Má dtéann tú go Sráid Suffolk i mBaile Átha Cliath, feicfidh tú dealbh Molly Malone, siombail láidir dár n-oidhreacht agus stair náisiúnta. Ach rud eile a fheicfidh tú ná turasóirí ag taispeáint easómóis agus dímheasa don dealbh – daoine ag déanamh crúbáil uirthi gan pioc náire. Ní mór an iompraíocht seo a cheistiú mar chomhartha ar stádas na mban in Éirinn. Is féidir a áiteamh gur léiriúchán fisiciúil é seo den fhuath agus dímheas a mhothaíonn daoine gur féidir leo a léiriú do mhná na hÉireann. Ní fheicfeá a leithéid i gcomhair dhealbha fir ar nós Wolfe Tone nó James Joyce; faigheann na figiúirí seo meas agus aitheantas go hiomláin difriúil.
Ar an chéad dul síos, ba chóir go bhfuil a fhios againn cé a bhí an bhean darb ainm Molly Malone? Tá cáil uirthi ó scéalta laochta coitianta i gcultúr na hÉireann, ach is carachtar stairiúil í nach bhfuil a cuid fréamh go hiomlán soiléir. Tagann an cháil di ón amhrán clúiteach “Molly Malone”, a insíonn scéal an mná a dhíolann bradáin agus breallaigh sna sráideanna go dtí go dtiteann sí breoite agus a fhaigheann sí bás. Ba bhanlaoch na hÉireann í a fhulaingíonn in aimsir chrua, agus a mhothaítear sa tsochaí mar dhuine macánta, duine cróga.
Is cuid lárnach í dealbh Molly Malone de shaol na turasóireachta i mBaile Átha Cliath, agus meallann sí sluaite chuici gach lá. Ina seasamh go maorga in Ardchathair na hÉireann, le cliabh lán de bhradáin agus breallaigh in éineacht léi, is í seo an t-aon íomhá den bhanlaoch a fheicimid sa phobal. Ach nuair a bhreathnaímid ar an iompar thart uirthi, is deacair gan a fheiceáil go bhfuil an íomhá sin á malartú ó dhuine daonna go rud nach dtugtar mórán urraime dó – rud le haghaidh a bheith do ghníomhartha gáirsiúla.
Is léir ón dearcadh seo gur léiriú é ar an gcaoi a gcaitheann an tsochaí leis an íomhá ban phoiblí. Nuair a dhéantar gníomhartha gnéasacha nó neamhaird iomlán ar íomhánna na mban, feictear go bhfuil an cultúr bunaithe ar dhearcadh na mban mar rud éigin éadomhain. Éiríonn dímheas a thaispeáint do mhná mar gnáthrud i sochaí – is fadhb ollmhór í seo. Ní féidir linn Molly Malone mar dhuine a aithint agus a fheiceáil mar íocón i gcomhthéacs oifigiúil nuair atá an stádas seo aici. Cuirtear Molly Malone i gcomparáid go minic le dealbha na bhfear, cosúil le Wolfe Tone nó James Joyce. Tá an difríocht idir an bealach a ndéileáiltear leis an dá chineál dealbh ag nochtadh na ceiste atá againn mar shochaí maidir le stádas na mban. Is léiriú é seo ar an dímheas a chuireann an tsochaí ar íomhá na mban in Éirinn, agus léiríonn sé an cultúr a chuireann comhartha neamh-urraim ar chultúr agus ar stair na mban.
Is í íomhá Molly Malone an t-aon bhealach ina bhfuil mná á gcur chun cinn mar chuid den stair, ach tá sé brónach a fheiceáil go bhfuil a híomhá á úsáid mar ábhar do ghníomhartha míbhéasacha. Más siombail í an dealbh seo ar Éireannachas, is gá machnamh a dhéanamh ar an teachtaireacht atá á cur in iúl faoi mhná na hÉireann sa 21ú haois. Ba chóir dúinn dearcadh na mban seo a dhiúltú mar ghnáthrud. Ciallaíonn sé seo go gcaithfimid ár bplé ar stair náisiúnta agus ar oidhreacht a chlaochlú i slí atá ag léiriú na hurraime agus an measa cuí do ghach cuid dár gcultúr, idir fhir agus mhná araon.