De réir toghchán áitiúla 2019, chreid formhór na ndaoine a chaith vóta go raibh tábhacht ag baint le húsáid agus beocht na Gaeilge. Léirigh staitistic an vóta imeachta é seo, le 60% de dhaoine ag léiriú go ba chóir go mbeadh an Ghaeilge spreagtha agus in úsáid. Is léir nár tugadh mórán airde ar seo le linn Olltoghcháin 2024 mar go raibh fíor-easpa forógraí as Gaeilge le linn na torthaí.
Ach é seo ráite, ní féidir dearmad a dhéanamh ar an gclár ‘Vóta 2024’ a chuir Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola i láthair ar TG4 is na torthaí ag teacht isteach ó chian agus ó chongar na tíre. Bhí painéal saineolaithe acu ar an gclár a rinne plé ar na torthaí as na dáilcheantair go léir timpeall na tíre. Ar an bpainéal seo bhí réimse leathan daoine ó achan páirtí ann. Ina measc, bhí Liadh Ní Riada, Feisire na hEorpa de chuid Sinn Féin, Alan Dukes, a bhí mar cheannaire Fine Gael, agus Pádraig Ó Céidigh, a bhí mar Sheanadór neamhspleách. Faraor, ní raibh an clár ach ag reachtáil ar an 30ú Samhain agus ar an gcéad lá de mhí na Nollaig. Ar bharr ar seo, bhí clár ‘Lá an Chomhairimh’ ag Raidió na Gaeltachta ar an 30ú Samhain.
Nuair a chuireann tú é seo i gcomparáid lena bhforógraí a bhí ar fáil as Béarla, nochtaítear imchothromaíocht láidir a bhí ann idir tuairisciú as Béarla agus as Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, thosaigh tuarisciú as Béarla ar an olltoghchán ón soicind a bhfógraíodh é. Mar shampla, bhí tú in ann forógraí Béarla RTÉ a ghabháil ar an teilifís 24/7. Ó 9 a.m. ar an gcéad lá den chomhaireamh, bhí tú in ann éisteacht leis na torthaí beo le Katie Hannon agus Sarah McInerney. Freisin, bhí clár ‘Upfront Election 24’ ar fáil ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Ó thaobh an raidió de, chraolaigh RTÉ Raidió 1 na torthaí beo thar an deireadh seachtaine le Claire Byrne. Freisin, bhí podcraolta ag RTÉ ag déanamh anailíse ar na torthaí agus, fiú, bhí mapa idirgníomhach dos na dáilceantair acu chomh maith. Bhí na forógraí Béarla i bhfad níos insroichtí ná na cinn as Gaeilge. Léirítear ó seo an ganntanas a bhí ann ar thuairisciú Gaeilge agus anailís bheo faoin Olltoghchán ach go háirithe tar éis lae an chéad chomhairimh.
Cuireann sé seo in iúil dúinn nár tugadh lár stáitse don Ghaeilge is an toghchán á reachtáil ar chor ar bith, bádh é san ollthuarisciú Bhéarla a rinneadh ar an olltoghhcán. Is mór an trua é seo mar gur léirigh vótáil an toghcháin roimhe seo an tábhacht a léirigh an daonra vótála don Ghaeilge. Cruthaíonn sé seo comhra ceiste faoi thábhacht na Gaeilge sna meáin agus i gcúrsaí reatha.