Dec 30, 2024

An Freagra é an Béabhar ar Mhórcheist na Tíre Maidir le Tuilte?

Tuillte…? Béabhair? 

Chuile bliain le deirneas meabhraítear dúinn faoin gcumhacht damáisteach ollmhór ag tuillte, agus de bharr athrú aeráide tá na meabhrúcháin sin ag fáil níos minice agus níos tréine. Le déanaí sa domhan mhór bhí tuillte scriostacha i gceantar Valencia na Spáinne, a d’fhág os cionn deich scór duine marbh. Anseo in Éirinn cuimhnitear siar go Mí Deireadh Fomhair anuraidh, nuair a rinne Stoirm Babet damáiste forleathan do thithe is gnólachtaí i Mainistir na Corann agus timpeall Contae Corcaigh. Óir nach bhfuil seans ar bith againn moill a chun ar théamh domhanda le haon deifir, is gá réitigh a lorg le daoine is maoin a chosaint ó baoil na tuillte, le cúnamh dé sula dtarlaíonn tubaiste marfach anseo in Éirinn. 

Ach conas déileáil le fórsa atá chomh cumhachtach agus dothuartha le tuile? Go hiondúil anseo in Éirinn cuirtear béim ar an tuile a stopadh laistigh de bhailte, an áit ina mbíonn a damáiste déanta. Ardaítear ballaí is céanna, nó, ar teipeadh sin, leagtar málaí gainimh ag doirse tithe agus an t-uisce ag leac an dorais. Ach le tuilte ag dul in olcas ó bhliain go bliain, ní féidir leis na tograí seo coimeád suas leis an bhfadhb. Is léir gur gá réiteach eile a lorg, agus tá neart fianaise a dhíríonn muid i dtreo foinsí agus conair na n-aibhneacha, in ionad sna réimsí íochtaracha ina mbíonn na tuillte. 

ADVERTISEMENT

Réiteach iontasach amháin atá in úsáid le déanaí sa mBreatain agus san Eoraip ná an béabhar a thabhairt ar ais. Ainmhí beag is ea an béabhar a déanann athrú mór ar a thimpeallacht. Tógann siad dambaí in abhainn a moilleann is a stóráileann uisce ar barr abhainn, rud a laghdaíonn méid agus cumhacht an uisce le linn tuillte. Is féidir le líon beag d’ainmhí éifeacht ollmhór a bheith acu ar an timpeallacht sa slí seo. An rud is deise faoi ná go bhfuil costasaí iontach íseal ag baint leis, ní gá a dhéanamh ach cúpla ainmhí a scaoileadh agus ligeant dóibh a gnáth iompar a dhéanamh. 

Leis na buntáistí seo ar fad, cén fáth nach bhfuil béabhair tar éis a bheith scaoilte in Éirinn cheana féin? An príomh fáth ná, i gcomparáid leis an mBreatain agus ar mhór-roinn na hEorpa, ní raibh béabhair dúchasacha anseo in Éirinn ariamh. Tá fianaise ann ó chnámha is loirg go raibh béar, mac tíre, lincse is a thuille eile againn (agus chomh déanach leis an ochtú aois déag i gcás an mhic tíre), ach níor éirigh leis an béabhar teacht anall ariamh. 

Ach an cuma nach bhfuil siad dúchasach? Nach mbeadh na buntáistí bainteach leo mór go leor le aon fadhbanna a gcruthóidh siad a sárú? Dár leis an Dr. Mary Bourke ón Roinn Tíreolaíocht anseo i gColáiste na Tríonóide, níor chóir béabhair a thabhairt anseo “go dtí go n-aimsítear cnámha”. Tá sise ag obair ar slite eile le tuillte a laghdú atá bunaithe ar an imshaol cosúil le dambaí craobha a chruthú in abhainn, mar macasamhail ar obair an béabhar. Tá a mhalairt d’aigne ag Pádraic Fogarty, éiceolaí agus iar-cheannaire ar Iontaobhas Fiadúlra na hÉireann. Lúann sé go bhfuil an oiread spéicis neamh-dúchasacha sa tír cheana féin cad is fiú ceann eile a thabhairt isteach, go háirithe ceann gur féidir iarmhairtí chomh dearfach a bheith ann leis an mbéabhar. 

Réiteach féideartha eile atá ann le fadhb na tuillte in Éirinn a laghdú ná athchóiriú a dhéanamh ar phortaigh na tíre, atá i ndroch-stát na laethanta seo. An buntáiste a mbeadh aige seo ná go feidhmníonn portach mar spúinse ollmhór, ag ionsú aon báisteach a thiteann air, in ionad ligeant dó rith chun srutha. Laghdaíonn seo an méid uisce a mbíonn sna habhainn i gcás stoirme nó báisteach troim, rud a chuireann bac ar tuillte. Le baint móna á chéimniú amach ag Bord na Móna roimh 2030, deis iontach atá ann méid mór portach a athchóiriú, rud a chabhróidh go mór le fadhb na tuillte. Ach, leantar ar aghaidh fós le baint móna go príobháideach ar “mion-scála”. Go minic déantar seo i gceantracha sléibhtiúla, áiteanna ina mbíonn foinsí neart abhainn. De bharr seo is féidir leis an saghas tionscail seo a bheith an-damáisteach i dtaobh na tuilte de. D’fhéadfadh linn béabhair nó aon spéiceas eile a thabhairt isteach sa tír, ach ní réiteofar fadhb na dtuilte go dtí go gcuirtear stop leis an scrios forleathan a dhéantar ar thírdhreac na hÉireann tríd baint móna, agus portaigh na tíre agus gnáthóga eile a athchóiriú.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.