Is iomaí na hathruithe atá tar éis teacht ar an oileán beag seo le blianta beaga anuas. Tá forbairt AI, athruithe sa domhan polaitíochta, agus an timpeallacht go léir chun tosaigh sna rudaí atá á phlé againn lá i ndiaidh lae. Is scéalta suimiúla, tábhachtacha iad ar fad, gan amhras. Áfach ní insítear na scéalta beaga, scéalta na ngnáthdhaoine. Céard faoi siopaí na mórshráide? Cad faoi na hóstáin beaga? Cad faoi na siopaí leabhar? Tá comhlachtaí beaga Éireannacha ag fáil bháis mar gheall ar thionchar na gcomhlachtaí móra ar nós Amazon.
Bhunaigh Amazon a láithreacht in Éirinn trína chéad oifig a oscailt i Meán Fómhair 2004. Ina dhiaidh sin, i mí Aibreáin 2006, d’oscail Amazon Ionad Seirbhíse do Chustaiméirí i gCorcaigh, agus i mí na Samhna 2007, seoladh “Amazon Web Services (AWS)” in Éirinn, a chéad réigiún bonneagair lasmuigh de na Stáit Aontaithe. Ba chéimeanna móra iad seo don chuideachta, ach níor tháinig “Amazon Ireland” i gcrích go dtí i bhfad níos déanaí. Faoi dheireadh, d’oscail an comhlacht a chéad lár-ionad in Éirinn i mí Mheán Fómhair 2022. De réir The Irish Times, tá an áis 630,000 troigh cearnach lonnaithe i bPáirc Gnó Bhaile Átha Cliath agus tá 500 post nua cruthaithe aige . Coinníonn an t-ionad seo na milliúin earra le piocadh, pacáil agus seoladh chuig custaiméirí ar fud na hÉireann agus na hEorpa, ag soláthar amanna seachadta níos tapúla, lena n-áirítear seachadadh aon lae ar go leor earraí. Fós, bhí orainn earraí a aimsiú ar shuíomhanna Amazon i dtíortha eile, agus bhí orainn costais loingseoireachta arda a íoc freisin. I mbliana, áfach, sheol Amazon a shuíomh gréasáin Éireannach, “Amazon.ie”, ag tairiscint breis agus 100 milliún táirgí le phraghsáil thrédhearcach agus roghanna seachadta níos tapúla. Ach cad iad na himpleachtaí ar ár tsochaí, ach go háirithe ar na siopaí leabhair?
Ní scéal maith é in aon chor. Tá siopaí leabhair ag dúnadh ar fud na tíre sna céadta. Níl siad in ann bheith iomaíoch le chorparáid chomh mor, chomh domhanda le hAmazon. Cé gur rud maith é an comórtas de ghnáth, níl sé sa chás seo, mar níl an comórtas seo cothrom in aon chor. Tá Amazon níos áisiúla ar fad. Tá saol formhór na ndaoine sa lá atá inniu ann chomh gnóthach, agus tá sé i bhfad níos éasca rudaí, ar nós leabhair, a aimsiú ar líne. Is é Amazon réiteach ar fhadhb an tsaoil cruógach. Ach ní smaoinítear ar thorthaí ár ngníomhartha. Agus tuigim. Tuigim go bhfuil sé níos easca leabhair a lorg ar líne. Tuigim nach mbíonn ort compord do thí féin a fhágáil, b’fhéidir nach mbíonn ort fiú do tholg féin a fhágáil. Tuigim go bhfuil gach aon leabhar agus gach aon eagrán ar fáil ar Amazon sa lá atá inniu ann. Tuigim go mbeidh an pacáiste ar do dhoras an lá dar gcionn, nó fiú níos déanaí sa lá ceánna. Fós, tá dualgais orainn mar dhaonra na tíre seo tacú leis na siopaí níos lú, níos áitiúla.
Is minic a bhíonn siopaí beaga leabhair i gcroílár na sráidbhailte beaga tuaithe Gaelacha. De bharr ardú sa tóir ar Amazon, táimid ag fáil réidh leo agus mar sin ag cailleadh cuid de draíocht na mbailte Éireannacha seo. Trí tacú le chorparáidí móra idirnáisiúnta ar nós Amazon, ní postanna amháin atá á gcailleadh ag lucht na tíre, ach tá cultúr á gcailleadh againn freisin. Bíonn ar shiopadóirí anois i bhfad níos mó iarrachta a chur isteach chun an doras a choimeád oscailte. Is dócha go mbeidh oraibh ar fad airde a dhíriú ar rudaí nach bhfuil ar fáil ar shuíomh idirlíne: seirbhís do chustaiméirí. Cé gur áis iontach é Amazon, níl aon teagmháil daonna ann. Caithfidh siopaí leabhair leas a bhaint as an gné seo a bhfuil acu, nach bhfuil ag a n-iomaitheoir.