News
Oct 24, 2024

Eispéireas Europa: An tAontas Eorpach i gCroílár Bhaile Átha Cliath

D’oscail an ionad cuairteora idirghníomhach i rith mhí Dheireadh Fómhair.

Abi Ní MhuircheartaighEagarthóir Gaeilge

Tá láithreacht na hEorpa le braith go láidir i mBaile Átha Cliath le hoscailt an Eispéiris Eorpa le linn mhí Dheireadh Fómhair. Tá Éire ina bhall den Aontas Eorpach le breis is tríocha bliain anois, agus tugann an ionad seo deis do ghnáthdaoine na tíre buail isteach chun foghlaim faoi áit na hÉireann san Eoraip. 

Tá an t-Eispéireas Europa suite in Áras na hEorpa, i gcroílár phríomhchathrach na hÉireann. Le cúig urlár, tá an áit beo le gluaiseacht. Is fuadar oibre é an t-Áras d’ionadí Parlaiminte na hEorpa agus don Coimisiún Eorpach. Tá Oifig Idirchaidrimh Parlaiminte na hEorpa suite san fhoirgneamh chomh maith. Tá an taispéantas idirghníomhach ar oscailt don phobal, leis an gcúigiú urlár ar fáil do thurais grúpaí le haghaidh rólimeartha faoi fheidhmiúcháin na Parlaiminte agus na Comhairle. Tá fáilte roimh dhreamanna ó bhunscoileanna, ó mhéanscoileanna, agus ó ollscoileanna teacht i dteagmháil chun turas cuimsitheach a eagrú chuig an ionad. 

Is í an aidhm ag an ionad seo ná tuiscint níos doimhne a chothú ag muintir na hÉireann ar fheidhmiúcháin na hEorpa. Is féidir le cuairteoirí foghlaim faoi na cinntí á dhéanamh ag institiúidí na hEorpa, cinntí a dtéann i bhfeidhm orainn ar fad mar shaoránaigh na hEorpa. Tugann suíomh lárnach an ionaid deis so-aimsithe do dhaoine eolas cruinn, ceart a fháil faoi imeachtaí na hEorpa. Tagann an Eoraip níos gaire dá saoránaigh le hoscailt an ionaid seo. 

ADVERTISEMENT

Is cuairt féin-treoraithe atá i gceist leis an ionad, le treoraithe ar fáil an t-am ar fad chun breis eolais a thabhairt nó chun dreas cainte a bheith acu leis na cuairteoirí. Tá fáilte roimh chuairteoirí úsáid a bhaint as na scáileáin idirghníomhach ionas gur féidir leo foghlaim faoin Aontas Eorpach. Tá an taispeántas ar fad ar fáil trí ghach teanga oifigiúil na hEorpa ar bhealach cóir cothrom. Chomh maith leis sin, tá pictiúrlann 360° ann. Cuirtear físeán faoi thábhacht na hEorpa ar fáil le fotheidil ann chomh maith. Ar bharr é seo, bíonn taispeántas ealaíne ar siúl san ionad. “Eoraip i gCroí na hÉireann” an t-ainm atá ar an taispeántas reatha. Déanann an taispeántas seo céiliúradh de shaothar a léiríonn saibhreas cultúrtha na hÉireann agus ár n-áit thábhachtach san Aontas. Aithríonn an taispeántas ar bhonn rialta, le saothar le teacht ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus ó Ghailearaí Ealaíne Crawford i gCorcaigh. 

Is fiú é a rá go bhfuil an treoir ar fáil go hiomlán as Gaeilge. Mar theanga oifigiúil na hEorpa, agus dar ndóigh an stáit, tá áit na Gaeilge socraithe go daingean maidir le cúrsaí Eorpacha. Tá Gaeilge ag roinnt de na treoraithe ag obair ann agus tugtar misneach do chuairteoirí a nGaeilge a úsáid agus iad i mbun an cuairte. Fiú muna bhfuil Gaeilge líofa agat, tá spás ann duit chun do chúpla focail a úsáid. 

Is cuairt saor in aisce í agus tá fáilte roimh ghach duine buail isteach. Bíonn an ionad ar oscailt ar 11 Sráid Chatham gach lá, an Luan go dtí an Aoine ó 9:30-17:00, agus dé Sathairn agus dé Domhnaigh idir 12:00-18:00. Is féidir leat lean ar @ep_ireland ar Instagram chun an eolas is déanaí a fháil faoi chúrsaí na hEorpa in Éirinn. 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.