí seo. Bíonn níos mó aistriúcháin díreach ann idir an Béarla agus an Ghaeilge -glaotar Béarlachas ar seo. Mar shampla, ag cuir na hiarmhíre -áil le hainmfhocal chun é a athrú go briathar – cosúil le tóináil timpeall chun arseing around a rá. Chomh maith, úsáidtear níos mó focal iasachta cosúil le cócó / coco, concréit / concrete.
De thairbhe faichill na nGaeilgeoirí (agus easpa cainteoirí b’fhéidir) bhí am ann ina raibh an theanga theoranta ó thaobh foclóirí de. Áfach, de réir a chéile cuireadh saibhreas leis an nGaeilge le focail nua – ach conas a chumtar iad? Bíonn Coiste Téarmaíochta i gceannas ar chaighdéan oifigiúil na Gaeilge. Bíonn sé seo á réachtáil ag daoine ó chúlraí éagsúla; teangeolaí, iriseoirí, agus cainteoirí dúchasacha a bhuaileann le chéile gach mí. Cruthaítear thart ar trí mhíle focal nua gach bliain agus thart ar trí chéad focal focal in aon mhí amháin. Is tábhacht an rud é focal le leath-chuma Béarla air a sheachaint sa phróiseas agus blas Gaeilge a chur air. Mar shampla, tá aistriúchán pass the parcel mar chur thart an beart, nó earworm mar éistphéist. Agus mura bhfuil aistriúchán Gaeilge ann, is féidir iarratas a dhéanamh ar tearma.ie. chun focal nua a fháil.
Ar an lámh eile, tá spás ionchuimsitheach ag fás do Ghaeilgeoirí ar líne agus sa saol laethúil.Tógaimís mar shampla Coiste na bhFocal Nua. Céard é? “Ar dtús ama, joke a bhí ann agus díreach a thastaigh rudaí greamara”, a dúirt ionadaí an choiste, “agus anois is arís cumann muid focal nua”. An aidhm ag an gcoiste ná focail nua-aimseartha (agus uaireanta focail dána) a scaipeadh ar líne agus amuigh sa domhan féin. Is dá bhfeachtas #GuerillaGaeilge a bhfeictear iad is minice. Céard is Guerilla Gaeilge ann? Comhráite dá-theangacha a phléann ábhair a sheachnaítear uaireanta agus an Ghaeilge á múineadh. Nó, i dtearmaí simplí an leagan Gaeilge de Urban Dictionary atá ann. Tugann Coiste na bhFocal Nua léargas ar na spásanna agus acmhainní nua atá againn mar Ghaelgeoirí.
De réir le Coiste na bhFocal Nua, is ceist spéisiúil í an nua-Gaeilge. Bhí sé suimiúil mar, uaireanta, bíonn míthuiscint ar dhaoine a bhíonn ag iarraidh focail le cuma leath-Béarla a sheachaint. Tugtar sampla: “ba fhearr leo (cainteoirí dúchasacha) an focal ‘gluaisteán’ a úsáid in ionad ‘carr’, ach is seanfhocal ceilteach é ‘carr’ agus ‘gluaisteán’ ba focal sách-nua é.” Ar an taobh eile den scéal, “tá sé tábhachtacht go bhfuil na focail nua ag teacht ó mheon nó leis an aigne Gaelach”. Caithfear a bheith curamach, ag glacadh le focail áirithe toisc go bhfuil an Béarla “ag dul i bhfeidhm ar ghach gné den teanga”. Ní bhaineann sé le stórfocal amháin ach leis an mbealachsmaointeoireacht, agus fuaimniú.. Ag an am céanna, molann an Coiste go gcaithfimid tuiscint go “(g)cuireann sé leis an nGaeilge. Bhí tréimhse fada ann nach raibh an Ghaeilge glacadh le mórán focal ó theangacha iasachta agus cé gur mheán an-mhaith é chun ealaín agus chun spraoi agus a leithead a bheith agat, caitheadh saghas éagsúlacht a bheith inti.”
Ar an ndrochuair, is cosúil gur feiniméan comónta é an galldú. I ndeireadh na ndála, ní hamháin an Ghaeilge a bhfuil Béarla tar éis dul i bhfeidhm ar. Áfach, tá stair ar leith ag Éirinn leis an mBreatain, cé gur chuir siad an teanga dhúchas agus cultúr na tíre faoi chois. Chun ár bhféiniúlacht agus oidhreacht a fháil ar ais, níl ach mion-ceist í an Nua-Gaeilge. Caithfear glac leis, agus ag deireadh an lae, tá sé riachtanach go úsáidtear an Ghaeilge go laethúil, i ngach gné den saol.