Radius
Mar 13, 2025

Léirmheas ar “Leigheas ar na nGrá ach Damhsa”

D’fhreastal Fachtna Mac Conghail ar oíche oscailte cheoldráma úr-nua an Chumann Gaelaigh.

Fachtna Mac ConghailEagathóir Gaeilge
blank
Fachtna Mac Conghail.

Is léir nach bhfuil sean-scéal an ghrá caite go fóill orainn, a chairde. Cinnte, tugann ceoldráma nua an Chumann Ghaelaigh radharc úr-nua dúinn ar ghrá atá ceolmhar, casta, agus ábhairín ciotach. Seo scéal Caoimhe (Elsie Doyle) agus Dáithí (Joe Woulfe), lánúin óg ar tí chleamnais. Caithfear a rá go bhfuil an dá aisteoir seo an-láidir ar fad sna páirteanna acu. Buailtear le mhór-chlann Dháithí, bailiúchán álainn den mháthair, sean-mháthair, aintíní, sagart, agus, gan amhras, an t-iar-chailín! Glactar le Caoimhe mar chuid den chorr-chlann seo ar deireadh, ach ní go dtí go scaoileann an bhean óg le droch-chuimhní aici ar an tsaol. 

 

Tá Cathal Ó Mhurchú – scríbhneoir, ceoltóir, agus stiúrthóir an cheoldráma – tar éis buille mór a leagan ar son drámaíocht na Gaeilge i gColáiste na Tríonoide le ‘Leigheas ar na nGrá ach Damhsa’, ceoldráma uathúil atá greannmhar agus gleoite. Ó thús go deireadh an tseó, is léir an stiúr suntasach atá aige agus ag a cheoil féin-chumtha ar a tharlaíonn ar an stáitse. Tá meán faighte anseo aige, le dóthain spiorad agus brí, inar féidir scéal a insint agus gur cuma cén teanga ina bhfuil sé – is ana-éacht é seo.

ADVERTISEMENT

 

Caithfear ard-mholadh a thabhairt go Muireann Carey agus Tara Ní Bhroin a bhí i bhfeighil ar chóiréagrafaíocht. Tugadh deis don rince bheith mar mhór-chuid de chur chun cinn na gcarachtar agus an scéil. Dhein Stella Cullen Browne sár-jab ar na gcultacha freisin.

I measc na n-aisteoirí, sheas Elsie Doyle (Caoimhe) agus Anna Morris (An t-Iar-Chailín) amach ach go háirithe mar chailíní a bhí ar an dá thaobh den ghrá. Áfach, tugfaí ard-mholadh don chriú óg ina iomláine, ina measc Dara Ní Dhochartaigh Madrigal, Robyn Coughlan, Hannah Nic Eindrí, Rian Breathnach, Ursula Ní Fhiaich, Dearbhla Sacoman agus Eilín Ní Riain. Bhí nádúrthacht breá sa chaidreamh eatarthu ar fad ar an stáitse, más rince, canadh nó comhrá a bhí ann.

 

Is ceoldráma den scoth é ‘Leigheas ar na nGrá ach Damhsa’, a nascann ceol, sár-samhlaíocht, agus an Gaeilge go fuirist agus i mbealach tarraingteach don lucht fhéachana. Beifear ag súil leis an ndrámadóir óg seo, Cathal Ó Mhurchú, a fheiscint arís gan mhoill!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.