I mbliana, chuir an feisire eorpach Séan Kelly comh-litir chuig Ursula von der Leyen ag iarraidh go gcuirfeadh críoch le ham choigilte sholas an lae. De réir leis, “Tá sé in am cur críoch leis an am choigilte sholas, a bhfuil tionchar diúltach ar fholláine agus sábháilteacht. Níl sé oiriúnach a thuilleadh sa lá atá inniu ann.”
Rianaíodh an coincheap am choigilte sholas an lae sa 18ú haois. Chuir contraitheoir tógála Sasanach darbh ainm William Willett é chun chinn go poiblí leis an paimfléad “Waste of Daylight” (1907). An príomhchúis ná níos mó am saoire a chruthú do na hoibritheoirí. Chomh maith le seo, ceapadh go raibh buntaistí ó thaobh sábháil leictreachas de, agus go tagadh feabhsú ar mheabhairshláinte agus sláinte fisiciúil daoine.
Cuireadh an Am Coigilte Sholas i bhfeidhm go hoifigiúil don chéad uair sa Ghéarmáin i 1916. Is chun fuinneamh a shábháil le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda a tugadh isteach é ar dtús. An bhliain chéanna, rinne an Bhreatain, agus Éire san áireamh, an rud céanna (toisc go teastaíodh am caighdeánach leis an Bhreatain a bhí i gceannas ar Éirinn). D’éirigh go geal leis, le córas éagsúil le fáil ar fud na hEorpa. Tar éis an chogaidh éiríodh as an chóras, ach thug cuid mhaith tíortha isteach arís é le linn na géarchéime fuinnimh sna seachtóidí.
Ní raibh sé go dtí 1980 go mbeadh am caighdeánaithe mar a fheictear inniu. Mar gheall ar dhomhandú, rith an tAontas reachtaíocht don chéad uair maidir le socruithe ama samhraidh i 1980; treoir a bhí ansin lena ndearnadh na cleachtais a bhí ann cheana a chomhordú chun cabhrú le feidhmiú rianúil an mhargadh aonair a chinntiú. Ar dtús, shocraigh sé dáta chomónta don tús am choigilte sholas an lae agus níor mhar sé ach ar feadh dhá bhliain. Ansin, tháinig an treoir reatha i bhfeidhm in 2001. Faoi fhorálacha na treoracha sin, athraíonn gach Ballstát go dtí am samhraidh an Domhnach deireadh an Mhárta agus filleann siad ar an am caighdeánach (‘am an gheimhridh’) ar an nDomhnach deiridh mhí Dheireadh Fómhair go deo.
Faraor, bíonn ceistiú maidir le praiticiúlacht an cleachtaidh thar na blianta. Bíonn neamhréiteach sna tuairiscí faoi na heifeachtaí de. Deirtear leath dóibh go mbíonn sé go maith dúinn, agus ar an thaobh eile den scéal is mó de dhochar ná de mhaitheas a dhéanann sé. Da bhrí seo, tháinig an ceist de, an gcoinneofá é? I mí Feabhra 2018, bhí vóta pharlaiminte ann ag iarraidh ar an Choimisiún staidéar eile a dhéanamh. I mí Lúnasa stiúrigh an Coimisiún Eorpach vótáil ar líne. Fuarthas 4.6 milliún freagraí ó fiche hocht de na bállstáit, an uimhir is mó riamh i gcomhairliúchán póiblí an Coimisúin. Ba é tátal na tuarascála go raibh 84% na ránnpháirtithe i bhfábhair fáil réidh leis. Da bhrí seo, cuireadh togra i láithair i 2019 chun deireadh a chur leis na hathruithe ama, le spriocdáta de 12 mhí ag gach mballstáit cinneadh a dhéanamh.
Áfach, ní raibh aon dul chun cinn déanta ó shin. Bhí easaontas ag an léibhéal stáit an bhfanfaí in am an tsamhraidh nó am an gheimhridh agus ar an cheist de athrú na hama. Ag an am, bhí Éire i gcoinne an athraithe. An príomhchúis ná an Bhreatimeacht – d’fhéadfadh sé tarlú go mbeidh dhá amchriosanna idir Poblacht na hÉireann agus an Thuaisceart, toisc nach bhfuil an Bhreatain mar bhall den Aontas Eorpach a thuilleadh.
In ainneoin seo, tá Séan Kelly ag iarraidh é a chur ar ais ar an gclár sa téarma phairliminte atá le teacht. Luaigh Séan Kelly tábhacht na ceiste. Dúirt sé, “Léiríonn na tuairiscí go cuireann na hathraithe na gclog isteach ar choladh, go meadaíonn sé baol ó taom croí, agus go mbíonn níos mó timpistí boithre ann.” Go háirithe, agus muid i mbun géirchéime fuinnimh, “chomh maith leis sin, is argóint seanchaite í go sábhálann sé leictreachas. Déanta na fírinne, tá a fhios againn anois, go meadóidh sé, i ndáiríre, caitheamh fuinnimh le linn míonna an gheimhridh.”
Céard atá i ndán dúinn? An í seo an uair dheireanach gur chóir dúinn ár gcloig agus ár n-uaireadóirí a athrú? Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deirtear, agus is cinnte go nósfaidh an aimsir sa chás áirithe seo.