Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2024

Ní Phribhléid é Lóistín an Choláiste ach Pionós

Tá fadhbanna ag baint le lóistín an champais cloiste ag daltaí an Choláiste le fada an lae.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní fhéadfaí a shéanadh nach bhfuil foirgnimh an champais go hálainn, nó nach bhfuil an suíomh áisiúil ar fad, go háirithe do mhic léinn na bliana deireanaí, a bhaineann an leas is mó ó na seomraí agus na harasáin ar fáil. É sin ráite, is cinnte go n-íocfar go daor as na buntáistí see, agus ní bhaineann an costas amháin leis an airgead.

 

Bíonn costas idir €170 agus €276 in aghaidh na seachtaine d’aon seomra amháin, é mar sheomra singil nó in arásan comhroinnte, le táillí fóntais eile ar leith, ag braith ar an bhfoirgneamh. Tugtar “ríchostasach” ar na táillí seo agus is mór an chúis machnaimh í céard, i ndáiríre, atá daltaí ag íoc as. 

ADVERTISEMENT

 

Cuireann Lámhleabhar Cónaitheoirí na Tríonóide, atá ar ghach dalta ina gcónaí ar champas léamh, in iúl treoir shábháilte agus slándáil an Choláiste. Chomh maith leis sin, cuirtear eolas ar fáil faoin faoi pholasaí cuairteora thar oíche an Choláiste. Luaitear go bhfuil cead ag na conaitheoirí aon chuairteoir thar oíche amháin a bheith acu. Áfach, ní mór don chuairteoir thar oíche a bheith sínithe isteach roimh mheán-oíche trí fhoirm iarratais leictreonach líonta ag an gcónaitheoir. Ina theannta sin, dá mbeadh an cónaitheoir ag iarriadh go bhfanfadh a gcuairtoir ar feadh níos mó ná ceithre óiche i ndiaidh a chéile, ní mór dóibh cead speisialta a fháil ón Deán Sóisearach. Ní stopann na srianta ansin. Níl cead ag cónaitheoirí cuairteoirí a bheith acu le linn tréimhse na Nollag agus na hAthbliana, nó ar oíche Báil na Tríonóide. Chomh maith leis sin, ní cheadaítear cuairteoirí i rith na dtréimhsí scrúduithe, tugtar na ‘Tréimhsí Srianta’ arseo ag Foireann Lóistíne an Champais.

 

Níos measa ná sin, tar éis éisteachta a bhí ar siúl ar an 9ú lá d’Iúil 2024, d’fhógair an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) go bhfuil polasaí an Choláiste maidir le cuairteoirí thar oíche mar shárú cearta tionóntaí, ag rá go bhfuil sé “do-infheidhmithe”. Ina dhiaidh sin, dheimhnigh urlabhraí an Choláiste go mbeadh an Coláiste ag déanamh achomhairc i gcoinne an chinnidh. Cloíann an coláiste leis an dearcadh go gcaithfí rialacha éagsúla a chur i bhfeidhm ar lóistín an champais ionas go mbeadh timpeallacht shéimh, shlachtmhar ann do na cónaitheoirí a bhfuil ag díriú isteach ar a gcuid staidéir. 

 

Is fiú é a rá go dtugtar “ceadúnaí” ar dhaltaí ina gcónaí i lóistin an choláiste, ní tionóntaí iad, agus mar sin ní bhaineann siad aon leas as an gcosaint a thugtar do thionontaí, maidir leis an Acht Tionóntachtaí Cónaithe 2004. Bíonn daltaí soghonta pé scéal é mar gheall ar a ngá do lóistín agus iad ag braith ar an gcoláiste é a chur ar fáil. Fágtar iad gan chearta, agus ní feidir leo aon fhaoiseamh reachtúil a fháil i gcomhair aon eachtraí a tharlaíonn le linn a dtréímhsí ceadúnas. Is cúis mhór imní í seo, nuair a chuimhnítear go raibh ar dhaltaí cónaigh i ndálaí maireachtála míchompordach sna blianta beaga anuas. I measc na dálaí seo ná easpa uisce reatha ó am go ham, seiceálacha cunóracha gan choinne, agus aoi clúmhach anois is arís. 

 

Go ginearálta, léiríonn na polaisí lóistin seo díograis an Choláiste i leith a bheith ag casadh a mac léinn ar nós páistí. Tá an casadh mórchúiseach i leith daonra na ndaltaí, a dhéantar trí fhorfheidhmiú na polasaí tiarnúla seo achrannach, neamhriachtanach, agus i ndeireadh na dála, dímheasúil.