In Focus
Dec 13, 2024

An Tuairisciú a Rinneadh ar Bhás Liam Payne

Cad is brí leis an easpa iontaofachta seo sna meáin ?

Anna Ní Chonaill
blank

Níl aon bhealach eile chun é a rá: bhain bás tobann Liam Payne geit asam, ar mhórán bhealaí. Bás tragóideach a bhí ann d’fhear óg de 31 bliain d’aois, agus mac óg aige chomh maith. Is cuimhin liom an buacphointe a cháil agus é i One Direction, sular scaireadar i 2016, agus an stádas íocónach a bhí ag an mbanna sna meáin. Níor bhraith mé riamh go dtiocfadh nuacht den chineáil seo amach mar a tháinig i mhí Dheireadh Fómhair, agus is mórán díoma a bhí orm as roinnt den tuarisciú a dtáinig as.

 

Ba iad an easpa cumha agus easpa measa a bhain an gheit is mó asam. Is ar na meáin shóisialta agus na suíomhanna cúlchainte – TMZ ach go háirithe – a tháinig an nuacht amach ar dtús. Neamhréalaíocht ar fad a bhí i gceist leis na tuairiscí seo a léamh: ar nós nárbh ach scannal nua a bhí ann, rinne TMZ tuaraisciú ar láthair an óstáin ar uair a bháis, agus na húdaráis ag teacht. Tuairiscíodh go raibh “na póilíní agus na céad freagróirí eile mórthimpeall an óstáin anois… tá puball dearg curtha suas thar an chorp agus iad ag tosú lena n-imscrúdú ar bhás Liam” agus tá an eolas seo scríofa faoi phictiúr den phuball dearg atá i gceist. Níos measa fós a bhí an foilsiú de phictiúir dá chorp, bainte den suíomh anois, ach ag an am céanna, bhí mearbhall le feiceáil ar fud na hidirlíne, agus daoine ag iarraidh a oibriú amach cad a tharla don fhear bocht, ar éigin ag tabhairt go leor ama do na húdaráis lena chorp a chlúdú. 

ADVERTISEMENT

 

Ní na tablóidigh amháin a bhí ag scaipeadh eolais ar luas lasrach, áfach. An lá dar gcionn dá bhás, roinn an BBC an taifeadadh agus an athscríbhinn den ghlaoch 911 a rinneadh ar a shon roimh a bhás. D’éist mé leis, agus léigh mé na tuairiscí ar an eachtra. Cúpla ‘memes’ agus b’fhéidir seachtain níos déanaí, agus bhí sé ar nós go raibh an eachtra iomlán dearmadta. Chaith mé cúpla seachtaine ag fanacht ar chomhrá nár tharla: gurb i measc an ró-thuairisciú a bhí neamh-mhothálacht, aimhréiteacht agus gáifeacht, agus i measc an eolais íogair a roinneadh – faoina bhás agus faoi na caidrimh a bhí aige – ní fhaca mé an chiall daonna á bhaint leis: gur duine a bhí ann a bhí i bpian, agus a bhí ag streachailt. 

 

An é seo an chaoi gur chóir dúinn caitheamh le daoine a bhíonn os comhair an phobail? I ndáiríre, níl mórán gur féidir a dhéanamh chun na suíomh ar nós TMZ a shrianadh; b’fhearr dúinn a cheistiú conas a bhfuil sé go bhfuil margadh acu leis an gcineáil tuairisciú seo a dhéanamh? Cinnte, feidhmíonn an chineáil gháifeachas seo le haire a tharraingt chuig an suíomh féin, agus tá sé sin i ndiaidh dul thar fóir le tamall fada anois. Bliain i ndiaidh bliana, tá meon trioblóideach le feiceáil: nárbh ach ábhar siamsaíochta iad daoine cáiliúla, fiú agus iad ag fulaingt, nó ag fáil báis. Ní thuigtear cé chomh dáiríre is atá na scéalta seo. 

 

An cheist í seo den saoirse preasa, nó an chomhartha é de mheath an phreasa ? Leis na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann, táimid chomh cleachtaithe ar drochnuacht nach gcuireann sé isteach orainn; tá dochair déanta dár gcuid bá. Seachais daonlathú a dhéanamh ar na meáin, ar na meáin shóisialta creideann muid ar fad gur tuaraisceoirí muid go léir, gan smaoineamh ar na heiticí agus na freagrachtaí atá ríthabhachtach don obair. Cén fáth go mothódh éinne gur chóir dóibh a bheith freagrach? Cinnte níl sampla maith tugtha ag na nuachtáin den chineáil seo. Is dócha gur chomhartha den atmaisféar pholaitiúil domhanda atá ag meath bliain i ndiadh bliana é – in aois na bréagfaisnéise, tá iriseoireacht le hiontaofacht níos tábhachtaí ná mar a bhí sé riamh. Feictear an tábhacht le hiontaofacht sna meáin i dtuaraisceáil báis Liam Payne: nuair atá sé in easnamh, déantar taispeántas d’fhulaingt an duine, gan soicind a thógáil le cumha a thaispeáint don duine, ná dá chlann. Tá sé dosheachanta: bíonn impleachtaí ag tuaraisceáil na pholataíochta ar thuarascáil an indibhid. 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.