In Focus
Mar 26, 2025

An Cnádán in Éirinn

Tá iarrachtaí forleathan anois ann chun an débheathach seo a chaomhnú.

Ruairí GoodwinAoi-scríbhneoir
blank

Dá gceisteofá muintir na tíre seo faoin bhfiadhúlra atá le fáil anseo, is dócha go ndéanfaidís trácht ar an sionnach, an fia rua nó an flúirse éanlaigh atá le feiscint go minic i bhformhór na tíre. Ní minic a ndéantar tagairt do tréibh na débheathaigh, ach má ndéantar, is an frog amháin a luaitear, nó ar éigin an earc luachra. Tá speiceas débheathach amháin eile ar an oileán seo áfach nach cloistear gig nó mig faoi, agus is é atá is mó i mbaol díothaithe sa lá atá inniu ann. Is é seo an cnádán, nó Epidalea calamita, i mbéal an eolaí. 

Ní haon ionadh é nach mbeadh aithne ag tromlach na ndaoine ar, mar nach bhfuil sí le fáil go dúchasach ach i limistéir an-beag timpeall cósta Ciarraí, i ndúiche maguaird an Daingean. Mar dhébheathach, is gá go mbeadh an cnádán gar le uisce i gcónaí. Faightear é go hiondúil i lochán, ach ní díreach aon lochán, is maith leo locháin nach bhfuil ró-dhomhain, le bruacha claonta, uisce le pH neodrach agus a bhfuil suite i dtalamh lom. Cuireann gníomhachtaí daonna, an talmhaíocht ach go háirithe, isteach ar na coinníollacha seo, rud atá ag cúisiú lena mheath. 

Ar an deá-uair, tá feachtas láidir tar éis a bheith cuirthe i bhfeidhm don cnádán beag ó aimsir na nóchaidí. Tugadh cosaintí dóibh faoin tAcht um Fhiadhúlra i 1976, agus ó shin tá beagnach an ceantar go léir inar faightear iad aitheanta mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta faoi reachtaíocht an tAE. Gníomh mór a bhí déanta ná dhá pobal nua a bhunú, ceann i gCathair Dónaill, áit ar cailleadh iad fadó, agus ceann eile ar Rinn Rámhainn i Loch Garman, áit nach raibh siad le fáil ariamh. Cruthaíonn an dara daonra seo deis breise don speiceas le maireachtáil, ar eagla go mbeadh tubaiste mór ina ceantar dúchais cosúil le stoirm mór, galar nó doirteadh ola fiú. Tá sé cosúil le cóip breise de aiste tábhachtach a shábháil ar líne, ar eagla go gcaillfear do ríomhaire! 

ADVERTISEMENT

Gníomh eile atá tar éis a bheith curtha i bhfeidhm ná lochán nua a chruthú sna ceantracha ina bhfuil cnádáin. Méadaíonn seo an gnáthóg atá ar fáil do na cnádáin. Rinneadh seo i gcomhar le feirmeoirí na háite, rud a forbraíonn an t-eolas agus meas atá acu don speiceas. Tá rath measartha tar éis a bheith ag an tionscadal seo ar an iomlán, le timpeall cnádáin le fáil in aon cúigiú do na lochán saorga. Go minic, ní hionann coinníollacha na lochán saorga agus coinníollacha a locháin dúchais, nó cuirtear iad i ngnáthóga nach mbeadh cnádáin ann ariamh, cosúil le i lár féaracha. B’fhéidir gur seo míbhuntáiste atá le baint an muintir áitiúil leis an tógra. Os a choinne sin, i ndá suíomh laistigh de cheantar dúchais na cnádáin, is cosúil go bhfuil na locháin tar éis na cnádáin a shámháil, mar nach bhfuil siad le fáil ach i locháin saorga. Anuas ar seo is i locháin saorga a mhaireann pobail Cathair Dónaill agus an Rinn Rámhainn iomlán, rud a léiríonn tábhacht na locháin saorga i gcaomhantas an speiceas seo.

Chomh maith leis na forbairtí seo a bhí déanta i ngnáthóga an cnádán, déantar iarrachtaí líon na cnádáin a mhéadú ar slite níos dírí. Stráitéis amháin ná uibheacha agus torbáin an cnádáin a baint ón dtuath agus iad a fhás i dtimpeallacht saorga. Is iad ag fás aníos amuigh sa domhain mór, cailltear suas le nócha faoin céad de na cnádáin óga de bharr creachóirí, iomaíocht agus droch-aimsir. Níl na bagairtí seo ann is iad ag maireachtáil i dtimpeallacht saorga, agus maireann i bhfad níos mó dóibh dá bharr. Nuair atá siad fásta aníos agus láidir go leor le maireachtáil ar a aonar, scaoiltear ar ais chuig a cheantar dúchais iad, rud a dtugann borradh mór don daonra. Rinneadh seo i suíomhanna timpeall na tíre, Mara an Beo an Daingean agus Páirc Fiadúlra Fota in measc. Bhí an-rath aige seo, le timpeall dhá míle go leith cnádán scaoilte ag díreach muintir Fota ar ais chuig a cheantar dúchais anuraidh. 

Leis na hiarrachtaí caomhantais seo go léir siúl don chnádán, le cúnamh Dé beidh sé le chloisint timpeall cósta Chiarraí le fada an lá amach anseo. Más mian leat féin iad a chloisint, tá tú díreach in am, mar go bhfuil séasúr an ghoir do na cnádáin beagnach buailte linn, agus is ag an am seo den bliain go mbíonn siad is glóirí. Ní gá ach taisteal síos go Ciarraí, dul amach chuig na dumhcha timpeall clapsholas agus lochán a lorg. Is anseo a mbailíonn na céadta cnádán is iad ag lorg céile. Cloisfear grágraíl ard ó na cnádáin fireann is iad in iomaíocht le teacht ar céile, rud a thugann an t-ainm ‘cnádán’ dóibh. Muna féidir iad a fheiceáil le do shúil féin, tá neart físeán agus eolas eile ar líne gur féidir breathnú ar, éisteacht le agus, ach go háirithe, a roinnt, chun scéal an ainmhí iontach seo a chur chun cinn agus le tacú lena gcaomhantas.  

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.