Ag tús na míosa seo chaite, thug grúpa eolaithe as Éireann agus na Stáit Aontaithe faoi suirbhé mara corraitheach. Bhí siad ag lorg an céad fianaise riamh do shiorc bán mór, cáiliúil dar ndóigh ón scannán Jaws, in uiscí na hÉireann. Ar an drochuair, nó ar an dea-uair, ag brath ar do dhearcadh, níor tháinig siad ar aon fhianaise de na siorcanna an uair seo. Mhínigh an príomh-eolaí ó thaobh na hÉireannaigh, an Dochtúir Nicholas Payne as Roinn Zú-Eolaíochta Coláiste na Tríonóide gur chuir droch-aimsir bac orthu is iad ag lorg na siorcanna; “Rinne gaoth seasta aduaidh é deacair orainn bogadh ón t-aon áit amháin cosainte sin, rud a chiall nach raibh muid in ann cuardach ró-leathan a dhéanamh”. In ainneoin an droch-toradh a bhí ar an tóraíocht seo, tá dóchas fós ar an bhfoireann eolaithe, dúirt sé gur “Thug an cuardach neart spreagadh dúinn a thuilleadh iarrachta a chur isteach sa gcuardach thar an céad bliain nó dhó eile amach anseo, go háirithe i gcúpla áiteanna eile thuas cósta iarthar na hÉireann”.
Mar sain-eolaí siorca le breis is deich mbliana, tá taithí ag an Dochtúir Payne speiceas nua a aimsiú in Éirinn. I Mí Aibreán na bliana seo, d’aithin sé conablach siorc a bhí caite suas ar thrá i gContae Loch Garman mar siorc tíograch gainnimh. Mar aon leis an siorc bán mór, ní raibh trácht ar an speiceas seo in Éirinn riamh roimh an eachtra seo. Bíonn cónaí ar an dá speiceas seo in uiscí níos teo cosúil leis an Meánmhuir de ghnáth. Leis an téamh atá ag teacht ar an bhfarraige de bharr athrú aeráide, tá roinnt speiceas mara ag bogadh ó thuaidh ag lorg uisce níos fuaire. Tá seans maith gur seo a chúisigh leis an siorc tíograch gainnimh a bheith in Éirinn, agus tá féidireacht ann comh maith go gcúiseoidh sé leis an siorc bán mór teacht go hÉireann amach anseo, muna bhfuil sé linn cheana féin.
Ach, an baol é dúinn go mbeadh na siorcanna seo go luath inár measc agus muid ag snámh timpeall cósta na hÉireann? Le fírinne, ní hea. Is ar éigin a ndéanann siorcanna ionsaí ar dhaoine, fiú in áiteanna ina bhfuil daonra mór de shiorcanna ann, agus duine, ag roinnt an t-uisce céanna. Sa gceantar Cape Cod sna Stáit Aontaithe, mar shampla, níor tharla ach eachtra mharfach amháin idir siorc bán mór agus duine i dtréimhse cúig bliana. Tá seo in ainneoin go bhfuil b’fhéidir a dlús is airde ar domhan de shiorcanna bána móra sa gceantar, comh maith leis a bheith mar cheann de na príomh-ceantracha turasóireachta ar chósta oirthear na Stáit Aontaithe.
In áit a bheith mar baol don turasóireacht áfach, creidtear go gcruthaíonn siorcanna deiseanna nua éiceathurasóireachta, saghas turasóireacht atá dírithe ar an t-imshaol, a fhorbairt i bpobail cois farraige na hÉireann. Tá forbairt an earnáil seo mar cheann de na phríomh-thionscnaimh atá á reachtáil ag foireann Payne sa Roinn Zú-eolaíochta, in éineacht le Foras na Mara agus Iascach na hÉireann. An aidhm atá ag an comhghuaillíocht seo na rannpháirtíocht níos forleathana a chruthú in éiceathurasóireacht siorcanna in Éirinn, rud a mbeadh buntáisteach don phobail mara agus na siorcanna araon.