News
Nov 14, 2024

An Siopa Leabhar ar Oscailt Arís Tar Éis a Dhúnta

Dúnadh sean-ionad an Siopa ag deireadh mhí Mheáin Fómhair.

Seathrún SardinaCóip-eagarthóir Gaeilge
blank

Tá An Siopa Leabhar, lár-ionad leabhar agus stáiseanóireachta na Gaeilge, ar oscailt arís in ionad nua tar éis a dhúnta.

 

Dúnadh oifig Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, ina raibh An Siopa Leabhar lonnaithe ann cheana, ag deireadh mhí Mheáin Fómhair na bliana seo. Tá an sean-ionad in ainm is a bheith dúnta ar feadh tréimhse trí bliana le hathchóiriú a dhéanamh air.

ADVERTISEMENT

 

Tuigtear go mbeidh an Siopa Leabhar lonnaithe san ionad nua sin – atá ar Shráid Camden Íochtarach – go dtí go mbeidh an athchóiriú críochnaithe.

 

I ráiteas a cuireadh amach ar a leathanach Instagram, d’fhógair an siopa go bhfuil “forbairt mhór le teacht ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair san am atá romhainn”.

 

“Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tosú ag athchóiriú an fhoirgnimh go luath. Le gur féidir leo an obair mhór seo a dhéanamh, caithfidh muid an foirgneamh a fhágáil ar feadh tamall de bhlianta.”

 

“Táimid fíorbhuíoch as an bhfoighne atá léirithe ag ár gcustaiméirí agus ár soláthraithe le linn na tréimhse dúnta, tréimhse a bhí dúshlánach ar a lán lán bealaí. Táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur romhaibh san ionad nua seo.”

 

I ráiteas ar leathanach Instagram an Siopa dúirt Gráinne Ní Mhuilneoir, Bainisteoir an Siopa, “Cé go bhfuil an spás nua seo beag, táimid ag súil le leas a bhaint as, agus atmaisféar an tsiopa athlonnaithe againn.”

 

“Beimid i mbun forbairtí beaga eile sna míonna amach romhainn freisin.”

 

Tá rochtain ar earraí ón Siopa ar líne chomh maith leis an ionad fisiciúil nua.

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.