In Focus
Dec 12, 2024

Cuireadh Seirbhís Nua 24 Uair an Chloig de Chuid Bus Bhaile Átha Cliath ar an Méar Fhada go dtí an Athbhliain

Tá an tseirbhís ríthabhachtach curtha siar de bharr brú ó na Daonlathaithe Sóisialta.

Tomás Mac Giolla Aoláin and Abí Ní Mhuircheartaigh
blank
Sophie Quinn.

Bhíodar ag súil go gcuirfí tús leis an tseirbhís nua bus gan stad a théann trasna na cathrach, an E-Spine, ar an ochtú lá de Nollaig, ach níl sé sin chun tarlú. Tá an tseirbhís ríthábhachtach seo curtha siar ag an tÚdarás Náisiúnta Iompair go dtí Eanáir 2025, ar a laghad. D’fhreastalódh na seirbhísí atá molta – an E1, an E2, agus an 19 – ar cheantair tuaiscirt na cathrach comaitéireachta ar nós Baile Munna, Seantrabh, Glas Naoíon, agus Baile Phib. Chomh maith, chuirfí seirbhís ar fáil chuig ceantair deiscirt na cathrach chomh fada le Cill iníon Léinín agus Bré. Chiallódh seo go mbeadh seirbhís ríthábhachtach gan stad chuig agus ón gcathair ar fáil.

 

In ainneoin a bheith mar uasghrádú don gcuid eile de Bhaile Átha Cliath, tá díomá ar chónaitheoirí estáit Páirc Wadelai i nGlas Naoíon. Chuirfí an bus 19, a chríochnaíoann ag Cearnóg Parnell, ar fáil in ionad an 11, bus traschatharch a fhreastalaíonn ar mhuintir Pháirc Wadelai. É sin ráite, bheadh an rogha ag cónaitheoirí Wadelai siúil ocht nóiméad sa bhreis chun teacht ar shlí an E-Spine. 

ADVERTISEMENT

 

Tá na hathruite seo tagtha mar chuid den chlár BusConnects. Is í an aidhm ag an gclár seo ná feabhas a chur ar éifeachtúlacht do chomaitéirí Bhaile Átha Cliath. Bhí rath ag an gclár seo cheana féin i gceatair ar nós Leamhcán agus Má Nuad le thabhairt isteach busanna an C-Spine i 2021. Áfach, tá moill buailte leis na pleananna tar éis feachtais de chuid Gary Gannon, TD na nDaonlathaithe Shóisialta. An t-ainm atá ar a fheachtas ná “Sábhail an bus 11”. D’éirigh lena achainí níos mó ná míle síniú a fháil ó chomhaltaí a thoghcheantar, Baile Átha Cliath Láir, le muintir Pháirc Wadelai go háirithe i measc na n-achainíoch.

 

D’ainneoin go bhfuil olltoghchán ag druidim linn, dúirt Gannan le The Journal, nach “éacht toghcháin” atá i gceist lena sheasamh chun vótálaí i mBaile Átha Cliath a naoi a mhealladh ina threo. Dar leis, is rud an-ghar dá chroí é seo, agus é tar éis bualadh le cuid de na daoine a dtéann sé seo i bhfeidhm orthu. Cuireann sé i gcás na daoine i measc mhuintir Wadelai atá faoi mhíchumas nó atá ina seandaine. Ní bheadh bealach díreach ag na daoine seo chuig lár na cathrach muna dtógann siad an Luas nó na bealaí bus ag Parnell, nó fiú má shiúlann siad níos faide chuig an bealach E-Spine.  

 

Ar bharr é seo, chuir Gannon a imní in iúl maidir le bunús an bhus ionaid, an 19. Thosódh an bus seo in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus faoin am a shroichfí Wadelai, ní bheadh neart spáis ar an mbus. Tháinig an cheist seo chun cinn i rith réamhbhabtaí de chomhairliúchán poiblí agus na gcruinnithe ar leasú bus, a thosaigh i Meán Fómhair 2018. Mar gheall ar an bhfadhb seo, chuirfí busanna de chuid an 19 sa bhreis ar fáil, ag tosnú i bPáirc Wadelai in ionad Aerfort Bhaile Átha Cliath. 

 

Ní gá a rá nach maith le duine ar bith a nósanna taistil a athrú. Rachaidh an athrú seo go mór i bhfeidhm ar sheandaoine a mbíonn gnáthchúrsa lae dochta go daingean acu. Áfach, tá Baile Átha Cliath ag gluaiseacht i dtreo córais iompair sofaisticiúil, ar nós a leithéid i bPáras nó Londain. Sna príomhchathracha seo, tá ar phaisinéirí athraigh idir modhanna iompair éagsúla chun teacht ar  a gceann scríbhe. Tá an córas iompair níos dírí agus níos éifeachtaí do chách, le seandaoine ina measc. Ina theannta sin, bhí imní ann maidir le cur i bhfeidhm an C-Spine cosúil leis an imní a bhfeictear maidir leis an E-Spine. D’éirigh leis an C-Spine thar barr agus tá cuma ar an scéal go mbeidh an rath céanna ag an mbus nua. Tá busanna an C-Spine anois ar fáil níos minice, ní bhíonn moill curtha orthu, agus, an rud is tábhachtaí, ná go bhfuil siad ar fáil gan stad, 24 uair an lae. Más mian le Baile Átha Cliath a bheith níos éifeachtaí ó thaobh iompair de, tá sé soiléir go gcaithfimid go léir glacadh le hathruithe, ionas go n-éiróidh ár gcathair níos inrochtana do chách.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.