In Focus
Nov 11, 2024

Tá an Géarchéim Tithíochta ag Ídiú na Gaelteachtaí

Pléanann Saoirse Bhreathnach an chaoi ina bhfuil an géarchéin tithíochta ag dul in olcas sna Gaeltachtaí.

Saoirse BhreathnachCóip-eagarthóir Gaeilge
blank

Cé go bhfuil géarchéim tithíochta go náisiúnta faoi láthair, tá an fhadhb sna ceantair Gaeltachta ag éirí níos dona lá i ndiaidh lae. Tá easpa lóistín ann le fada an lae agus de bharr seo tá na daoine óga ag fágáil na Gaeltachtaí.Ach cé atá an milleán orthu?

 

Is léir ó na staisticí gurb é Airbnb an fhadhb ba mhó atá ag cur leis an ngéarchéim seo. Rinne Údarás na Gaeltachta taighde ar thionchar Airbnb ar thithíocht sa Ghaeltacht agus fuaradar amach go bhfuil aon chúigiú de tithe na nGaeltachtaí ar fáil mar lóistín gearr-théarmach ar Airbnb. Ar bharr ar seo, léirigh Kevin Magee go raibh 1000 Airbnb le fáil sna Gaeltachtaí difriúla sa tír i gcompráid lena 10 dteach a bhí ar chíos go fad-téarmach. Cuireann sé seo iin iúl dúinn gur fhadhb phráinneach íseo do mhuintir na nGaeltachtaí agus go bhfuil an fhadhb mar cheann dona cloiche is mó ar phaidrín an muintir. Is léir go gcaithfidh an rialtas stop a chur le Airbnb chun cabhrú le daoine óga lonnú sa Ghaeltacht arís.

ADVERTISEMENT

 

Is fadhb mhór í muna bhfuil daoine óga na nGaeltachtaí in ann teach a cheannacht ina n-áit dhúchais. Mar gheall ar an bhfadhb seo,  éireoidh an ceantar lom agus ní bheadh an teanga in úsáid má fágann na daoine óga. Ar barr ar seo, tiocfaidh meirg ar an gcultúr sa Ghaeltacht muna bhfuil na daoine óga in ann cónaí ann. Seo an fáth gur bhunaíodh an grúpa Banú. Is grúpa é seo a fheachtasaíonn do cheartaí tithíochta do mhuintir na nGaeltachtaí. De réir The Journal, d’imlínigh siad trí riachtanais a bhí ag teastáil uathu ón rialtas. Tá siad ag iarraidh go bhfoilsítear an draocht dena treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, go mbeadh guth ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí titíochta na Gaeltachtaí agus go láidrítear an Bille Forbartha agus Pleanála.

 

Caithfidh an rialtas dul i ngleic le seo go pras mar de réir na staisticí tá titim cheana féin tagtha ar dhaonra na nGaeltachtaí a bhíonn ag maireachtáil tríd meán na Gaeilge. Ní amháin go léiríonn sé seo go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh ó thaobh na tithíochta de, ach léiríonn sé chomh maith go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh ó thaobh na seirbhisí de chun daoine a mhealladh ar ais go dtí na Gaeltachtaí. Ar bharr ar seo, caithfidh an rialtas fadhb an Airbnb a réitiú. De bharr Airbnb, níl daoine dúchais na Gaeltachta in ann fanacht sa cheantar toisc go bhfuil siad ag brath ar an turasóireacht gearr-théarmach agus de bharr seo tá an teanga ag fulaingt.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil sé ríthábhachacht go leighisfear an fhadhb seo trí éisteacht le Banú, mar gan fluirseacht na nGaeltachaí tiocfaidh ídiú ar ár dteanga dhúchais. 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.