Ar an 5ú lá de mhí Nollaig 2024 d’oscail Aontas na Mac Léinn (AML) iarratais d’aistritheoirí le haghaidh Rannóg an Aistriúcháin (RA). De réir an fógra, roghnófar cúigear mac léinn bunaithe ar na scileanna seo a leanas: ardchaighdeán Gaeilge scríofa, tuiscint maith ar conas foclóir eagsúla a úsáid agus más coimthéacs néamfhoirmeálta nó fhoirméalta i gceist, agus cumas spriocdhátaí a bhaint amach. Ina theannta sin, post íoctha atá i gceist le cúig cent in aghaidh an fhocail leis na haisthreoirí.
Oibríonn an RA go dlúth leis an tOifigeach Gaeilge, cosúil leis an Coiste Gaeilge AML a bhí ag feidhmiú an bhliain seo chaite. Is mar chuid den straitéis chumarsáide dátheangach mar a luaitear i bhforógra an tOifigeach tofa.
Cuireadh tús leis an obair aistriúcháin i mbliana ar an 13ú lá de mhí Eanair. Thuairiscigh Abigail an obair atá déanta acu go dtí seo ná ag aistriú rudaí a bhaineann leis an Reifreann a bhí ar siúil an tseachtain seo chaite. Déanann Pádraig aistriúchán ar an ríomhphost seachtainiúil.
Chomh maith le seo, beidh an fhoireann ag aistriú forógraí na n-iarrthóirí ag druidim i dtreo an toghcháin sabóideach. De réir Sceideal 3:9*, tá béim cúrtha ar fheachtais dátheangaigh agus tá seirbhísí aistriúcháin ar fháil más gá.
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an Rannóg an Aistriúcháin, labhair mé le Pádraig agus Abigail agus chuir mé na ceisteanna seo orthu:
- Cén fáth ar cruthaíodh an Rannóg an Aistriúchán?
Dúirt Pádraig go gcruthaíodh é “le dul i ngleic le líon ollmhór na gcáipéisí a chaithfidh a bheith ar fáil i nGaeilge de bharr na rialachán i Sceideal 11 den Bhunreacht agus de bharr 1.4 sa Bhunreacht a mhaíonn go gcaithfear caitheamh leis an dá theanga go hiomlán mar an gcéanna.”
Áfach, bhí fáth pearsanta ann do Phádraig freisin, “níl an t-am ag Oifigeach na Gaeilge gach rud a aistriú agus níor chóir dó ach an oiread le gur féidir leis a chuid ama a chaitheamh ar bheartas an Aontais agus na hollscoile i leith na teanga. Tá níos mó ama agam anois bualadh leis an lucht riaracháin agus Rannóg an Aistriúcháin ar an bhfód.”
Athdhearbhaigh Abigail tábhacht an ról chun an ualach a roinnt, “tá níos lú brú ar Phádraig agus níos mó ama aige a chur isteach ar an gcolaiste & ionadú don Ghaeilge.”
2. “Léiríonn an Rannóg an Aistriúchán go bhfuil an aontas ag fáil tacaíocht agus ag éirí níos láidire ó thaobh na Gaeilge de.” An aontaíonn tú leis an ráiteas seo? (do Phádraig amháin)
Dúirt sé, “Aontaím go láidir leis an ráiteas sin toisc go bhfuil nósanna imeachta socraithe againn anois le freastal ar an dátheangachas mar is ceart. Is iomaí uair nach mbíonn sa dátheangachas ach coincheap teoiriciúil seachas an saol mar atá go praiticiúil. Cabhraíonn RA lena chinntiú go bhfuil Aontas fíordhátheangach againn ar gach bealach.”
Go fádtéarmach, tá súil ag Pádraig “bunachar aistriúcháin a chur le chéile ag deireadh na bliana lena chinntiú nach mbeifear ag athaistriú na rudaí céanna” a bhfuil an-tábhachtach ó thaobh leanúnachais de.
Amach anseo, is léir go n-athróidh an RA cúrsaí Gaeilge ar an gcampas agus cabhróidh sé le Pádraig sa ról. Tá sí mar chéim eile é i dtreo Colaiste dátheangach.
*Sceidil 3: 9 Irish Language
- Manifesto as described in Section 4.5.5 shall be available in English and Irish
(e) If a campaign team is unable to translate their campaign material from English/Irish to Irish/English, they may apply to the EC to have it translated by the Union provided they submit it by the deadline for campaign materials as described in Section 4.5.5(a)(iii)”.