In Focus
Apr 29, 2025

Léirmheas ar “An Taibhse”

Chuaigh Selma Ćatibušić chun an chéad scannán uafáis trí Ghaeilge a fheiscint.

Selma Ćatibušić
blank

Bhí an deis agam dul chuig première scannáin An Taibhse ar an 25ú Márta, agus mar sin, bheartaigh mé léirmheas a scríobh faoi (nílim in ann mo smaointe a fhágáil istigh i m’intinn). Mura chuala sibh cheana is é An Taibhse an chéad scannán uafáis a eisíodh trí Ghaeilge go dtí seo. Mar fhocal foláirimh, a leitheoirí, ní saineolaí mé i scannáin uafáis, agus níos minice ná a mhalairt, ní thaitníonn scannáin uafáis liom in aon chor. Ach bhain mé an-sult as an scannán seo agus táim ar bís labhairt libhse faoi! 

 

Thosaigh an scannán seo mar thionscadal coláiste ag John Farrelly agus tar éis roinnt blianta ag cur feabhais ar an scéal agus é ag athrú é ó ghearrscannán go dtí scannán atá thart ar 90 noiméad, seasann An Taibhse amach mar scannán uafáis Gaelach. Suite faoin tuath in Éirinn san am díreach tar éis an Ghorta Mhóir, leanann an scannán fear, Éamon, agus a iníon, Máire, agus iad ag glanadh agus ag coimeád tí mór Seoirisigh i rith an gheimhridh. Teach an-stairiúil atá ann, agus cloistear fuaimeanna an tí, nó, b’fhéidir an taibhse a bhí ann, ag tús an scannáin. Má thaitníonn libh a bheith ag crith nó ag screadáil agus sibh i bhur suí sa phictiúrlann, ní gheobhaidh sibh seo as An Taibhse, ach beidh eagla oraibh ar aon nós.

ADVERTISEMENT

 

Leanann an scannán ar aghaidh agus an bheirt charachtar san áit uaigneach seo, ag obair go crua ar fud an lae. Ó thaobh na scannánaíochta de, bhí an fhoireann scannánaíochta saormhaith ag taispeáint cé chomh iargúlta is atá an teach seo agus é timpeall coillte ollmhóra gan teagmháil le héinne ar bith eile. Feicimid go luath nach bhfuil Máire go hiomlán sásta a bheith ann, agus í sáinnithe sa chistin ag déanamh béilí dá hathair gan chead aici dul istigh i leabharlann an tí. D’fhiafraigh sí dá hathair cathain a mbeidh siad ag dul ar ais go Béal Feirste, agus í ar ais ar scoil chun freagra neamhcinnte a fháil óna hathair.

 

Feicimid gnáthamh na laethanta sa gheimhridh crua seo, ach athraíonn rudaí lá amháin nuair a ghoideann Máire leabhar ó leabharlann an tí agus tar éis sin, gortaíonn a hathair é féin agus é ag gearradh adhmaid. Anseo amach, feictear Máire ag déanamh na hoibre ar fad agus í tuirseach traochta. Ag an am céanna, bhíodh Éamon ag ól ar fud an lae agus é ag gearán léi muna dhéanann sí gach rud i gceart. Tar éis sin téann cúrsaí i saol Mháire in olcas. 

 

Is cliste an teicníc é ‘taibhse’ a úsáid, bíodh sé fíor nó bréagach, chun plé a dhéanamh ar chúrsaí tí san am seo. Tar éis an Ghorta Mhóir, níl aon iontas go raibh fadhbanna fós ann maidir le bia, ach ag an am céanna, bhíodar ag streachailt le fadhbanna meabharshláinte mar thoradh ar chumha an ghorta. San am nuair atá Éaman istigh sa teach, feictear é ag ól an t-am ar fad agus ag imirt cluiche cláir ina aonar. Éiríonn sé níos crua ar Mháire agus é ag magadh fúithí nó ag gearán léi agus feicimid an méid olcais a bhualadh ar dhaoine mar gheall ar an alcól, agus na fadhbanna comhthéacsúil a bhaineann leis an am seo. Téann Éaman as a mheabhair, agus is dócha go bhfuil tú in ann a rá gurbh eisean an taibhse ó thús. 

 

Fiú mura thaitníonn scannáin uafáis leat, molaim duit féachaint ar an scannán seo. Cuirfidh sé as duit, ach is rud tábhachtach é agus muid ag déanamh plé ar scéalta a bhaineann i gcaoi amháin nó caoi eile ar stair na tíre seo. Bhí sé iontach tábhachtach téamaí faoi phlás agus drochíde na mban agus ciall a chailleadh mar gheall ar thráma an Ghorta Mhóir, uaigneas agus an alcól. Beidh sibh míchompórdach agus sibh ag feiscint ar an scannán seo ach is dócha go n-aontódh tú liom gur rinne an fhoireann scannánaíochta, léiriúcháin agus scríobhneoireacht léiriú iontach ar na téamaí seo. Is rud tábhachtach é scéalta na tíre seo a choimeád agus is níos tábhachtaí ná sin, ná hiad a choimeád in-ár dteanga dhúchais. 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.