Le heisiúnt an tseasúir is déanaí de Emily in Paris, tá aon cheist amháin ann i mbéal an phobail – an é seo an fíorshaol san Eoraip? Rachaidh mé tríd fírinní an tsaoil sa Fhrainc, ina theannta sin, mar dhuine idirnáisiúnta, ag obair nó staidéarm inti. Dhíbligh na Phárasaigh an clár teilifíse seo go trom de bharr an léirithe steiréitipiciúil a thugtar ar an bpríomhchathair.
Is léir go raibh ráth ollmhór ag Emily in Paris ar Netflix ar feadh na blianta, go háirithe le déanaí leis an gceathrú séasúr nua, le seasúr a cúig ag teacht. Tugann an clár teilifíse seo léargás dúinn ar bhean Mheiriceánach, Emily Cooper, as Chicago,a bhog go Páras, príomhchathair na Fraince. Tá sí faoi bhláth ón chéad nóiméad.
Bhí mé féin i mo chónaí i mBordeaux, tugtar an “Paris Beag” air. Ar ndóigh, níl sé mar an gcéanna ach is féidir liom comparáid a dhéanamh idir an shaol atá ag Emily ina cónaí sa Fhrainc mar ‘Expat’ agus mé féin i mo chónaí ann mar dhuine idirnáisiúnta anuraidh ar Erasmus. Bhí an t-ádh liom go bhfuil Fraincís agam, scil nach bhfuil ag Emily, ar an drochuair. ar éis ceithre séasúir, níl ach bonjour agus au revoir aici.
I dtosach báire, tosóidh mé leis an rómánsú ar an shaol sa Fhrainc. Is an fhírinne é an cliché seo. Níl aon dabht faoi ach gur tír álainn lán le stair agus le hailtireacht iontach í an Fhrainc. Anuas ar sin, bhí mé féin gafa le caife agus croissants chuile lá, i mo shuí sa lochtán taobh amuigh. Mhothaigh mé mar dhuine francis áitiúil ag siúl go dtí an bácús do bhaguette agus císte úr i gcónaí. An áit ab fhearr liom a bheith i mo shuí le gloine fíona ná os comhair na hardeaglaise i lár na cathrach, agus bhíodh ceol beo ann go han-mhinic. Bhí sé cosúil le sin i ngach áit. Ní bhfaightear a leithéid ar shráid Grafton i mBaile Átha Cliath. An rud is déarfaí agus is deise domsa ná an teanga dhúchas, an Fhraincis a chloistéail i ngach áit. I mo thuairimse, is í an Fhraincis, i measc na dteangacha is áille, is fileata, agus is binne ar domhan. Mar Ghaeilgeoir,chuir sé seo ionadh ormsa , bhí éad orm nach mbíonn sé mar an gcéanna in Éirinn maidir leis an Ghaeilge, ach fós cuireadh gliondar agus inspioráid i mo chrói.
Níl aon dabht faoi ach go bhfuil na daoine Francacha, go hárithe na fir, an-rómánsúl ar fad. Is cinnte gur bhuaileadh suaitheadh cultúir liom nuair a chuaigh mé go dtí an Fhrainc. Ní haon rún é go mbíonn Éireannaigh sách cúthail gan chumarsáid a dhéanamh lena bpáirtnéirí agus araile. Ar an drochuair, ní bheidh a fhios ag éinne ar a gcuid mothúcháin i gcaidreamh nó situationship. Sin í an fhírinne. Seo iad na cúiseanna a leanas go dtaitníonn siad go mór linne. I dtosach báire, bíonn muinín acu, agus mar sin ní bhíonnego lage acu. Chomh maith le sin, mothaítear go bhfuil tú i sscánnan, mar shampla ‘The Lizzie McGuire Movie’, mar phríomhcharachtair ag dul timpeall ar vespa nó a leithéid. Dar le mo chara, gan a ainm a lua, “Ní maith liom fir ach is maith liom fir thar lear… mothaím an rómánsú agus tá sé dochreidte, bím ar mhuin na muice, is ag guí iadsan leanúint ar aghaidh mé féin a mhealladh.”
Ar an taobh eile, Is léir go bhfuil an saol a léirítear i Emily in Paris rómánsúil agus gan dua, ag tabhairt léargais ar shaol lán le caidrimh láithreach, cóisirí eisiacha, agus comhtháthú gan stró i sochaí agus stíl mhaireachtála na Fraince. Ach i ndáiríre, níl sé chomh simplí nó chomh draíochtúil sin, go háirithe muna bhfuil Fraincis líofa agat.
Ina theannta sin, tá an teanga ríthábhachtach i saol na Fraince. I gcodarsnacht le hEmily, a léiríonn neamhaird ar an teanga, tá sé i bhfad níos deacra dul i ngleic le cúrsaí laethúla sa Fhrainc gan Fhraincis a bheith agat. Is fíor é a rá nach n-athróidh daoine go Béarla go héasca i gcomhráite. Déanann sé seo an saol níos dúshlánaí d’eachtrannaigh. Níl fonn fíor ag Emily Fraincis a fhoghlaim. Tá an t-ádh léi an deis a bheith aici cónaigh sa tír féin chun í féin a thumadh in aistear fhoghlaim na teanga, ach baineann sí leas as chun taribhe di. Níl mórán Francaí líofa i mBéarla. In ainneoin a léirítear, níll sé éasca a bheith i do chónaí sa Fhrainc gan an theanga agus sin í an fhírinne.
Mar fhocal scoir, tá saol Emily in Paris i bhfad níos simplí, rómánsúil agus neamhfhírinneach ná fíorshaol sa Fhrainc. Cé go bhfuil sé siamsúil, ní léiríonn sé an saol laethúil a bhíonn ag eachtrannaigh, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil líofa sa theanga nó atá ag déileáil le fíordhúshláin an tsaoil sa Fhrainc.