Deirtear gurb ionann Nollaig na nGael agus Oireachtas na Samhna, nó b’in an méid a bhí scríte ar cheann des na dúshláin do Chuardach Craiceáilte Chonradh na Gaeilge in aon chor. Ba i gCill Airne fé scáth na gCruach Dubh a bhí an tOireachtas i mbliana, mar a bhí ó 2022. Dóibh siúd nach bhfuil eolas fén Oireachtas acu, is comhdháil é ina dtagann lucht an Gaelainne le chéile chun an cultúr Gaelach a cheiliúradh. Cuireadh an chéad Oireachtas i láthair i 1897, bunaithe ar mhúnla na n-Eisteddfodau a bhíonn ar siúl sa Bhreatain Bheag, agus maireann an ócáid go dtí an lá atá inniubh ann. Deis bhreá atá ann chun bualadh le lucht na Gaelainne, agus chun feiscint céard atá i gceist leis an gcultúr Gaelach.
Chuas leis an gCumann chuige, agus théis dúinn an turas mór fada a dhéanamh ar an mbus, bhaineamar Cill Airne amach, agus nuair a shiúlas isteach san Óstán Gleneagle ina raibh an tOireachtas ar siúl, ba léir gurb ar an gcultúr Gaelach a bhí an bhéim, le comórtais amhránaíochta, filíochta, agus rince ar an sean-nós le feiscint i rith an imeachta. Glacann iomaitheoirí ó gach cúinne na tíre iontu, fiú daoine ó Thríonóid! Ghlac beirt s’againne, Rian Breathnach agus Cathal Ó Murchú, páirt i gcomórtas na lúibíní do dhaoine fásta, agus bhuadar Duais na gColáistí Tríú Leibhéal. Bhí an seomra chomh plódaithe sin go raibh orm fanacht im’ sheasamh ag a chúl, i gcoinne falla. Cé nár dhein sé maitheas dom’ dhroim, bhí idir óg agus aosta ag freastal ar an gcomórtas i bpearsa, gan trácht a dhéanamh ar an slua a bhreathnaigh air ar TG4.
Bhí neart imeachtaí eile ar siúl, agus ar ndóigh is é buaicphointe an Oireachtais ná na himeachtaí oíche. Bhí Cóisir na Mac Léinn ar oíche Dé Sathairn, agus cuireadh an comórtas feistis Idir-Choláiste i láthair mar is gnách, agus cé nár bhuaigh Tríonóid, “d’itheamar”, mar a dúirt scéal Instagram an Chumainn Ghaelaigh. I ndiaidh an chomórtais, seinn an banna Grooveline a gcuid cheoil ar an stáitse, agus ní leasc liom a rá gurb aoibhinn leis na sluaite iad. Ach ní raibh ann san ach tús an cheoil, toisc gur sheinn an banna Pólca4 ina ndiaidh. Banna cheoil thraidisiúnta atá iontu, ach ná ceap gur oíche chiúin ab ea í as san amach. Bhí na sluaite ag rince go beo bríomhar os a gcomhair, go háirithe nuair a sheinneadar an t-amhrán ‘Neilí ‘n Fuacht’, a bhfuil saineolas ag gach Gael air. Théis an cheoil a sheineadar, áfach, tháinig deireadh an lae fhada san, agus bhíomar uile ag tnúth leis na himeachtaí a bheadh ann an lá ina dhiaidh, agus muidne ag siúl thar n-ais chuig ár mbrú óige.
Ar an Satharn, chuamar chuig an nGleneagle aríst chun freastail ar imeachtaí an lae san. B’é ceann des na comórtais is mó a bhíonn ag an Oireachtas ná an comórtas Steipe, ina mbíonn rinceoirí ag iomaíocht lena chéile i gcomórtais rincí sean-nóis. Reáchtáladh na comórtais sin ar an stáitse is mó a bhí insan áit, agus ba mhór an dream a bhí insan lucht féachana ins na suíocháin. Chonac cúpla chomórtais sean-nóis do dhaoine óga i bpearsa, agus ba léir óna gcumas go bhfuil ealaíon rince ar an sean-nós slán. Níos déanaí sa lá, cuireadh comórtas Chorn Uí Riada i láthair ar an stáitse céanna, agus bhí amhránaíocht bhinn sean-nóis le cloisint ar an stáitse agus ar TG4, leis.
Bhí cúpla uair idir deireadh an chomórtais Steipe agus tús an cheoil don oíche san, mar sin chaitheas seal ag spaisteoireacht timpeall an Oireachtais. D’fhreastalaíos ar an Queercal Comhrá a bhí eagraithe ag Aerach Aiteach Gaelach, dream atá tiomanta ar son ealaíontóirí LADTA+ a bhíonn ag obair leis an nGaelainn. Bhí scoth den chomhrá ann san, sula raibh orainn dul chuig an chéad imeacht siamsaíochta a bhí pleanáilte don oíche san, an seó grinn Gaelgáirí. Tugadh fuirseoirí — iar-mhac léinn Tríonóide Cúán de Búrca ina measc — ar an ardán ar feadh uaire agus ba mhór an taitneamh a bhain an lucht féachána as a dtaispeántas. Bhí ana-thóir ar an seó so, leis, mar sin bhíos sáinnithe ag cúl an tseomra idir an falla agus dream daoine aríst. Óchón-ó, go sábhála Dia mo dhroim! Is léir nach bhfuil suim na ndaoine i gcúrsaí Gaelainne marbh, in aon chor.
B’é an rud a thugas fé ndeara agus mé ag an Oireachtas ná go raibh domhan Gaelainne feicthe agam a bhfuil cos amháin aige ina traidisiúin, agus an cos eile go daingean sa todhchaí, ag faire amach ar na féidireachtaí atá amach roimhe. Feictear na traidisiúin sin sna comórtais uile a cuireadh i láthair, a léirigh an tallain atá ag daoine sna ealaíona Gaelacha, ach chomh maith leis sin feictear an uaillmhian atá ann chun an teanga a iompair ar aghaidh, idir an seó grinn nó an dream aiteach a tháinig le chéile chun leas a bhaint as an teanga. Cuirtear i gcuimhne dom seoladh nuachtán Gaelainne, leis, a tharla ag an Oireachtas. Cé go dtugadh mórán airde ar na traidisiúin, tugadh aird ar an dtodhchaí, agus an méid is féidir a dhéanamh chun cinntiú go bhfuil spás ann don Ghaelainn, i gcomhrá leis na sean-nósanna. B’in an méid a cheapfainn ar an mbus thar n-ais go Bleá Cliath, mura rabhas idir codladh agus dúiseacht an t-am ar fad!