Sport
Nov 3, 2024

Tá Úinéirí Nua ag Club Peile Dhún Dealgan, ach an Leor an t-Athrú sin?

Pléann Leo Ó Nualláin cúrsaí Club Peile Dhún Dealgan agus iad i mbun deachrachtaí airgid.

Leo Ó Nualláin Aoiscríobhneoir
blank

Sna blianta beaga anuas, bhí sraith fadhbanna ag Club Peile Dhún Dealgan. Bhí caillteanas airgid acu i 2022 agus i 2023, agus murar chealaigh a sean-úinéirí PEAK6 an iasacht a thug siad dóibh, bheadh caillteanas airgid ag an gclub i 2021 freisin. Tá siad ag dul in olcas lena gcuid peile, freisin. Tá siad i mbun a roinne, le dícháilithe rompu. Tá 34 cluiche imeartha acu sa séasúr seo, agus níl ach cúig buaite acu. Sa séasúr seo, d’athraigh siad a mbainisteoir faoi dhó. Mar gheall ar fhadhbanna airgeadais an chlub bhí ar an sean-úinéir, Brian Ainscough, an club a dhíol i Meán Fómhair, cé gur bhfuil sé ina úinéir ón Nollaig seo caite. Céard is foinse na bhfadhbanna seo? 

 

Cosúil le go leor clubanna peile eile, bhí úinéirí éagsúla ag Club Peile Dhún Dealgan sna 121 bliana óna dtús. I 2018, cheannaigh comhlacht infheistíochta Meiriceánach, PEAK6, an club. Ní raibh easpa taithí le hinfheistíocht sa spórt ag PEAK6, ach seans go bhfuil an milleán ar an bhfad eatarthu. Ar aon nós, sna ceithre bliana ina raibh an club ag PEAK6, níor rinne an club glanbhrabús ach i mbliain amháin. Cé gur bhuaigh siad Sraith na hÉireann i 2019, bhí caillteannas airgid níos mó ná milliún euro ag an gclub sa bhliain sin. Chaill PEAK6 €2,624,760 ar Dhún Dealgan, agus dhíol siad ag deireadh 2021 é. 

ADVERTISEMENT

 

Threoiraigh Andy Connolly, a bhí mar pháirt-úinéir sular díoladh an club go PEAK6, grúpá infheisteoirí áitiúla chun an club a cheannach ar ais uathu. Nuair a cheannaigh siad é, dúirt siad gur cheart don chlub a bheith i lámha áitiúla. Níorbh fhéidir leo brabús a dhéanamh, agus d’éirigh fadhbanna airgeadais an chlub níos measa. Níorbh fhéidir leo infheisteoirí nua a fháil, freisin. Chas siad go Brian Ainscough, agus cheannaigh sé an club uathu i Samhain 2023. Ní raibh sé in ann na fadhbanna sin a dheisiú ach an oiread, agus i Meán Fómhair dhíol sé an club go grúpa infheisteoirí áitiúla treoiraithe ag an abhcóide John Temple. D’athraigh úinéireacht an chlub ceithre huaire sna sé bliana ó 2018, agus rinne sé brabús i mbliain amháin díobh. 

 

Admhaíonn Cumann Peile na hÉireann (CPÉ) nach ndearna siad na seiceanna cearta airgeadais nuair a cheannaigh Ainscough an club. Rinneadh athnuachan cheadúnais an chlub i mí na Shamhna, agus cheannaigh Ainscough é i mí na Nollaig. Mar gheall ar sin ní dhearna an CPÉ na gnáthseiceanna ag am an cheannacháin. Chomh maith le sin, ní dhearna siad seiceanna úinéireachta ar Ainscough roimh an gceannacháin. Bhí tástáil úinéireachta eile déanta air nuair a bhí sé ina pháirtúinéir ar Chlub Peile Ciarraí. Nuair a dhíol sé a chuid, ní dhearnadh arís na tástála sin. Dúirt an CPÉ go mbeidh orthu a gcóras ceadúnais a fheabhsú, chun cásanna cosúil le sin a sheachaint. 

  

Nuair a cheannaigh an grúpa infheisteoirí nua an club, dúirt John Temple, ceannaire an ghrúpa, nach raibh siad as baol fós. Tá siad i bhfiacha le haghaidh níos mó ná milliún euro agus cosnaíonn a párolla €120,000 gach uile mí. Tá siad an-ghar don ísliú céime, agus dá dtitfidís ón bpríomhroinn, laghdódh a dtuilleamh. Ag féachaint ar an séasúr peile a bhí acu ar fad, agus a sraith cailliúntí ina gcluichí is déanaí, is dócha go dtitfidh siad. 

 

Tabharfaidh an tAire Spóirt €500,000 dóibh chun na tuilsoilse agus an astroturf in Oriel Park, staid an chlub, a fheabhsú. Deir na húinéirí nua go mbeidh an fhoireann in ann an séasúr peile a chríochnú, agus ina dhiaidh, go mbeidh orthu inmharthanacht an chlub agus a saoráidí a scrúdú. An leor an t-athrú sin? An mbeidh na húinéirí nua an club a tharraingt amach óna phátrún cailliúna? An gceannóidh grúpa infheisteoirí eile an club i gceann bliana amháin? An ndruidfidh an club? An mairfidh an club i roinn níos ísle? Tá todhchaí an chlub neamhchinnte anois, agus beidh sé neamhchinnte ar feadh tamaill. 

 

 

 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.