In Focus
Dec 17, 2024

Cad is Féidir Linn Foghlaim ón gCosc ar Chupán Aonúsáide i gCill Airne?

Déanann Hannah Joung plé ar inbhuanaíocht maidir le cultúr an chaife in Éirinn.

Hannah Joung
blank
Rachel Conway.

Tá cultúr na caife tar éis fás go tapaidh in Éirinn – is minic a fheictear daoine le cupán caife ina lámh acu. Óltar an caife, téann sé síos an t-éasafagas… ach cá dtéann an cupán? An tuairim choitianta atá ann ná gur féidir na cupáin seo a athchúrsáil. Áfach, de bharr líneáil poileitiléin plaisteach an chupáin, cuirtear iad go láithreán líonadh talún nó dóitear iad de ghnáth, a ndúirt Pauline McDonagh ó Recycling List Ireland. Áfach, is féidir le roinnt cupáin caife aonúsáide a bheith mhúirínithe.

 

Rinne comhlacht agus banda stíl mhaireachtála in-athúsáidte darbh ainm Ecoset (lonnaithe i gCill Mhaintáin) stáidéar ar an méid dramhaíola de chupán caife aonúsáide in Éirinn. De réir leo, bhí 22,000 cupán úsáidte in aghaidh na huaire – 528,000 gach lá, agus mar sin 200 milliún cupán in aghaidh na bliana. Ar an iomlán, sin 3,700 tona de dramhraíl gach bliain – sin a lán dramhaíola.

ADVERTISEMENT

 

Mar sin, chun dul i ngleic le seo, chuir an rialtas ‘tobhach latte’ i bhfeidhm i 2022 leis an Acht um an nGeilleager Ciorclach. An prionsabal taobh thiar de ná chun cinntiú go dtógann na táirgeoirí freagracht as a dtairgí ó thaobh inbhuanaíochta de. Chun laghdú dramhaíl na caife, bhí sé i gceist acu daoine a spreagadh gan cupán aonúsáide a úsáid trí thobhach de 20%. Ar an drochuair, ní raibh mórán ratha ag an gníomh seo transa na tíre. 

 

Áfach, cuireadh tús le togra pobail i gCill Airne anuraidh. Is ansa le lucht turasóirí  an áit, agus feictear na héifeachtaí ar an bhaile idir mhaith agus olc. Léirigh na glantacháin is deanaí gurb é an cupán aonúsáide mar an cineál de dramhaíl is comónta sa bhaile. Mar sin, cuireadh straitéis timpeallachta i bhfeidhm ar fud an bhaile chun deireadh a chur le cupáin aonúsáide de réir a cheile. Dá dtaisteodh cupán caife uait, chaithfeadh tú do chupán féin a úsáid nó dhá euro sa bhreis a íoc as cupán inúsáidte, de gháth ón gcomhlacht 2GOCUP. 

 

Nuair a bhí mé i gCill Airne, is léir go raibh an feachtas seo faoi lánseol. Cé go raibh sé iontach, bhí ionadh orm toisc go raibh sé mar choincheap coimhthíoch amach is amach é domsa. 

 

Bhunaigh Kevin Murphy 2GOCUP i 2018, leis an aidhm cupán inúsáidte a chur ar fáil do chomlachtaí agus do chaiféanna araon. Is proiséas simplí atá i gceist leis. Do chustaiméirí, íoctar dhá euro sa bhreis as, úsáidtear é, agus tógtarar ais go dtí caifé a bhfuil rannpháirteach sa fheachtas agus faightear an dhá euro ar ais. Don chaifé nó comhlacht, déantar ordú orthu (costas dhá euro in aghaidh an chupáin) agus cludaíonn éarlais an chustaiméara an costas mura bhfaightear an cupán ar ais. 

 

Cé gur tionscnamh maith é 2GOCup, léigh mé tuairisc eolasach faoi. Más mian leat na tairbhí timpeallachta maithe a bhaint amach, caithfidh tú úsáid a bhaint as an gcupán , ar a laghad, cúig uaire dhéag. Chomh maith le seo, de réir Michael Cagney agus Frances Dallaghan sa University Times, tharraing an comhlacht conspóid i gColáiste na Tríonóide i mí Aibréain. D’ordaigh siad 3,000 2GOCUP i mí Feabhra, ach ní bhfuarthas iad. Mar gheall ar an easpa stoic, níorbh féidir leis na caifé i gColáiste na Tríonóide páirt  a ghlacadh sa seachtain Glas. 

 

Cad is féidir linn foghlaim ón gcosc ar chupán aonúsáide i gCill Áirne? An príomhrud  ná go raibh an scéim rathúil toisc gur d’oibrigh an pobal le chéile, ar léibhéal aonair agus institiúdeach. Áfach, i mo thuairimse, is saghas útóipe é an coincheap seo i mBaile Átha Cliath. 

 

Ag maireachtáil i ndomhain tomhaltachas, go háirithe muidne i bpríomhchathair na tíre, tá sé deacair a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar son na timpeallachta. Mar gheall ar seo, cruthaíonn sé, gan amhrás, dá laghad go dtosnaíonn an t-athrú ag an leibhéal institiúideach (na comhlachtaí, an rialtas áitiúla, m.sh). Is mór an tionchar a bhíonn acu ar ár saoil laethúil. Ó 1998, bhí céad chomhlacht freagrach as 71% de hastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda. Agus sa lá atá inniu ann, is iad na rialtais a ndéanann na polasaithe. Má thógann cách freagracht, mar i gCill Airne, níor chaill fear an mhisnigh riamh é.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.