Tá ré úr-nua tagtha don Ghaeilge i gcathair Báile Átha Cliath, áit a bhfuil gaelcholáiste nua le hoscailt i bhFómhar na bliana 2026. Beidh Synge Street CBS, scoil lán-buachaillí, ag cur fáilte roimh buachaillí, cailíní agus oideachas lán-Ghaeilge araon don chéad uair, mar freagra ar mheath suntasach a tháinig ar chlárú sa scoil le blianta anuas. Ar an tsráid céanna ná Bunscoil Synge, a d’iompaigh ina ghaelscoil i 2017, agus atá tar éis ardú 63% a bhraith ar líon chlarúcháin ó shin.
Tagann an nuacht mhór seo tar éis dian-fheachtasaíocht ó thuismitheoirí, múinteoirí agus dhaltaí áitiúla, chomh maith leis an ngrúpa Gaelcholáiste 2,4,6,8, a mhaígh le tamall an géarghá a bhí i ngaelcholáiste a bheith a bhfreastalóidh ar dhaonra 200,000 duine idir Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá cúig gaelscoil sa cheantar seo i ndeisceart na cathrach, agus gan aon rogha áitiúil acu chun leanúint leis an ngaeloideachas sa mheánscoil. Cé nach gcuirfear tús leis an aistriú go hoideachas lán-Ghaeilge go ceann dhá bhliain uainn, is féidir le muintir deiscirt na cathrach bheith ar a shuaimhneas go bhfuil gaelcholáiste geallta chucu, ar deireadh báire. Chuir Julian de Spáinn, cathaoirleach Gaelcholáiste 2,4,6,8, fáilte roimh an nuacht – “Tá ana-chuid faoiseamh ann [sa cheantar]”, a ndúirt sé, “Tá tuismitheoirí ana-shásta mar gur féidir leo anois slí chun cinn a fheiscint in oideachas a bpaistí, trí mheán na Gaeilge”.
Is léir nach bhfuil gach éinne sásta leis an gcinneadh chun Synge Street CBS a iompú ina ghaelcholáiste, áfach. Dar le RTÉ, tá roinnt de bhall foirne na scoile buartha go mbeidh míbhuntaiste caite anuas ar na chlainnte inimirceach agus ísealaicmeach go fhreastalaíonn an scoil orthu de dheasca an chinnidh iompú. Caithfear a rá nach bhfuil fianaise ann go bhfuil drogall ag na clainnte seo freastal ar ghaelcholáiste, agus is cinnte gur aithris í an argóint seo ar an seana-mhiotas gur theanga meánaicmeach amháin í an Ghaeilge. Arís, ní fíor an tuarim seo ach an oiread, dar le Emma Ní Chearúil, a luann go bhfuil os cionn leath de ghaelscoileanna cathracha Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath ag freastal ar dhaltaí i gceantair lucht oibre. Níl amhras ar bith go bhfuil na scoileanna seo ag freastal ar chlainnte na háite seo.
Beidh gaelcholáiste nua ag Sráid Synge agus ag deisceart chathair Baile Átha Cliath go luath, a dtabharfaidh deis do leanaí na ceantair seo leanúint lena gcuid gaelscolaíocht go háitiúl. Beidh an gaelcholáiste nua seo mar chuid de 71 ceann atá in Éirinn cheana féin, agus is mór an tábhacht a mbeidh bainte lena oscailt sa bhliain 2026.