Tá Aoife Ní Bhriain agus Niamh Leddy san iomaíocht chun ról Phádraig Mhic Bhrádaigh a thógáil mar Oifigeach na Gaeilge. I gcroílár a gcuid feachtas tá plé ar stádas na Gaeilge sa Choláiste, eagrú imeachtaí chun an teanga a chur chun cinn agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas teanga.
Faoi láthair, tá Aoife ag staidéar na matamaitice agus tá an Ghaeilge fite fuaite ina saol laethúil. Tá sí mar chuid den scéim cónaithe agus ina ball gníomhach den Choiste Gaeilge san Aontas. Tá sé mar aidhm aici an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana do gach duine agus cairdeas a chothú trína húsáid. Creideann sí gur cheart do dhaoine a bheith muiníneach sa teanga gan eagla nó imní a bheith orthu is í á úsáid. Tá mianta Niamh Leddy cosúil leis seo. Tá sí ag déanamh staidéir na hEorpa agus tá taithí luachmhar aici mar OCP leis an gCumann Gaelach, chomh maith leis seo is cónaitheoir ar an scéim í. Tá fonn uirthi an Ghaeilge a chur ar fáil do chách agus í a choinneáil beo bríomhar i saol an Choláiste. Inniu, cuireadh an beirt faoi agallamh áit a raibh ceisteanna deacra orthu le freagairt.
An chéad ceist a cuireadh ná conas a chuirfeadh siad imeachtaí ar fáil a mheallfadh daoine chun freastal orthu agus an Ghaeilge a úsáid. Labhair Niamh anseo faoi dhíriú ar an Gaeilge ach go háirithe sa Scéim. Chuir sí in iúl go bhfuil easpa fógraíochta faoi eagraíochtaí faoi láthair agus go mbeadh úsáid na meán cumarsáide ríthábhachtach chun daoine a mhealladh an Ghaeilge a úsáid ag eagraíochtaí an Scéim Cónaithe. D’aontaigh Aoife leis seo agus dúirt sí go raibh suim aici imeachtaí a nascadh le Cumainn eile ionas go mbeadh níos mó daoine in ann teacht i dteagmháil leis an Gaeilge.
Cuireadh ceist eile faoi conas a bheadh siad sásta mar Oifigeach dul i ngleic leis an Aontas agus an Choláiste nuair a nach gcuirtear aistriúchán Gaeilge ar fáil. Labhair Aoife anseo faoi dheis a thabhairt dóibh an botún a cheartú ach go mbeadh sí dian faoi má leanann sáruithe ar aghaidh. Léirigh sí gur slí beatha í an Ghaeilge agus nach bhfuil sé ceart ná cóir nach mbeadh aistriúchán déanta ar théacs, comharthaí agus ríphoist sa Choláiste nó san Aontas. Beidh Aoife dian ar leithsciúlacht i léith na Gaeilge agus chur sí in iúl go gcaithfear meas a léiriú ar an Gaeilge. D’aontaigh Niamh leis an meon seo chomh maith. Chur sí béim ar Bhunreacht an Aontais agus go gcaithfear cloí leis agus chomhstádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge. Chur sí in iúl go mbeadh sí lán sásta dul i ngleic le haon sárú le rialacha an Bhunreachta maidir leis an Gaeilge.
Cuireadh ceist eile faoi conas a bheadh siad sásta mar Oifigeach dul i ngleic le aon fuath atá ann don Ghaeilge. Chuir Mac Brádaigh an cheist seo agus labhair sé faoin taithí a bhí aige le seo mar Oifigeach. Labhair sé faoi dhá litir a fuair sé ó eagraíochtaí Protastúnacha. Rinne na litreacha seo chur síos ar an mbealach a raibh an Ghaeilge ag loitiú cultúr Protustúnach an Choláiste agus rinneadh cur síos ar an teanga mar theanga bhréige a cumadh. Labhair Niamh anseo faoin ngráin a bhí aici don mheon seo. Dúirt sí go n-úsáidfeadh sí a hardán chun an fuath a thaispeánt agus chun troid ina gcoinne ionas go mbeadh borradh faoin nGaeilge sa Choláiste. I gcompráid leis seo, dúirt Aoife nach dtabharfadh sí ard ar an bhfuath seo agus nach mbeadh sí ag iarradh aon aird a thabhairt ar dhaoine atá maslach faoin Ghaeilge. Labhair sí faoin láidreacht atá ag an Ghaeilge agus go dtaispeánfadh sí go bhfuil an Ghaeilge in ann an fód a sheasamh i gcoinne an mheoin ghránna seo.
Léirigh an t-agallamh seo na buanna agus na mianta atá ag Aoife agus Niamh. Is léir go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh meon dearfach faoin Ghaeilge. Tá siad ag iarraidh go mbeadh cairdeas á chruthú is go mbeadh an Ghaeilge á húsáid agus go mbeadh achan duine in ann leas a bhaint aisti. Tá an bheirt acu paiseanta faoin Ghaeilge agus tá siad tiomanata ról Oifigeach na Gaeilge a chomhlíonadh go rathúil mar a rinne Mac Brádaigh.