Tá stoirm faoi racht seoil i measc an phobail i mBéal Feirste faoi láthair, go háirithe idir na hAontachtaí agus na Náisiúntaí. Tháinig rabhartha conspóide síos ar an staisiún nua a thógadh i mBéal Feirste le déanaí, tar éis an chinnidh chomharthaí Gaeilge a crochadh ann. Tá an Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste, staisiún traenach agus bus, lonnaithe i lár na cathrach agus d’oscail sé ar an 13ú de mhí Dheiridh Fómhair anuraidh. Ó tharla gur thug an tAire Bonneagair Stormont agus MLA as Sinn Féin Liz Ó Comáin (Liz Kimmins) cead don chomharthaíocht an tseachtain seo chaite, tá achrann idir Airí Stormont mar thoradh ar seo. Dúirt an Leas-Chéad Aire Emma Ó Beagáin-Pengelly (Emma Little-Pengelly) go raibh “dualgas de réir dlí” ar Ó Comáin chun cinneadh mar seo a ghlacadh chuig an Feidhmeannas Thuaiscirt Éireann. Go háirithe, scríobh Airí ‘DUP’ chuig an tAire Bonneagair chun ceist a chur faoin bhealach ina raibh an chinneadh sin déanta. Dúirt Jamie Ó Muirgheasáin (Jamie Bryson), gníomhaí dílise, gur chuir sé an Roinn Bhonneagair ar an eolas Dé Máirt go lorgódh sé urghaire cúirte éigeandála tar éis do ‘Translink’ a rá go raibh tús curtha leis an obair. Dúirt sé go raibh an cinneadh seo déanta “gan cead an Fheidhmeannas”, agus gur tionsnaíodh na himeachtaí dlí seo mar gheall ar an chinneadh chun comharthaí Gaeilge “a fhorchur” ar an staisiún.
Dúirt an Roinn Bonneagair gur í Ó Comáin a rinne an chinneadh go díreach chun na comharthaí a chur isteach, agus ní Translink a dhearna é, an t-oibreoir iompair poiblí ar leis an stáisiún £340m. Dar le rialacha Stormont, ba cheart go meastar cinntí conspóideacha le chéile ag an chomhrialtas iomlán, in ionad aire aonair. Ach, laistigh den Feidhmeannas, deirtear go bhfuil sé suas don Chéad-Aire Michelle Ó Néill agus an LeasChéad-Aire Ó Beagáin-Pengelly. Tá an cinneadh deiridh acu ar cén fadbhanna a bhfuil suntasach, agus a mbeidh oscailte do vóta níos leithne. Ach cén fáth go bhfuil na heachtraí seo chomh conspóideach?
Ar 10ú de mhí Aibreán 1998, 27 mbliain ó shin anois, síníodh an Comhaontú Aoine an Chéasta. Mar chuid de na spriocanna a bhfuil san áireamh sa téacs, dearbhaíonn na páirtithe a dtiomantas don chomhmheas, cearta sibhialta agus saoirsí reiligiúnacha de gach duine sa phobal. Go háirithe, tá béim curtha ar cheartaí cosúil le smaoineamh saoirse polaitíochta agus an cheart chun aidhmeanna náisiúnta agus polaitiúla a shaothrú go daonlathach. Bhí féiniúlacht pholaitiúil agus reiligiúnach ríthábhachtach le linn na Tríoblóidí i dTuaisceart Éireann, agus bhí baint mhór bheith i do Ghaeilgeoir agus a bheith i do náisiúnaí. Sa lá atá ann inniu, tá sé deacair do dhaoine an coincheap seo a scaradh ón am atá thart. Mar sin, tagann an Ghaeilge amach mar íospartach bocht. Úsáidtear í mar sceilpín gabhair, ag cur an mhilleáin uirthi agus ní ar na fíor cúiseanna.
Maidir leis na comharthaí Gaeilge, úsáidtear an argóint gur cur amú airgid atá i gceist, agus tá na mílte fadbhanna eile níos tábhachtaí ann Deirtear go mbeidh an £150,000 níos fearr a chaitheamh in áiteanna eile sa Thuaisceart. Dúirt Ó Beagáin-Pengelly go bhfuil “imní fíorúil” i gceist anseo, agus go bhfuil sé dlisteanach chun ceistiú “cén fath go mbeidh muid ag déanamh seo ag an am seo in aon chor?” Agus aontaím leis sin. Níl amhras ar bith ann ach gur cheart céimeanna a ghlacadh i bpróiseas pleanála an tionscadail seo, agus ní mar athsmaoineamh. Ró-mhinic ar fad, idir dheas agus ó thuaidh araon, caitear leis an Ghaeilge mar ualach, nó mar rud muláideach. Is mar gheall ar an cháineadh ó ghníomhaithe Gaeilge a bhfuil na hathruithe seo ag teacht isteach. Mar a dúirt Ciarán Mac Ghiolla Bhéin, ó An Dream Dearg, tá an lárionad iompair seo le haghaidh na daoine ar fud fad an oileáin, agus mar sin “tá sé ríthábhachtach go léiríonn sé ár bhféiniúlacht.” Is é an ‘cur amú airgid’ a raibh Ó Beagáin-Little ag caint faoi de thoradh athsmaoineamh é sin. Is furasta do na hAontachtaí agus polaiteoirí an milleán a chur ar an Ghaeilge, agus gan ar an chóras é fhéin. Mar a dúirt Ó Comáin, beidh seo ina “fhobairt thar a bheith dearfach”, ag cur Gaeilge ar na comharthaí. Tá sé ráite ag Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh, gníomhaí Gaeilge leis an Dream Dearg, go mbeidh an soláthar comhionann teanga seo mar léiriú ar ghealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cuireann sé “an pobal Gaeilge atá ag méadú i gcónaí” chun chinn ar fud fad Béal Feirste. Is í an Ghaeilge an dara teanga is mó ag fás sa Ríocht Aontaithe. Tá fás 155% tagtha ar an teanga taobh istigh de 5 bliana, de réir na sólathraithe oideachais ar líne is mó sa RA ‘City-Lit’. Anuraidh, d’fhill an Ghaeilge ar ais chuig na cúirte i mBéal Feirste don chéad uair i 300 bliain. Bhí an chúirt ag éisteacht le hachomharc a thug Conradh na Gaeilge i gcoinne chinnidh an Choimisinéara Eolais a sheas le cinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste gan comhairle dlí maidir le sraith comharthaí dátheangacha a nochtadh. Labhair Conradh na Gaeilge os chomhair na cúirte i nGaeilge. Chomh maith leis sin, thug An tAcht Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge sa Thuaisceart. Ina theannta sin, i mí Feabhra, dheimhnigh an rialtas sa RA go cuirtear tús le hAlt 4 den Acht seo, agus deireadh a chur le cosc ar feadh na céadta bliain, agus cead a thabhairt don Ghaeilge teacht ar ais chuig na cúirte sa Thuaisceart.
Ach ní rud aiteach é chun comharthaí dátheangach a bheith i dtír. Taobh amuigh d’Éirinn, tá siad coitianta san Alban agus sa Bhreatain Bheag. I gCeanada, is féidir leat Béarla, Fraincis nó araon a fheiceáil thart. Sa chúige New Brunswick, tá comharthaí dátheangach le fáil ann. Faoi láthair, tá comharthaí i mBéarla agus i Maorais á mbreithniú sa Nua Shéalainn. Faraor, úsáidtear ár dteanga mar uirlis pholaitiúil. In ainneoin na foghlama agus forbairt, is í an Gaeilge is mó a d’íoc as ionsaithe mar seo. Mar chuid den phróiseas, bheadh orthu an chóras ticéad a athrú chun rogha Gaeilge a chur isteach. Dúirt an cheannaire DUP Gavin Ó Róibín (Gavin Robinson) “go néileodh sé leo fáil réidh leis na roghanna teanga eachtracha atá ar fail cheana féin do thurasóirí atá ag teacht chuig Tuaisceart Éireann nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu” agus go mbeadh seo mar rud “raiméis.” Is dócha go bhfuil gradam níos ísle tuillte ag an Ghaeilge ná mar atá ag “teanga eachtracha” d’aontachtaithe.
Is léir go bhfuil an Tuaisceart céasta ag cuimhní na dTríoblóidí agus go bhfuil na daoine tollta le himní le haon athruithe a thagann isteach. Athraítear í go rud polaitiúil agus rud eaglach. Nuair nach bhfuil duine in ann teanga a thuiscint agus a labhairt, tagann daoine agus polaiteoirí isteach chun airm a dhéanamh as an eagla sin agus cuireann siad faitíos ar dhaoine i leith na teanga. Ach, is dócha go mbeidh Éire Aontaithe mar chuid denár dtodhchaí. Beidh ar gach taobh oiriúnú agus forbairt a dhéanamh le chéile. Tá stádas oifigiúil anois ag an Ghaeilge sa Thuaisceart, agus ba cheart go mbeidh comharthaí dátheangach curtha isteach sa stasiún, agus deireadh a chur ag caitheamh na Ghaeilge mar an crann crústa.