Sheoladh An Páipéar ag Oireachtas na Samhna i mbliana, nuachtán nua a mbeidh ar fáil gach seachtain. B’fhéidir go bhfuil sibh ag smaoineamh faoi láthair- nach bhfuil nuacthán Gaeilge againn? Nach bhfuil Tuairisc ar fáil dúinn? Agus, tá sibh i gceart, ach is rud thar a bheith tábhachtach é go bhfuil An Páipéar an t-aon nuachtán clóite atá againn go hiomlán trí mheáin na Gaeilge. Roimh an seoladh ag an Oireachtas i mbliana, ní raibh nuachtán clóite ag an bpobal Gaelach ar feadh deich bhliain. Ach táimid sona sásta chun fáilte a thabhairt don nuachtán Gaeilge nua An Páipéar
Rinne University Times, agallamh leis bunaitheóir agus riarthóir an nuachtáin, Caoimhín Ó Cadhla, faoi An Páipéar, agus an fáth gur thosaigh seisean agus a fhoireann ag déanamh an tionscadal seo. Thosaigh Ó Cadhla ag smaoineamh faoin nuachtán clóite a bhunú nuair a bhfaca sé arís ‘s arís sna siopaí timpeall na hÉireann na saghasanna nuachtáin atá ar fáil ann agus iad go hiomlán trí Bhéarla (cúpla d’acu as Sasana), agus ní raibh aon nuachtáin tríd ár dteanga dúchais. Tar éis sin thosaigh sé ag bailiú a fhoireann chun cúrsaí gnó, suíomh idirlíon, agus a gcuntais ar na meáin sóisialta thart ar seachta mí roimh seoladh an chéad eagrán. ‘D’fhoghlaim mé go leór ciathfidh mé a rá,’ a dhúirt Ó Cadhla le University Times, agus tá na moltaí atá An Páipéar ag fáil faoi láthair tuillte aige go huile is go hiomlán.
Mura léigh sibh é fós, seo achoimre gearr faoi céard atá istigh sa chéad eagrán, agus cad a mbeidh sibh ag tnúth leis sna eagráin eile atá chun teacht as An Páipéar. Feictear ar an leathanach tosaigh fáilte agus teachtaireacht ón Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, agus é ag móladh (níos fearr ná atáimse san alt seo) an obair a rinne Ó Cadhla agus a fhoireann. Is tacaíocht iontach é seo a fheiceáil, agus mar a deireann an seanfhocail ‘Tús maith leath na hoibre’ I rith eagrán a haon tá sibh in ann cúrsaí idirnáisiúnta agus náisiúnta a léamh, as cúrsaí eacnamaíochta go feachtais Chonraidh na Gaeilge agus an Dream Dearg. Anuas air sin, tá spás ar fáil chun imeachtaí Gaeilge a chur in iúil, rud éigin iontach tábhachtach le nuachtán clóite. Freisin, má tá suim agaibhse imeacht a chuir sa Pháipéar, tá sibh in ann na sonraí a sheoladh chuig [email protected]. Tar éis sin tá tuairiscí ar fáil faoi himeachtaí cultúrtha, léirmheasanna leabhair agus do n-ár gcairde atá ag lorg dúshlán, tá crosfhocal agus sudoku sa chríoch, in aice leis an gclár teilifíse. As tús go críoch tá iriseoireacht den scoth le léamh tríd An Páipéar, agus i mo thuairim tá rud éigin anseo le gach Gaeilgeoir ag aon aos nó caighdeán.
I rith an agallaimh le Caoimhín Ó Cadhla, rinneamar plé ar an haidhmeanna atá ag foireann An Páipéar, ag feiscint ar an todhchaí agus an cumas atá acusan mar an t-aon nuachtáin lán-Ghaeilge atá clóite. Dúirt Ó Cadhla go bhfuil sé ar a intinn An Páipéar a chur ‘i lámh gach Gaeilgeoir,’ istigh agus lasmuigh don Ghaeltacht, agus is aidhm iontach tábhachtach é sin faoi láthair. Maidir leis na haidhmeanna iriseoireachta atá ag An Páipéar, ba bhreá Ó Cadhla agus a fhoireann tuairim gach Gaeilgeoir a chuir in iúil sa nuachtán. Tá suim ag Ó Cadhla tuairimí imirce agus teifigh a fháil don Pháipéar mar aistriúchán chun iad a thaispeáint don pobal Gaelach trí a dteanga dúchais. I mo thuairim, agus an chéad cóip i mo theachsa ar feadh coicís anois, ceapaim go bhfuil acmhainn maith é An Páipéar do fhoghlaimeóirí mar níl mórán Gaeilge ar mo chlann ach rinne sí iarracht alt amháin nó dó a léamh. Chomh maith leis sin, tá sé soiléir go bhfuil Ó Cadhla agus a fhoireann ag iarraidh níos mó tuairimí a chloisint agus níos mó deiseanna a chur in áireamh don iriseoirí le Gaeilge timpeall an oileáin.
Feictear go bhfuil rud éigin mór ag tosnú as obair atá Caoimhín Ó Cadhla agus a fhoireann ag déanamh. Is aidhm mór é ag Ó Cadhla An Páipéar, a chuir ar fáil i ngach siopa sa tír seo, istigh agus amuigh den Ghaeltacht agus sna sé contae chomh maith. Don am anois, le tosnú An Páipear ach mí ó shin anois, díolann thart ar 300 siopa an nuachtán seo, agus is uimhir iontach é seo. Mura bhfuil sibh in ann dul chuig an siopa, tá sibh in an síniú suas chun cóip chlóite nó digiteach a fháil gach seachtain (bronntanas Nollga iontach do bhur gcairde atá gafa leis an nuacht). Ach don focal scoir, tá athrú mór tar éis teacht romhainn faoi chonas a fhaighimid an nuacht trí Ghaeilge, agus nach aoibhinn linn rud éigin a bheith i n-ár lámh chun a rá, ‘Léigh mé sin.’ Freisin, má tá suim agaibh scríobh leis An Páipéar, is é [email protected], agus beidh siad in ann níos mó eolas a thabhairt daoibhse. Tá sé iontach An Páipéar a fheiscint agus é ag fásadh cheana féin, tá sé soiléir go bhfuil ré nua in iriseoireacht na Gaeilge tar éis teacht.
Áiteanna ina bhfuil An Páipéar ar díol i mBaile Átha Cliath;
Londis, Sráid San Séamas, BÁC 8.
Eason, Stáisiúin Uí Chonghaile, BÁC 1.
Scribbles Newsagents, 24 Bóthar Dhroim Conrach Uachtarach, Droim Chonrach, BÁC 9.
Spar, 1&2 Bóthar Mhullach Íde, Cill Mhóir, BÁC 5.
Newscentre Uimhir 69/71, Ionad Siopadóireachta Domhnach Míde, Domhnach Míde, BÁC 13.
Eason, Ionad Siopadóireachta Halla an Chláir, Bóthar Mhullach Íde, BÁC 17.
Spar, Baile an Hartaigh, BÁC 15.
Maxol Stáisiúin Seirbhísí, Bóthar Leamhcáin, Co. BÁC.
Cards ‘n Things, Uimhir 17/18, Ionad Siopadóireachta Iarthar na Cathrach, Co. BÁC.
Spar, Ionad Siopadóireachta an tSeanchathair, 24 Bóthar Fhearann na Páirce, BÁC 24.