Léiríodh sa fheachtas toghchánaíocht na mór-pháirtithe polaitíochta ag glacadh le meonta géara ar inimirce. Tá gealltaí chun ‘dlí agus ord’ a chur leis an inimirce, atá inaitheanta mar mhana tipiciúil ón eite dheas, mar chomhartha de chéim i dtreo na deise ó pháirtithe atá go ginearálta i bhfábhar cearta an duine, agus, ach go háirithe, cearta chun tearmainn. Aithníonn forógraí éagsúla Fine Gael, Fianna Fáil, agus Sinn Féin go bhfuil an inimirce mar chroícheist gur gá don chéad rialtas eile plé a dhéanamh uirthi?. Tá na páirtithe seo, na trí pháirtí is mó sa tír, cinnte tar éis níos mó béime a leagadh ar an gceist seo ón olltoghchán deireanach i 2020. An comhartha iad na polasaithe tromchúiseacha atá curtha chun cinn ag na páirtithe dóibh ag glacadh le hamhras inimirce na heite dheis?
Tháinig 149,200 inimircigh, ina measc 86,800 ó thíortha lasmuigh den AE no an Bhreatain, go hÉirinn sa thréimhse 12-mhí go Aibreán 2024 – uasmhéad 17 bliain. Is Úcráinaigh agus lucht iarrtha tearmainn, ag teitheadh ó chogadh nó fulaingt, iad morán de na daoine ag teacht go hÉirinn, agus iad curtha in ostáin, i soláthar díreach, agus, go dochosanta, i bpobaill. Cé go n-aithníonn na mór-pháirtithe go léir an géarghá le lóistín saintógtha faoi úinéireacht an stáit, seasann Fine Gael amach le moladh atá mar ábhar imní amach is amach acu – d’ionaid lóistín ina mbeadh teorann curtha ar ghluaiseachta an duine. Níl a leithéid de lóistín ró-éagsúil ó na hionaid choinneála inimirce atá sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe Meiriceá, agus san Astráil, atá cáinithe go láidir ag eagraíochtaí ar son chearta an duine. Luaitear na hionaid seo molta ag Fine Gael mar shlí chun ardchaighdeán a choimeád i mbun próiseáil inimirce, ach an bhfuil an cúram céanna acu ar dhínit agus cearta an duine?
Tá sé i gceist ag na mór-pháirtithe slite éagsúla a bheith acu chun socrú ar cé a mbeidh cead acu teacht agus fanacht in Éirinn. Díríonn Fianna Fáil ar rialacha a leagan síos chun stop a chur le hinimirce eacnamaíochta, agus chun freastal amháin ar na daoine atá ‘i ndáirire’ ag teitheadh ó chogadh agus géarleanúint. Luann Fine Gael ‘córas inimirce atá bunaithe ar scil’, a dtugann le fios go mbeidh tús-áite tugtha go hinimircigh atá ‘cabhrach’ don fhórsa saothair. Idir an dá linn, molann Sinn Féin gur chóir cuimhneamh ar Úcráinaigh ó cheantair atá slán ó chogadh a sheoladh abhaile. Má tá cuma tromchúiseach ar na moltaí seo ar an gcéad dul síos, is de bharr gurb iad, agus go bhféadfadh leo tús a chur le treocht imníoch. Cé a chinntíonn má tá an Úcráin slán, nó más imirce ‘dáirire’ atá ag tógáil duine go hÉirinn? An ndiúltóidh nó seolfaidh abhaile an rialtas inimircigh nach mbeidh mar chúnamh don eacnamíocht ná don lucht oibre?
Is léir go bhfuil Fine Gael, Fianna Fáil, agus Sinn Féin go léir tar éis céimeanna suntasacha a thógáil mar fhreagairt ar an gcomhrá leanúnanach atá ar bun maidir le hinimirce na tíre seo. Cé go bhfuil ana-chuid maitheas i bpolasaithe atá chun feabhas a chur ar phróiseáil inimirce, tá maitheas freisin lena bheith cúramach maidir le bolscaireacht chun ‘ár dteorainneacha a dhaingniú’ – tráth aitheanta mar mhana den eitedheas, ach anois in úsáid ag na páirtithe is mó sa tír. Beidh ar na páirtithe seo deileáil le fadhbanna tithíochta agus eacnamaíochta sa chéad rialtas eile – arbh fhéidir go bhfuil béimiú faidhbe na hinimirce mar shlí dóibh chun fíor-fhadbhanna na tíre a sheachaint?