Comment & Analysis
Mar 4, 2025

Tá Líon Mór Daltaí Meánscoile ag Déanamh Staidéar ar Theangacha Seachas an Ghaeilge

Conas is féidir é seo a réitiú?

Leo Ó Nualláin
blank

Má fhreastal tú ar mheánscoil in Éirinn, tá tú ar an eolas faoi díolúintí Gaeilge agus an 13% de dhaltaí mheánscoile a fhaigheann iad. Seans go raibh duine nó beirt díolúnaigh mar chairde agat. Samplaí dóibh siúd ná daltaí le míchumas intinne, nó a chaith an cuid is mó dá n-am foghlamtha i dtíre eile. De ghnáth, caitheann na daltaí seo an t-am ina mbíonn ranganna Gaeilge ag a gcomh-scoláirí ag déanamh staidéir ar a n-ábhair eile (nó ag déanamh faic ar bith). 

 

Sa bhliain scoile 2023-24, fuair 5% de dhaltaí meánscoile díolúintí nua don Ghaeilge, i gcompráid leis an mbliain scoile 2017-18, ina bhfuair 3% díolúintí nua. Ní fhéachann an méadú seo an-mhór, ach is féidir athrú soiléar a fheiceáil idir an ré roimh agus tar éis an phandéim. Deir Rosie Bissett, príomhfheidhmeannach Dyslexia Ireland, gur féidir an milleán don mhéadú sin a chur ar chos na pandéime, agus an deacracht a bhí ag daltaí le míchumais intinne díagnóis a fháil i rith na pandéime. Beidh ar an bpobal feitheamh agus féachaint go dtitfeadh na rátaí anuas arís. 

ADVERTISEMENT

 

Tá conspóid freisin, le méid na ndaltaí a dhéanann staidéar ar theangacha eachtreanacha nuair atá díolúintí Gaeilge acu. De réir an Irish Times, i 2023 bhí 20,000 daltaí meánscoile san áireamh anseo, níos mó ná 40% de na daltaí le díolúintí. Is léir na difríochtaí idir na teangacha sin agus an Ghaeilge, agus na modhanna múinteoireachta ina múintear iad. Mar shampla, tosaíonn múinteoireacht na dteangacha eachtrannacha sa mheánscoil, agus tosaíonn an Ghaeilge i mbunscoil. 

 

Ag labhairt leis an Irish Times, chuir ard rúnaí Chonradh na Ghaeilge milleán ar an gcúis sin – an chaoi nach mbíonn an modh múinteoireachta Gaeilge solúbtha go leor do dhaltaí. Cuireann urlabhraí Dyslexia Ireland béim ar an bhfadhb sin freisin – an chaoi ina gcailleann daoine amach ar staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge sa mheánscoil mar nach raibh siad in ann staidéar a dhéanamh uirthi sa bhunscoil. Feictear an t-éifeacht sin leis na daltaí inimircigh freisin, ina mbeadh orthu ocht mbliana de Ghaeilge na bunscoile a dhéanamh sula dtosnódh siad le Gaeilge sa mheánscoil. Mar chomparáid, is féidir Fraincís nó Sinís a thosú ar an gcéad lá den mheánscoil.  

 

Má tá grá mór agat don teanga, tá sé ró-éasca fearg a bheith ort faoi sin, chun é a rá gur fuath leis na daoine sin an Ghaeilge agus go bhfuil siad fimíneach, chun a rá go ndéantar feall uafásach ar an nGaeilge inár meánscoileanna. Áfach, ba cheart dúinn éisteacht leis na réitigh a phléitear do chúise na bhfadhbanna seo lenár dteanga. 

 

Breathnaigh ar an righneas leis an nGaeilge sna meanscoile (nó an béim a chuirtear ar litríocht na Gaeilge), agus an riachtanas do 14 bliana sa scoil chun an Ghaeilge a mhúineadh go ceart. Féachfaimis ar an méid ama agus airgead a caitear sna scoileanna chun an Ghaeilge a mhúineadh, agus ar an taobh eile, an chaoi ina nach mbíonn an cuid is mó de na daltaí sa tír seo in ann í a labhairt nó a léamh go ceart tar éis an Ardteist. Is féidir a rá nach mbaineann aon rud eile san fhadhb seo le díolúintí ach comhartha an fhir tinn. Is toradh fadhbanna níos práinní sa chóras oideachais agus leis an módh múinteoireachta Ghaeilge sa tír seo í an fhadhb seo le díolúintí agus le déagóirí a dhéanann staidéar ar teangacha eachtrannacha, agus ní ar an nGaeilge.

 

Cén áit gur ceart dúinn an milleán a chur? Ar dhéagóirí le míchumais intinne nó le cúlraí na hinimirce, ag iarraidh teangacha nua a fhoghlaim? Nó ar an modh múinteoireachta meánscoile don Ghaeilge, lena lámha ciontacha?  

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.