Sport
Feb 26, 2025

Réamhamhairc ar Shéasúr “League of Ireland” 2025

Gerard LoscherEagarthóir Sinsearach
blank

An comhaontú craolacháin teilifíse nua le ‘Virgin Media Television’

Sula bpléifimid ár dtuar don séasúr, is gá aird a thabhairt ar an gcomhaontú craolacháin teilifíse a rinneadh le déanaí idir Virgin Media agus Sraith na hÉireann. Leis an gcomhaontú nua beidh ‘Virgin Media Television’ mar an t-aon chraoltóir eisiach den sraith. Craolfaidh ‘Virgin Media Television’ 36 cluiche i rith an tséasúir, le cluiche beo gach babhta den séasúr. 

Dúirt Virgin Media Sport – “Táimid fíor-shásta Sraith na hÉireann a chraoladh, agus beartaíocht chun é a dhéanamh ar feadh ceithre bliana amach anseo. Tá an-suim ag VMTV deis a thabhairt don lucht leanúna tuilleadh cluichí a fheiscint. Don chéad uair riamh, beidh cluadach saor-in-aisce ar na cluichí is mó, gach aon seachtain sa bhfeachtas, mar aon leis na cúil uilig ó na cluichí eile. Tá an-áthas orainn a tsraith a chur chun cinn, agus ár gcuid a dhéanamh cur le peil ag gach leibhéal ar fud na tíre.”

ADVERTISEMENT

Is ábhar mhór sonas é seo do lucht tacaíochta na sraithe, tar éis blianta de RTÉ ag tabhairt aird ar bith ar sacar in in Éirinn.

Shamrock Rovers

Beidh an-díomá ar Stephen Bradley agus Shamrock Rovers tar éis an tséasúir seo caite. Ar an lá deiridh den séasúr, coróiníodh Shelbourne mar sheaimpíní na tíre, ag cur deireadh leis an dtréimhse ceithre bliana de cheannas Shamrock Rovers. É sin ráite, ní bhíonn néal gan ghealán, agus bhí rith stairiúil acu san Eoraip, ag buachan in aghaidh foirne ar nós Larne, TNS, agus FK Borac. Freisin, d’éirigh leo comhscór a fháil i gcoinne dhá fhoireann den scoth, Apoel agus Vienna, agus fuair siad fiú cúl i Stamford Bridge i gcoinne Chelsea. Dhaingnigh sé seo 11 phointe dóibh sa ghrúpa, agus go luath imreoidh siad in aghaidh Molde, rud a thugann seans dóibh áit a bhaint amach sa bhabhta 16.

Chaill Shamrock rovers go leor imreoirí tábhachtacha ar nós Johnny Kenny, Darragh Burns, Neil Farrugia, Marcus Poom, Richie Towell agus Sean Hoare, i measc imreoirí eile, roimh thús an tséasúir. Go dtí seo, níl siad tar éis formhór folúntais na n-imreoirí seo a líonadh –  níl ach an cúl báire Ed Mcginty, sean-cosantóir Adam Matthews, imreoir lár páirce Matt Healy agus an tosaithóir óg Michael Noonan athabhairt isteach. Go háirithe, is dóigh linn go mbeidh siad ag streachailt gan a bharr-scórálaí Johnny Kenny, a scóráil 20 cúl do na Hoops anuraidh.

Ag glacadh san áireamh go bhfuil a gcuid scuad ag dul in aois, má theipeann orthu níos mó imreoirí a thabhairt isteach roimh an spriocdháta, ní dóigh linn gur féidir leo a dteideal mar sheaimpíní a fháil ar ais agus is dóigh linn go gcríochnóidh siad sa tríú háit.

 

St Patrick’s Athletic

Bhí séasúr iontach ag St Patrick’s Athletic anuraidh, ag críochnú 3ú tar éis tús lag a bheith acu. Tá an bainisteoir Stephen Kenny ag déanamh jab iontach go dtí seo, ag cur feabhas ollmhór ar an bhfoireann. Go dtí seo, tá Barry Baggley, Simon Power, Conor Carty, agus Sean Hoare ó iomaitheoirí Shamrock Rovers tugtha isteach ag St Pats. Tá siad tar éis a scuad a neartú, agus níor chaill siad aon imreoirí móra. Ag glacadh san áireamh go bhfuil Stephen Kenny tar éis St Pats a thógáil ó neart go neart le déanaí, agus go bhfuil a scuad coinnithe agus feabhsaithe acu, ceapaimid go gcoinneoidh siad suas an móiminteam seo agus go gcríochnóidh siad sa 2ú háit an séasúr seo.

Shelbourne FC

Dúirt Oilibhéar Mac Lochlainn, tacadóir Shells linn:  “Dá gcuireadh ceist orm bliain ó shin an mbeadh an t-alt seo a scríobh agam agus Shelbourne FC a bheith mar seaimpíní na hÉireann, déarfainn cinnte nach mbeinn ar aon intinn leat – an gcluiche álainn, ar ndóigh! Bhí séasúr dochreidte ag Shelbourne FC anuraidh: d’ardaigh leibhéal tacaíochta an chlub níos airde ná riamh, thaistealaíomar fud fad na hEorpa chun an fhoireann a leanúint, agus sháraíomar ar gcéilí comhraic, Shamrock Rovers agus Derry City, chun an chorn a bhuachaint don chéad uair ó 2006! Níor thug éinne seans ar bith dúinn roimh ré, agus bíonn i gcónaí siad siúd a bhíonn ag gearán, go háirithe ag deireadh an séasúir seo caite – cinnte, thiteamar thar an líne deiridh, ag streachailt chun pointí róthábhachtach a chur ar an mbord, ach níor ghéilleamar riamh. Spreag na himreoirí céanna neart, fuinneamh agus díocas diongbháilte ionainn chun leanúint ar aghaidh – Mark Coyle, Seán Gannon, Paddy Barrett agus Seán Boyd ach go háirithe. Freisin, bhí uaireanta draíochtúil againn chun an mbrionglóid a choimeád beo – Evan Caffrey in aghaidh St Pats, an dá chúil ó Will Jarvis i gcoinne Rovers, agus Harry Wood sa Brandywell chun an tsraith a thabhairt abhaile go Tolka! Ag breathnú chun tosaigh ar an tséasúir seo, is léir go bhfuil fuinneamh nua fite fuaite sa chlub. Níl ‘Duffer’ [Damien Duff] chun a chaighdeáin a ísliú toisc go bhfuil corn deas álainn sa chófra, agus cinnte nach ligfidh na himreoirí a leithéid tarlú freisin. Chonaiceamar tús maith sa réamhshéasúr, agus tá na himreoirí nua ag dul ó neart go neart. N’fheadar an mbeidh séasúir chomh speisialta againn i mbliana, ach is léir rud amháin – beidh Shels ag troid go dian chun an chorn a choimeád i nDroim Conrach!”                                   

An Rás Chun Fanacht Suas

Is iad na trí fhoireann is dóigh linn a bheidh ag troid le maireachtáil sa rannán ná Drogheda United, Sligo Rovers agus Cork City. 

Chuir Drogheda United ionadh ar gach éinne an séasúr seo caite, ag buachaint an Corn FAI san Aviva i gcoinne Derry City. Sin ráite, chríochnaigh siad sa 9ú háit an séasúr seo caite, chun tosaigh ar Dundalk FC amháin, agus tá an t-ádh dearg leo a bheith fós sa rannán chun an fhírinne a rá. Tá roinnt imreoirí tábhachtacha caillte acu ar nós Adam Weir, Adam Foley, Gary Deegan agus a bharr-scórálaí Frantz Pierrot. Agus a bharr-scórálaí Frantz Pierrot ag fágáil an chlub, ag bogadh go FK Velez Mostar, beidh siad ag streachailt gan a chuid cúil. Anuas ar sin, de bharr gur bhuaigh siad an cupán, beidh brú breise na gcluichí Eorpacha orthu an séasúr seo. Is dóigh linn go dtitfidh siad síos spota amháin sa tábla, ag críochnú sa 10ú háit, agus ar an drochuair, go mbeidh muid gan Drogheda United sa Phríomhroinn faoi dheireadh an tséasúir.

Tar éis séasúr leamh, marbhánta a bheith acu, ní líonann Sligo Rovers muid le morán muiníne, agus beidh orthu a scuad a atógáil. Níl aon móiminteam acu ag dul isteach sa séasúr seo agus ceapaimid go críochnóidh siad taobh thiar de Cork City, sa 9ú háit.

Bhfuel, i gcodarsnacht fhollasach, beidh Cork City lán de mhóiminteam tar éis séasúr dochreidte sa dara sraith anuraidh, ag críochnú 22 pointe chun tosaigh ar an dara háit, UCD. Leath bealaigh tríd an séasúr seo caite, d’éirigh le Cork City iar-imreoir agus laoch, Sean Maguire, a mhealladh ar ais chuig an gclub. Le Ruairi Keating ag filleadh ar an gclub freisin, má tá an bheirt seo in ann imirt go barr a gcumais, gheobhaidh Cork City go leor cúilíní an séasúr seo, ag tabhairt seans iontach dóibh maireachtáil sa sraith.

Bígí páirteach

 Bíodh é an glaoch ó na sluaite, an dráma ar an bpáirc, nó an comrádaíocht agus cairdeas sa lucht tacaíochta, tá neart cúiseanna ann chun tacú le d’fhoireann áitiúil. Rófhada a bhí sacar na hÉireann ar an imeall, ach tá an t-am sin thart. Leis an tsraith ag dul ó neart go neart, imreoirí níos fearr, staidiamanna feabhsaithe, agus ag éirí go hiontach le foirne san Eoraip, is anois an t-am le bheith páirteach i bpobal Sraith na Éireann.

“Ní neart go cur le chéile” – sin spiorad agus croílár Sraith na hÉireann, ar an bpáirc imeartha agus sna seastáin araon.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.